Ar lorg Chaoimhín Naofa i sléibhte Chill Mhantáin…

An t-earrach seo caite, shiúil mé ó St-Jean-Pied-de-Port i ndeisceart na Fraince go Santiago de Compostela sa nGailís, ar an oilithreacht is cáiliúla san Eoraip – Conair Shéamuis Naofa. An samhradh roimhe, chuaigh mé ar mo rothar ó Bhaile Átha Cliath go Sliabh Oilimpeas na Gréige, ar oilithreacht phearsanta, is dóigh.

Bheartaigh mé i mbliana eolas níos fearr a chur ar mo thír féin agus sprioc a bhaint amach idir seo agus deireadh na bliana — cosáin oilithreachta na hÉireann a shiúil agus turas timpeall na tíre ar an gcapall iarainn a dhéanamh. 

Fanfaidh mé ar an dea-aimsir, má thagann sí riamh, leis an turas mór rothaíochta a dhéanamh an samhradh seo, ach chuir mé tús an tseachtain seo caite leis an misean eile agus thug mé cos ar Shlí Chaoimhín i gCill Mhantáin.

Go Gleann Dá Loch i gCill Mhantáin linn, mar sin, áit ar fhág mé mo charr i gcarrchlós an ionaid turasóireachta (mholfainn do dhuine eile áit shaor in aisce a aimsiú in áit eile mar dúnfaidh an carrchlós ag 18.00). Isteach linn i gcarr a dó, agus siar ó thuaidh go Cillín Chaoimhín, baile beag ar imeall an chontae mar ar chaith Caoimhín naofa tréimhse dá shaol sular thug sé aghaidh ar an ngleann cáiliúil.

Deirtear linn go mbíodh oilithrigh ag tarraingt ar an mbaile le fada agus iad ar an mbealach don mhainistir i nGleann Dá Loch, ach tá mé féin in amhras faoi cé chomh stairiúil is atá an oilithreacht áirithe seo.

Má tá tú ar lorg an teastais, faigh do stampa sa gcaifé beag i lár an bhaile, áit a dtabharfar treoir duit faoi thús an chosáin. Leanfaidh tú ‘coiscéimeanna na n-oilithreach’ trí gheata geal dearg agus garraí mór glas — tús maith.

Faraor, ní bheidh tú i bhfad ar an gcosán beag páirce sin, ní fada go gcaitear amach ar bhóthar beag tuaithe thú agus tamaillín ina dhiaidh sin ar phríomhbhóthar tuaithe — carranna, busanna agus trucailí ag dul tharat ar luas 80km/u ar feadh cúpla ciliméadar. Fiú nuair a éalóidh tú ón mbóthar mór, beidh tú ar bhóthar do charranna fós ar feadh roinnt mhaith ciliméadar eile sula dtabharfar ar chosán féir trí fheirm thú agus thar abhainn isteach go tailte an stáit.

Tá sé deacair a chreidiúint gur ar na bóithre seo a thagadh na hoilithrigh, agus tugann na comharthaí móra No Trespassing le fios gur ceist talún í dáiríre. Is mór an trua nach bhfuil cibé cén feirmeoir ar leis na garrantaí in aice láimhe sásta daoine a shábháil ó bhóthar mór contúirteach. 

As sin amach, áfach, tagann athrú mór ar Shlí Chaoimhín, agus is cosán an-deas trí choillte agus thar shléibhte i dtreo Ghleann Dá Loch. Tá obair ar bun i gcúpla áit an cosán a tharraingt anuas ón bpríomhbhóthar, ach níl na bealaí sin oscailte go hoifigiúil go fóill.

Trí Ghleann Dasáin — tríd an mbaile tréigthe, cois Abhainn an Rí, agus thar thithe beaga tearmainn na heaglaise — a thabharfadh Slí Chaoimhín thú don chúpla ciliméadar deireanach sula gcaithfear amach in aice leis an tseanreilig agus an cloigtheach i nGleann Dá Loch thú.

Is féidir stampa an teastais a fháil san ionad turasóireachta, mura bhfuair tú ag tús an bhealaigh é, agus is fiú i gcónaí am a chaitheamh ag spaisteoireacht timpeall an Ghleanna — ach tar éis 30km de shiúl sléibhe bhí muide tugtha agus chuaigh caol díreach chuig an gcarr.

Tá cuid de Shlí Chaoimhín go han-deas, ach an tslat tomhais atá agam do rudaí mar seo ná “an mbeadh mé sásta gasúir a thabhairt ar an mbealach seo” agus an freagra macánta air sin ná “ní bheinn, ná baol air”. Mholfainn gan dul chomh fada le Cillín Chaoimhín go dtí go mbogtar an cosán oifigiúil ón mbóthar mór, agus tosú ag an gCrois, baile eile atá níos gaire do Ghleann Dá Loch.

Molaim iarrachtaí mhuintir Chillín Chaoimhín teacht i dtír ar an gcosán ach ní bheidh mé ag tosú ar an mbaile beag gleoite sin arís.