An Campálaí Sona
An bhfeicfear a leithéid ag Féile na Gealaí i mbliana?

An bhfaca sibh an veain champála chúláilte seo?

Má bhí sé ar intinn agat slán a fhágáil ag cúrsaí oibre don samhradh agus tabhairt faoi thuras bóthair timpeall na tíre, beidh fonn níos mó ná riamh ort.

Cé go bhfuil spraoi de shórt ag baint le bheith i do chodladh i bpuball, gan ach brat plaisteach idir tú féin agus na réaltaí, samhlaímid in oifigí NÓS go mbeidh am níos compordaí agat sa veain bheag ghleoite seo, ar a dtugtar an ‘Happier Camper 1’.

Is teacht le chéile iontach atá sa dearadh snasta seo, a bhfuil cuma na sean-ré air, idir carbhán a cheanglaítear le carr agus veain champála.

Anuas ar an chuma aoibhinn atá air, tá meáchan 498.9Kg ann, rud a chiallaíonn gur féidir le carranna beaga é a iompar thart.

Ní bheadh a fhios agat, seans go bhfeicimid duine de na Gaeil ag Féile na Gealaí i mbliana i gceann de na veaineanna campála seo fós.

Tharla rudaí níos aistí agus níos iontaí roimhe a chairde!

Amharcaigí ar an fhíseán seo, agus abair linn mura bhfuil sibh iomlán meallta aige.