5 sheoid san ardchathair
laochra faoi thalamh, seandrioglann Jameson agus fianna fiáine!

Suite ar bhéal na Life, is cathair spleodrach í Baile Átha Cliath a bhfuil éagsúlacht agus saibhreas ilchultúrtha go mór le brath inti.

Idir cheol beo, scoth na siopaí, bhialanna blasta, thurais agus thaispeántais, is iomaí seoid atá ar fáil sa phríomhchathair chun cuairteoirí a tharraingt chomh fada léi agus le muintir na cathrach a shásamh.

Tá fios a cheirde ag Maitiú Ó Cribín, a reáchtálann turais threoraithe sa chathair, faoina bhfuil ar fáil agus bhí sé sásta 5 sheoid a roinnt linn, a rachadh i bhfeidhm ar chuairteoirí agus ar mhuintir na cathrach ar aon.


1) Reilig Ghlas Naíon

glasnevin

Muna raibh tú ann riamh, gabh.

Tá níos mó daoine faoi thalamh sa reilg fhairsing stairiúil seo ná mar atá daoine beo beathach ag cur fúthu sa chathair inniu.

Ó 1828, cuireadh níos ná na 1.5 milliún duine sa reilig iomráiteach, ina bhfuil idir mhóruaisle agus chosmhuintir na hÉireann curtha, ina measc Roger Casement, Mícheál Ó Coileáin, Constance Markievicz, Brendan Behan, Luke Kelly agus Daniel O’Connell.

O’Connell féin a bhí taobh thiar de bhunadh na reilige i nGlas Naíon chun freastal ar na marbháin uile, beag beann ar reiligiún.

Tá scéal na hÉireann le beagnach 200 bliain anuas ar fáil faoi thalamh i nGlas Naíon agus é á inse ag na treoraithe iontacha atá ag obair ann.


2) Ard-Eaglais Naomh Pádraig

st patricks coir

Don té a bhfuil cíocras orthu dul níos faide siar sa stair, b’fhiú cuairt a thabhairt ar an séipéal is mó sa tír, Ard-Eaglais Naomh Pádraig.

Bunaíodh in 1191 é agus fiú murach duine mór séipéil thú, tá ábhar iontais go leor ann.

Is ann a fhaightear scéal Naomh Pádraig i bhfoirm pictiúir ar fhuinneoga na hardeaglaise, uaigh Jonathan Swift, pearsa mór de chuid na 18ú haoise agus breis agus 200 léacht cuimhneacháin eile.

Bhí sochraid Dubhghlas de hÍde, polaiteoir agus laoch mór an Chonartha, sa séipéal céanna.

Sochraid cháiliúil ar níos mó ná bealach amháin mar gur fágadh na hairí rialtais Chaitliceacha – an chuid is mó den pharlaimint – amuigh le linn an tsearmanais.

Sa lá inniu, cuirtear fáilte roimh gach éinne!

Gabh isteach san iarnóin idir a 5.30-6.00in agus cloisfidh tú Cór na hArdeaglaise, atá ag ceol ann gach lá ó bhí 1432 ann!


3) Príosún Chill Mhaighneann

Kil

Bhí an tÉireannach Aontaithe, Henry Joy McCracken, ar dhuine de na chéad náisiúnaithe iomráiteacha chun seal a chaitheamh i ngéibheann i gCill Mhaighneann thiar in 1796, an bhliain a bunaíodh an príosún.

Sna blianta a tháinig ina dhiaidh, shiúlfadh Robert Emmet, Pádraig Mac Piarais agus liosta mór fada de laochra sa ghluaiseacht náisiúnach fríd gheataí an phríosúin.

Trí scéalta na bpríosúnaithe a fhaightear tuiscint ar leith ar an stair, mar atá an bheirt – Grace Gifford agus Joseph Plunkett – a phós ann ar an 3 Bealtaine 1916, uaireanta sular cuireadh Plunkett chun báis.

Tá litreacha, pictiúir agus cuimhneacháin eile ó na príosúnaithe a d’fhág siad ina ndiaidh le feiceáil ann chomh maith.

Siúlaigí isteach sna cillíní, agus leag do chos ar an áit chéanna ar sheas na laochra tráth.


4) Páirc an Fhionnuisce

deer

Ceantar tuaithe álainn i lár na príomhchathrach is ea í Páirc an Fhionnuisce, atá ar cheann de na páirceanna is mó san Eoraip.

Idir dhúnmharaithe, shaolta na mór-uaisle a chónaigh ann agus cheolchoirmeacha móra, is cinnte go mbeadh scéalta go leor le hinse ag na crainn dá mbeadh an cumas cainte acu, agus iad mar fhinné ar imeachtaí na páirce ag síneadh siar sna cianta.

Bhí an pháirc ina reilig mhór Lochlannach tráth, an uaigh Lochlannach is mó taobh amuigh de Chríoch Lochlannach féin, deirtear.

Ó thaobh ainmhithe agus dúlra de, meastar go bhfuil 50% de na mamaigh agus 40% de na héin a fhaightear go coitianta in Éirinn ar fáil sa pháirc agus má tá an t-ádh ort leagfaidh tú súil ar na fianna, atá ann ó cuireadh ann iad sa 17ú haois le seilg.

Áit iontach le haghaidh ceolchoirmeacha, picnicí, agus siúlóidí, ní nach ionadh go bhfuil an-tóir ar an pháirc i measc turasóirí, go háirithe muintir na Síne, a bhfuil de nós acu rolladh síos le fána ag leacht cuimhneacháin Wellington!

Tá sé feicthe agam níos mó ná uair amháin!

Is ann chomh maith atá Áras an Uachtaráin, áit a mbeidh Mícheál D. Ó hUiginn ag cur fáilte roimh ionadaithe éagsúla ó phobal na Gaeilge amárach dála an scéil!


5) Cobblestone, Seandrioglann Jameson agus Margadh na gCapall 

Cobble

Is cinnte go mbeidh tart ort i ndiaidh a bheith ar cuairt ag na tarraingtí thuas agus is iontach an áit í an Cobblestone, i Margadh na Feirme, chun an tart a shásamh.

Mar aon le sárphiontaí Guinness, bíonn scoth na seisiún ceoil ar siúl gach oíche den tseachtain, a mbíonn ceoltóirí traidisiúnta as chuile chearn den tír ag casadh ann.

Is minic margaí ar an chearnóg go fóill ag an deireadh seachtaine, ach ag tús mhí an Mhárta bíonn margadh mór capall an lucht siúil á reáchtáil, a tharraingíonn go leor cuairteoirí i gcónaí.

Más suim leat eispéireas éagsúil bhlaiseadh fuisce a bheith agat, bígí cinnte agus cuairt a thabhairt ar shean-drioglann Jameson, ar Shráid Bowes, atá i bhfad níos fearr ná grúdlann Guinness!


Más maith leat turas treoraithe a eagrú le Maitiú Ó Cribín i nGaeilge, cuir scairt air ar 0851373006