4 phroinnteach ar leith i Vársá
Cá n-íosfaidh tú?

An mhí seo caite thug Seanán Ó Coistín léargas dúinn ar iontais phríomhchathair na Polainne. Anseo cuireann sé síos ar cheithre chaifé agus bialann ar chóir duit cuairt a thabhairt orthu agus tú ann!


Kawiarnia Kafka

Kafe-Kafka

Caifé deas ar leith é seo i gceantar na hOllscoile inar féidir suí ar chathaoireacha ar fhaiche lasmuigh trasna na sráide ón gcaifé féin, iontach ar lá breá gréine!

Cuirtear béim ar léitheoireacht anseo chomh maith agus tá riar maith leabhar ar fáil ar leabhragán mór laistigh.

Tabhair ordú don fhoireann agus tiocfaidh freastalaí amach chugat ar an bhfaiche le do bhia nó deoch.

Is bealach deas seo chun do scíth a ligean, béile a chaitheamh agus blaiseadh a fháil d’atmaisféar na cathrach.

kawiarnia-kafka.pl


Podwale 25

Podwale

Tá an bhialann thraidisiúnta seo suite i lár na cathrach, gar don seanbhaile.

Is cuid suntais í go bhfuil seanghluaisteán suite sa bhealach isteach.

Caitheann na freastalaithe gúnaí sean-nósacha le dathanna uaine agus bán.

Bia dúchasach solamarach ar nós alt muiceola, lachan nó breac atá uait? Seo an áit duit.

Tá réimse leathan bia ann mar sin bíodh muinín agat agus roghnaigh rud éigin nár ith tú riamh cheana.

podwale25.pl


Szpilka

Szpilka

Nuair a bheidh ocras ort tar éis bheith ag ól agus ag damhsa, agus buaileann fonn ort cuid na maidine a ithe ag 3rn, téigh chuig Café Bar Szpilka ar Plac Trzech Krzyży.

Is féidir bricfeasta a ordú i ndomhan na hoíche mar go bhfuil an caifé seo ar oscailt 24 uair a chloig.

Is áit nua-aimseartha seo le troscáin nua agus pictiúir nua-aoiseacha ann.

Tá suíocháin agus boird lasmuigh ar an gcosán mar sin is féidir suí lasmuigh más fearr leat.

Facebook Szpilka


Level 27

level-27

Tá neart áiteanna chun dul ar an ragairne i Vársá – go háirithe sa Stare Miasto agus Nowe Miasto agus sna sráideanna le hais Krakowskie Przedmiescie – ach níl ach ceann amháin ann a thabharfaidh radharc faoi leith ón spéir ar an gcathair duit.

Sin í Level 27.

Is deochlann nua gan díon í atá lonnaithe ar an 27ú urlár d’fhoirgneamh ard darb ainm Millenium Plaza ag Plac Zawiszy agus Aleje Jerozolimskie.

Mar aon leis an radharc iontach ar Vársá atá le fáil uaidh, tá club oíche taobh istigh a mbíonn an-tóir air.

Lasmuigh tá grianán le dhá bheár, suíocháin agus crannóg don DJ.

Caithfear íoc chun dul isteach agus níl na deochanna saor ach tá an radharc agus an ceol go maith.

level27.pl

Fios Feasa ar Vársá