Ar lorg Phádraig Naofa i ndeisceart Mhaigh Eo…

Bheartaigh mé ag tús na bliana eolas níos fearr a chur ar mo thír féin agus cosáin oilithreachta na hÉireann a shiúl. D’éirigh liom i mí Feabhra Slí Chaoimhín, ó Chillín Chaoimhín go Gleann Dá Loch, a shiúl ach chuir an víreas corónach deireadh le mo phleananna taisteal go Ciarraí, Corcaigh agus Maigh Eo leis na ceithre chosán eile a leanacht. 

Domhnach na Cruaiche a bhí ann an deireadh seachtaine seo caite, áfach, agus cead anois againn taisteal ar fud na tíre arís. Bheartaigh mé geábh a thabhairt siar go Baile an Tobair agus an mhainistir álainn atá acu ann le Pádraig naofa a leanacht trí Mhaigh Eo dá chnoc beannaithe ar bhruach an Atlantaigh Fhiáin. 

Tá Cruach Phádraig féin dreaptha agam ceithre huaire cheana: uair amháin cosnochta ar son GOAL, arís le cairde, mar chuid den rása eachtraíochta Gaelforce West, agus arís eile le cara Gael-Cheanadach ar theastaigh uaidh an oilithreacht náisiúnta a dhéanamh. Ach bhí mé ar bís tabhairt faoin ‘oilithreacht cheart’ agus an 35km ó Mhainistir Bhaile an Tobair go Muraisc a chur díom. 

Caithfidh mé a admháil go raibh sé thar a bheith deacair. Shiúil mé iomlán an Camino i dtuaisceart na Spáinne anuraidh, agus níl drogall orm a rá go raibh Tóchar Phádraig níos dúshlánaí ná mar a bhí lá ar bith a rinne mé ar Chonair Shéamuis Naofa.

Tá tuairim is 31km de shiúl le cur isteach ag an oilithreach sula mbaintear bun an chnoic amach agus ansin caithfear tabhairt faoin dreapadh féin. An té a bhfuil taithí aige ar an sliabh, tuigfidh sé go bhfuil an méid sin féin dúshlánach go maith, gan chaint ar an siúlóid roimhe! Faoin am a bhain muid an cosán go gualainn an tsléibhe amach, bhí muid tugtha traochta. 

Conair thar a bheith stairiúil é Tóchar Phádraig — cosán atá níos sine ná mar atá Easpag Éireann féin. Meastar gur leagadh na leaca eabhair ó Ráth Chruachan Chonnacht go Cruachán Aille, mar a thugtaí ar an gcnoc roimh theacht na Críostaíochta, thart ar chéad bliain sular leag Pádraig a choisín Bhreatnach ar thalamh na hÉireann. 

Tá cuid de na leaca sin le feiceáil fós ar an mbealach agus, go deimhin, chabhraigh siad linn cúpla uair an cosán ceart a aimsiú sa gcriathrach. Ar ndóigh, níltear ag súil go n-aimseoidh oilithrigh an lae inniu an bealach trí leaca atá 1,600 bliain d’aois a leanacht, agus tá obair mhaith déanta ag lucht na mainistreach agus ag na húinéirí talún le muid a threorú go ceann scríbe. 

Sníonn an Tóchar go cothrom réidh trí chriathraigh, choillte, agus mhachairí Mhaigh Eo, an cnoc beannaithe féin ag stánadh anuas ar an oilithreach an chuid is mó den bhealach. Tá comharthaí adhmaid agus cloiche ann, chomh maith le dreapaí a bhfuil Crosaire Phádraig orthu, agus pointí eolais an dá fheidhm acu — eolas a thabhairt faoin áit a bhfuil tú, agus leid a thabhairt duit cén áit le dul. 

Agus an cosán á leanacht agamsa i mbliana, bhí roinnt mhaith deacrachtaí agam an bealach ceart a aimsiú mar gheall ar an bhfás mór a bhí déanta ag an bhféar, na sceacha, agus na driseacha ar feadh an bhealaigh. Cuireadh na hoilithreachtaí oifigiúla ar ceal mar gheall ar an víreas corónach, agus dá bharr sin níltear ag tabhairt aire don bhealach mar a thugtaí blianta eile. Tá cuid de na comharthaí leagtha nó briste, agus tá an féar chomh fada sin in áiteacha nach féidir an bealach a dhéanamh amach. Níl locht ar bith ar mhuintir na Mainistreach, ar ndóigh —  an chomhairle oifigiúil atá ann i mbliana ná go bhfuil an bealach dúnta agus ní bheadh mé ag súil go mbeadh siad amuigh ag gearradh driseacha. 

Bhí Tóchar Phádraig i bhfad níos taitneamhaí ná mar a bhí Slí Chaoimhín i gCill Mhantáin, agus mholfainn go mór do dhuine ar bith a dtaitníonn siúlóidí fada leis é a dhéanamh. Achar 35km atá i gceist, agus sliabh mór dúshlánach ag an deireadh. Rinne mé féin in aon lá amháin é, ach dá mbeadh mé á dhéanamh arís, is cinnte go stopfainn thar oíche in Achadh Ghobhair agus an cnoc a fhágáil go dtí an dara lá.