Abair é, le IconSpeak
T-léine ilteangach don domhan uile!

Tá dúil mhór againne anseo in oifigí NÓS sa taisteal agus sa dúshlán a bhaineann le teangacha nua a fhoghlaim agus tú thar lear.

Molann muid i gcónaí triail a bhaint as an teanga áitiúil nuair atá tú i dtír úr ach bhí rud éigin tarraingteach faoin choincheap seo a thug orainn insint daoibh faoi.

Is t-léine é IconSpeak ar a bhfuil 40 deilbhín aitheanta agus is é an smaoineamh atá ann ná gur féidir leat na deilbhíní a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh nuair atá tú i bponc.

Leithreas uait? Sín do mhéar ar íocón an leithris.

Caithfidh tú do charr a thabhairt chuig an mheicneoir? Tá deilbhín ann do gharáiste.

Leaba de dhíth ort don oíche? Tá íocón ann lena aghaidh sin chomh maith.

iconspeak-2

Triúr as an Eilvéis – George, Steven agus Florian – a tháinig aníos leis an ‘teanga’ seo tar éis dóibh bheith ag taisteal i Vítneam.

“Is minic a bhí deacrachtaí cumarsáide idir muid féin agus muintir na háite ach sháraigh muid na fadhbanna trí chomharthaí, siombailí agus íocóin a tharraingt ar pháipéar, ar léarscáil nó fiú ar an talamh,” arsa siad.

“Shíl muid go mbeadh sé iontach dá mbeadh foireann nó sraith riachtanach deilbhíní ann a d’fhéadfadh le haon duine a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh le daoine eile nach raibh an teanga chéanna acu, pé áit ar domhan.”

iconspeak-3

Is mar sin a tháinig IconSpeak ar an saol agus, cé go mb’fhéidir go mbeadh cuma treoirleabhair ort agus tú ag caitheamh na t-léine, ní olc an coincheap é!

Tuilleadh eolais ar iconspeak.world

iconspeak-4