Bí mar a bheadh Dory ionat
ag snámh sa Mhórsceir Bhacainneach

Ba dheacair cleas bolscaireachta Euro 2016 a shárú árasán a ligean amach ar Airbnb i lár chathair Pháras istigh sa Túr Eiffel féin.

Ba dheacair cinnte, ach níl sé dodhéanta, mar a léiríonn an comórtas nua atá fógartha ag Airbnb.

Den chéad uair, tá oíche lóistín á tairiscint ag Airbnb in árasán ar snámh san áit a bhfuil an sceir choiréil is mó ar domhan, an Mhórsceir Bhacainneach ar chósta oirthuaisceart na hAstráile.

Tá draoithe Disney, Pixar, tagtha le chéile le Airbnb chun an comórtas seo a reáchtáil agus a scannán nua Finding Dory á chur chun cinn acu.

snam

An rud is iontaí faoin árasán ar snámh ná nach bhfuil ballaí ar bith ann.

Mar sin, is féidir leat do chloigeann a thógáil ón philiúr agus é a thumadh isteach in uisce glan gormghlas Queensland chomh luath aguas a mhúsclaíonn tú ar maidin.

Níl aon ghanntanas ann ó thaobh áiseanna de ach oiread, leis an dá sheomra leapa, seomra folctha agus radharc álainn ar an fharraige.

Tá spás do cheathrar san árasán agus ó thaobh na gcomharsana de, tá 133 cineál siorcanna agus roc (ray) ann, 30 cineál míolta móra agus deilfeanna, 1625 iasc éagsúil, breis agus 600 cineál difriúil coiréalaigh, 100 cineál smugairle róin agus 3,000 cineál éagsúil moileasc.

Snamh

Cinnteoidh an chef Neil Perry, a bheas ann le béile a ullmhú do na buaiteoirí, agus an bitheolaí mara, a chuirfidh turas treoraithe faoi uisce ar fáil, nach mbeidh duine ar bith acu fágtha ocrach ná aineolach.

Chomh maith leis an scannán nua a phoibliú, tá sé ráite ag bainisteoir Airbnb na hAstráile gur mian leo daoine a spreagadh chun gnímh i dtaca le hathrú na haeráide de.

“Fiú le hoíche amháin, tá níos mó i gceist leis an deis iontach seo fanacht i gceann de na háiteanna is áille ar domhan ná díreach sult a bhaint as,” a dúirt Sam McDonagh.

“Cuirfidh sé leis an tuiscint atá againn ar a thábhachtaí atá sé tacú agus cuidiú leis an timpeallacht áirithe seo,” ar sé.

Le cur isteach ar an chomórtas, caithfear cur síos gairid a dhéanamh ar an fháth ar fiú duit buachan agus ar an cheangal atá agat leis an Mhórsceir Bhacainneach.

Tá go dtí 11.59pm (am oirthear na hAstráile) nó 2.59pm (am na hÉireann) inniu agat le cur isteach air.

Go n-éirí leat!

Tuilleadh eolais anseo.