5 Nod ó Nóibhíseach
turas trastíre

Chonaic muid ar fad iad, inniu nó inné! ‘Rothaithe an Lycra’, fir mheánaosta don chuid is mó a bhíonn amuigh ag dathú bhóithre na tíre. Seo dream a chaitheann airgead mór ar an fhearas is nuálaí dá bhfuil ann agus go leor ama ag caint mar gheall air.

Idir an rothar féin, threalamh agus chulaith, ní chuirfinn locht ar dhuine ar bith a cheapann go mbeadh barraíocht infheistithe le déanamh chun tabhairt faoi thuras rothaíochta trastíre.

Ach ní mar atá a chairde, mar a mhínigh Micheal Quille le NÓS, nóibhíseach rothaí atá ag déanamh a bhealach ó Chiarraí go Dún na nGall.

Seo 5 nod a rachaidh i bhfeidhm ar éinne atá ag iarraidh a n-aghaidheanna a thabhairt ar aistear eachtrúil bóthair.


1. Fearas

Ná caith airgead ar fhearas nach gá a cheannach. Sin ráite, tá cúpla rud riachtanach ar fiú airgead maith a chaitheamh orthu. I ndiaidh rothar fóirsteanach, veist shofheicthe agus clogad, ar bharr an liosta tá péire brístí gearra boga.

Cé nach mbronnfar duais stíle ort ar do bhealach tabharfaidh siad cosaint iontach don tóin. B’fhiú malaí uiscedhíonacha painnéir ar ardchaighdeán a fháil chomh maith le do chuid éadaí a choinneáil tirim.

Ar na rudaí eile a mholfainn, tá bosca beag uirlisí ionas go dtig leat do bhonn a dheisiú más gá, a bhfuil uirlis ilúsáide, feadán, teannaire agus lúb sa bhreis don slabhra istigh ann.

shorts crop


2. Uiscedhíonadh

Bí ag súil go n-éireoidh tú fliuch.

Anuas ar mhalaí uiscedhíonacha painnéir a fháil, is féidir iarrachtaí beaga a dhéanamh a dhéanfaidh rudaí níos fearr nuair a thagann an bháisteach. Tabhair leat clúdach plaisteach A4 agus cuir léarscáileanna agus bileoga eolais istigh ann.

Cuir ort cóta báistí, tá sé tábhachtach do cholainn a choinneáil te teolaí agus tirim. Ná bac le bríste uiscedhíonach. Mholfainn bríste gearr gach lá ar an rothar, i rith an tsamhraidh ach go háirithe. Tromaíonn cosa breá gasta!

Wet-weather-jackets


3. Bia

Tabhair leat bosca lóin aerdhíonach agus scian phóca. Úsáid barr an bhosca lóin mar a bheadh clár mionghearrtha ann. Is nós liom cúpla earra blasta a thabhairt liom don turas.

Oibríonn chorizo, oinniún dearg agus cáis go maith i mbéile pasta, ríse nó i gceapaire.

Beidh deis agat sa bhrú óige béile blasta a hullmhú, ar féidir leathchuid a ithe an lá dár gcionn don lón chomh maith.

Bíodh cinnte agus cuairt a thabhairt ar chaiféanna, ar bhácúis agus ar shiopaí áitiúla chomh maith. Tabharfaidh builín aráin úir le píosa cáis áitiúil fuinneamh sa bhreis duit leanúint ar aghaidh.

cheese and bread


4. Meon 

Bí ag súil go nglacfaidh sé roinnt laethanta dul i dtaithí ar shaoire rothaíochta agus tú ag tosú amach.

Ná bí faoi dheifear, ná bí buartha faoi na cinntí a dhéanann tú, bealach amháin a thógáil in áit bealach eile. Ciúnóidh callán na hintinne i ndiaidh tamaill.

Leat féin nó le comhluadar, beidh thuas seal thíos seal ag baint le do thuras. Buailfidh tuirse thú, beidh tú in ísle brí, anama eile beidh tú lán fuinnimh agus ardspionn ort! Glac leis gur sin mar atá agus mar a bheas!


5. Coinnigh dialann

. . . chun ainmneacha na mbácús agus na gcaiféanna is blasta bia a bhreacadh síos!

. . . chun comhluadar a chruthú nuair is mian leat do chuid smaointí a roinnt.

. . . chun nótaí beag a ghlacadh de na rudaí a bheadh úsáideach don chéad turas eile.

. . . chun cuimhní cinn a chothú níos fearr ná grianghraif ar bith.

journal