Ar Strae i San Fran
Turas lán spraoi i seoid na Calafóirne

Bhí eispéireas ar leith ag fear na Ceathrún Rua, Eoghan Ó Loideáin, i gCathair Naomh Proinsias. Seo a scéal…


Tá sé chomh deacair Éireannach a aithneachtáil i measc slua thar lear is atá sé cás bréagaitheanta a dhéanamh idir Clint Eastwood agus Georgia Salpa s’againne, agus í suite ar do ghlúin ag cniotáil geansaí duit!

Bheadh, bíonn agus bhí beirt leaid as Conamara níos so-aitheanta fós.

Thug an bheirt Nósadóir seo fúthu dul chomh fada le cósta thiar Mheiriceá sa tóir ar chultúr, cailíní agus craic. Gan againn ach máilín an duine agus cúpla dollar eadrainn, chroch muid seol ón bhfuacht i mBaile Átha Cliath agus taobh istigh de lá bhí muid curtha in aithne do theas na gréine thall i San Francisco.

Bhí 11 lá amach romhainn agus neart éagsúlachta le feiceáil i gCathair an Cheo. Chomh luath is a leag muid cos ar thalamh ann céard a rinne muid ach súil a chaitheamh ar an teach tábhairne is gaire agus is Éireannaí don aerfort, Fiddlers Green i gceantar Millbrae.

Ar ndóigh is piontaí uisce agus greim le n-ithe a bhí ar intinn againn agus sin amháin. Ní fear mé a mbíonn mórán suime aige cuairt a thabhairt ar áiteacha ‘Éireannacha’ thar lear ach is é mo ghoile a rinne mo chinneadh dom an lá seo. Agus buíochas le Dia go ndearna.

Ba é ‘Fiddlers’, mar b’fhearr aithne air tar éis cúpla lá, ár dteach tábhairne áitiúil. Is nós láidir a bhíonn againn dul a’ mheascadh le muintir ‘siar an baile s’againne’ agus muid ar saoire agus is iontach an méid Éireannach ar féidir teacht orthu thar lear san áit cheart.

Baile as baile

Ba í Karen as Áth Luain a chuir an chéad (míle) fháilte ollmhór romhainn agus a bhí mar mháthair uchtála againn gach uair a raibh pionta beag ‘uisce’ uainn. Fiú go bhfuil sí thall breis is scór bliain, níl athrú ar bith tagtha ar an gcanúint ná an gáire mealltach atá aici.

B’shin é an scéal céanna ó roinnt mhaith de na sean-leaids sa teach tábhairne. Beidh tuilleadh ó Karen agus an rang Gaeilge ar fhreastail muid air thall níos déanaí…

Bhuail muid le freastalaí darbh ainm Megan san áit chéanna. Tar éis ceiliúr pósta a chur uirthi, faoi dhó, inar dhiúltaigh sí mé, faoi dhó, shocraigh muid ar chairdeas amháin.

Ba í Megan duine de na Meiriceánaigh seo a chinntigh linn go raibh sí ‘Éireannach’, agus tar éis beagán fiosraithe – agus íde béil óna hathair faoin dá cheist a chuir mé uirthi níos tuisce – fuair mé amach gur fear as Tír Eoghain ab ea é agus cónaí air thall ar feadh na mblianta. Ní hí Megan amháin a d’impigh orainn go raibh fuil ghlas aici.

Feiceann sibh féin é agus sibh ag labhairt le turasóirí sa tír seo. Inseoidh siad dúinn an scéal faoina n-athair a bhí gaolta lena mháthair ina raibh sean-deartháir na máthar leo ag obair i monarcha ‘Tayto’ fadó i rith an Ghorta Mhóir agus ionadh an domhain orthu nach bhfuil Pas na hÉireann acu fós.

Is í an cheist atá agam féin ná:

Cén chaoi sa diabhal a ndéarna an tírín beag atá againn toirchiú ar chuid mhaith tíortha ar domhan? Níl mé ag gearán, níl orm ach faitíos go mbuailfidh mé le col naonúir liom i ngan fhios dom amach anseo!

san-fran-ha

Ag bualadh na sráideanna

Trí lá caite ar ár sáimhín só agus bhí sean-aithne againn, bhí sé chomh maith agat a rá, ar chroílár San Fran. Agus ticéad luach deich lá de bhus nó traen ar bith sa gcathair inár ngleic againn, níorbh fhéidir muid a stopadh.

Ó Shráid Powell go Haight-Ashbury agus chomh fada amach leis an nGeata Óir, bhí an chathair ag dul i gcion orainn níos mó ná stumpa ar bith a bhuail muid leo go dtí sin.

Ós rud é go bhfuil bealach maireachtála agus meon an-suaimhneach ag cuid mhaith de mhuintir San Fran, thug muid le fios go raibh sé ag dul i bhfeidhm orainn féin agus muid thall ar nós púdar draíochta a bhí muid ag blaiseadh.

Lá amháin agus muid ar an mbus chuig Haight-Ashbury (ceantar na hipithe) thosaigh mé ag labhairt le cailín, ‘Megan’ eile mar a tharlaíonn sé – ainm fíor-choitianta thall, bhuail muid le timpeall deichniúr acu agus muid ann!

Chuir sí in iúl dom gurb é a breithlá a bhí ann an lá roimhe, 21 bliain d’aois, agus go raibh sí ceaptha bualadh le cara léithe chun é a cheiliúradh ach nár bhac an cara teacht ar deireadh. Le cúnamh ó dhaoine eile ar an mbus shocraigh mé ‘Lá breithe sona duit’ a chanadh di.

Seachas an fear a scread gur cheart go mbeinn spochta, bhí an-chraic againn leis na daoine áitiúla agus bhí cailín amháin beagáinín níos sásta lena lá!

Ag déanamh tagairt bheag do na mná thall, ó mhac go deo nach i Meiriceá atá na sármhainicíní fairsing. Ní hé go bhfuil mé ag cáineadh na gcailíní s’againne ach, cosúil linn féin thall, ní thagann lucht leanúna Obama ar cuairt anseo chun ‘McDonald’s’ nó ‘Bud Light’ a bhlaiseadh… má thuigeann tú leat mé.

Ní orainn a bhí an locht nuair a fiafraíodh dúinn cúpla uair in aghaidh an lae, “An as Éirinn díobh!?” agus miongháire ar a n-aghaidheanna. Céard a d’fhéadfadh muid a rá seachas, “M’anam gurb ea a leana, m’anam gurb ea!”

san-fran-droichead

Tréimhse i bPríosún

Nuair a thug muid cuairt ar Alcatraz ní raibh an bheirt Nósadóir seo ag súil le tuirlingt siar chomh fada leis na seascaidí, ach sin mar bhraith sé mar nár athraigh an áit mórán ó shin.

Ábhar suime d’aon chuairteoir chuig an gcathair é an príosún míchlúilteach seo agus is fiú lá a chur ar leataobh dhó amháin.

Is deacair an áit a shámhlú lán le príosúnaigh leis an méid daoine a bhíonn timpeall ort ann agus is deacair fós a chreidiúint an méid pleanála agus oibre a rinne an triúr príosúnach, Clarence agus John Anglin agus Frank Morris, a d’éalaigh ón ‘Leac’ i mí an Mheithimh 1962.

Tá an oiread clú agus cáil ar an scéal faoin éalú seo go ndearna an comhlucht léiriúcháin ‘Paramount’ scannán faoi in 1979 leis an bpríomhról léirithe ag an réalt ollmhór, Georgia Salpa, mo leithscéal, Clint Eastwood mar Frank Morris.

Bob buailte

Ar ball beag ansin luaigh mé go raibh muid i bhFiddlers Green lenár gcomhghleacaí craice Karen.Dúirt sí linn go raibh rang Gaeilge á mhúineadh ag bean as Ros Muc ann i rith na seachtaine.Chuir muid an turasóireacht ar ceal don oíche sin amháin agus dhírigh muid ar an Ghaeilge a athfhoghlaim mar ‘Mike’ agus ‘Shawn’!

Shocraigh muid ár scileanna aisteoireachta a thástáil agus bheartaigh muid an dá ailias thuas a úsáid agus muid mar bheirt mhac léinn as Bostún ar chineál ‘briseadh an Earraigh’ i lár na Samhna.

Bhí mé féin, ‘Shawn’, ag déanamh máistreachta san ailtireacht ‘sa mbaile’ agus nascanna láidre agam le hÉirinn trí cú faoil a bhí ag col ceathrar mo chomharsan.

Níor chreid mé cé chomh deacair is atá sé dearmad a dhéanamh ar theanga atá agat ón gcliabhán.Níl sé éasca ligint ort féin nach dtuigeann tú tada den méid atá dhá rá ag Gaeilgóirí eile.

Is é an scéal céanna a bhí ann leis na nótaí, bhí níos mó brú orainn rudaí a scríobh mícheart arís is arís ná tada eile, bhraith muid go mór ar fhoghraíocht na teanga. Na samplaí is fearr ón oíche – ‘Kinky will too?’ agus ‘Air wah latt poke?’ Nach muid na fir ghrinn.

Ag sioscadh, i nGaeilge le canúint Bhostún, eadrainn féin, mheas muid gur cheart dúinn fágáil gan aon rud a rá díreach ar fhaitíos. Bhí an oiread suime agus scil labhartha ag na daoine seo sa teanga nach raibh muid ag iarraidh ábhar gáire a dhéanamh astu ach píosa craic a bheith againn leo.

Bhí sé in am an sceál a ligean.

Ghlaoigh muid ar Karen agus chroch sí léithe isteach deartháir ‘Mike’ a raibh muid ag fanacht leis, Conamarach eile atá ag saothrú cúpla cent thall. Sheas mé in airde agus chuir mé in iúl don rang gur mhaith liom an méid a d’fhoghlaim mé a chleachtadh leo ós ard.

Thosaigh mé amach le mo ‘Kinky will shiv’ ag briseadh isteach i mo chanúint féin beagán ar bheagán agus chríochnaigh mé le ‘Go raibh míle maith agaibh a chlann’… phléasc an seomra le gáire – buíochas le Mac Dé!

eoghan-ag-hooters

Aithrí le déanamh

Ag teannadh isteach ar dheireadh ár seala thall, bhuail sé muid go mbeadh muid sa mbaile faoi cheann cúpla lá agus theastaigh áit uainn chun ár meonta a cheartú.

Seo linn chuig ’Hooters’!

Ní raibh muid ag iarraidh ár gcarball amháin a shásamh anseo, bhí rud eile uainn… rud beagáinín dána! Ghlaoigh mé anall ar an bhfreastalaí chun an cheist seo a fhiafriú di.

Tá mé cinnte gur fiafríodh rudaí aisteacha orthu seo thar na blianta freisin. Bhí mé ag súil le diúltú, ach choinnigh mé orm –

“Ar mhaith leat a bheith i do mhainicín do NÓS?!”

Bhain mé geit aisti cinnte, ar ndóigh mhínigh mé an aidhm a bhí le NÓS, agus leis an mbainisteoir a tharraing sí anall ina chuaifeach. Ní bhfuair mé cailín, fuair mé triúr! Cé a cheap go mbeadh muid ag cruthú Nósadóirí úra as na Meiriceánaigh seo?

Sin agaibh an méid ar féidir liom a scríobh anseo. Le scéal na hirise scaipthe againn i ngach cineál canúna agus teanga déarfainn féin go bhfuil teideal Nósadóirí na bliana tuillte againn go héasca.

Muna n-aontófa liom, cén scéal Nósadóireachta atá agat féin?! B’fhearr dhó a bheith iontach maith mar tá muid i mbun pleanála ar an gcéad sluaíocht eile. Idir an dá linn, tabhair aire!