Codarsnacht i Lár na Cairibe
Cúba cróga álainn

Tar éis dó coicís a chaitheamh i mbun taistil i gCúba, déanann Séamas Ó Meachair cur síos ar oileán atá lán de chodarsnachtaí.

Deirtear gur tír í Cúba atá ar thairseach na staire ach más fíor sin is cosúil nach miste le tromlach na gCúbach. Tar éis dom aghaidh a thabhairt ar an oileán álainn i lár na Mara Cairibí, is é an rud is mó a thugas faoi deara ná cé chomh réchúiseach agus sona sásta is atá na Cúbaigh.

Ar ndóigh ní i gcónaí mar a shíltear a bhítear, ach de réir an staidrimh tá siad ar cheann de na pobail is sonasaí ar domhan; nach méanar dóibh agus na tránna gleoite, na cathracha stairiúla agus an scoth aimsire atá acu. Le fada an lá tá cinniúint na gCúbach fite fuaite le Fidel na féasóige Castro, nó El Comandante mar a ghlaoitear air fós.

D’éirigh sé as roinnt blianta ó shin agus tá a dheartháir Raúl i gceannas ar chúrsaí na laethanta seo. Tá seisean ag titim san aois chomh maith agus is léir go bhfuil an ré Castro ag druidim chun clabhsúir. Tá athruithe móra curtha i bhfeidhm ag an bPáirtí Cumannach le blianta beaga anuas. Is féidir le muintir Chúba seilbh a bheith acu ar fhóin phóca anois.

Is féidir leo tithe a cheannach fiú, agus nach mithid dóibh mar a déarfadh go leor anseo. Bhí dlúthchaidreamh ag Fidel leis na Rúisigh ach nuair a thit an tóin as an Aontas Sóivéadach fágadh Cúba san fhaopach. Tá athrú ag teacht ar chúrsaí anois agus cuireadh dlíthe i bhfeidhm ag tús na míosa seo a ligfidh do chomhlachtaí ón gcoigríoch bunú i gceantair fhiontraíochta áirithe sa tír.

La Moneda Nacional agus El Peso Convertible

Tá earnáil na turasóireachta ríthábhachtach don gheilleagar náisiúnta agus leis an gcarn mór airgid atá á thabhairt isteach ag na turasóirí, tá an rialtas i mbun athchóirithe a dhéanamh ar sheanfhoirgnimh Habana. Agus an méid tógála atá ar siúl chuirfeadh sé Baile Átha Cliath i laethanta an Tíogair Cheiltigh i gcuimhne duit!

Ag caint ar airgead, is é an ní is aistí faoi Chúba ná go bhfuil dhá chóras airgeadra i bhfeidhm acu: La Moneda Nacional agus El Peso Convertible.
Íocann turasóirí leis an bPeso Convertible atá 25 oiread an luach is atá ag an mbunairgeadra.

Mar sin is féidir leis an ngnáth-Chúbach an-bhrabús a ghnóthú trí ghnó
a dhéanamh le turasóirí. Ciallaíonn sin go dtuilleann tiománaí tacsaí níos mó ná dochtúir!

Tá an córas casta airgeadra tar éis scoilt a chothú i dtír atá mórchúiseach as a cuid comhionannais agus d’fhógair an rialtas ag deireadh na míosa seo caite go bhfuileadar chun an dá airgeadra a aontú as seo amach.

N’fheadar cén saghas tionchair a bheidh ag an gcinneadh sin ar an ngeilleagar, ach ní chuirfidh sé deireadh le sainchás Chúba cibé ar bith.
Faoi láthair is féidir bualadh isteach chuig McDonalds agus Big Mac a fháil i mBéising nó i Moscó. Ní féidir a leithéid a dhéanamh in Habana ar ndóigh agus ní cosúil go dtiocfaidh athrú air sin go dtí go gcuireann rialtas na Stát Aontaithe deireadh leis an imshuí trádála a chuireadar ar an oileán níos mó ná caoga bliain ó shin.

D’fhéadfá a rá gur mó an tionchar atá ag polaiteoirí Washington ar gheilleagar Chúba ná atá ag polaiteoirí Habana. De bharr an easpa infheistíochta,
tá muintir Chúba níos boichte ná muintir Mheiriceá ar an meán, ach tá saibhreas cultúrtha acu a chuirfeadh iontas ort.

Saol a mhadaigh bháin agus cruatán an tsaoil

90 míle amach ó leithinis Florida tá parthas le fáil, oileán atá saor ón bhfógraíocht agus ón rachmasaíocht atá mar chrá croí dúinn ar fad a chónaíonn sa “domhan forbartha”. Ar ndóigh tá ráta an-ard ag Cúba ar an Innéacs um Fhorbairt Dhaonna.

Agus ó thaobh litearthachta de tá
ráta níos fearr ag Cúba ná mar atá ag na Stáit Aontaithe, ná go deimhin ag Éirinn. Dar leis na Náisiúin Aontaithe tá ráta ionchais saoil níos airde ag Cúba ná atá ag SAM chomh maith agus tá ráta níos ísle acu ó thaobh bhás naíonán de.

Agus na Poblachtaigh de shíor ag argóint leis na Daonlathaigh ar Chnoc an Chaipeatóil i Washington, d’fhéadfaidis an-chuid a fhoghlaim ó chur chuige na gCúbach. I gcuid mhór de Mheiriceá Laidineach tá daoine sáite i ndrugaí agus cathracha á réabadh ag úsáid gunnaí, ach i gCúba is beag coiriúlachta atá ann. Má tá muintir na Stát Aontaithe beagáinín rócheanúil ar an ngunna, is beag seans go bhfeicfeá ceann i gCúba.

Ach ar a laghad tá saoirse áirithe tuairimíochta agus cainte ag na Meiriceánaigh. I gCúba tá monaplacht iomlán ag an bPáirtí Cumannach maidir
leis na meáin. Is deacair dul rófhada i lár Habana gan bualadh le mangaire éigin ag iarraidh an leagan is déanaí de Granma ná de Juventud Rebelde a bhrú ort, nuachtáin oifigiúla an Pháirtí Chumannaigh.

Bíonn deacrachtaí ag na Cúbaigh na hearraí grósaera is bunúsaí a fháil. Lá amháin thugas cuairt ar ollmhargadh stáit nó bodega, an áit a bhfaightear
pónairí, siúcra, torthaí is araile leis an leabhar ciondála nó libreta. Ba shuarach an radharc a bhí ann i ndáiríre.

Amantaí cheapfá go bhfuil saol an mhadaidh bháin ag muintir Chúba,ach amantaí eile chuirfeadh fírinne an scéil scanradh ort.

An rud is mó a chuaigh i gcion orm agus mé ann ná an córas iompair atá acu. Ar ndóigh sna híomhánna is coitianta de Chúba tugtar tús áite do na seanghluaisteáin ildathacha Mheiriceánacha atá le feiceáil ar fud na tíre.

Ach don chosmhuintir faoin tuath is é an guagua an modh taistil is
 forleithne. In Éirinn ní úsáidfeá a leithéid de leoraí le beithígh a iompar, ach i gCúba bíonn siad plódaithe le páistí ag dul ar scoil, seanmhná ag dul chuig an margadh nó fir ag dul ag obair faoin tuath.

Sa bhliain 2013 (nó Año 55 de la Revolución mar a déarfadh na cumannaithe) tá rudaí i gCúba a fheidhmíonn go maith ach tádar fós ar chúl ar bhealaí eile. Agus muid ag taistil go Camagüey i lár na tíre bhíos i mo shuí in aice le leaid óg ar chomhaois liomsa a bhí ag dul ar ais chuig an ollscoil.

Dúirt sé gur aoibhinn leis a thír dhúchais ach níor cheap sé go raibh todhchaí ar bith i ndán dó ar an oileán.

Mar sin féin, in ainneoin an chruatáin agus an bhochtanais atá á bhfulaingt acu, is deas a fheiceáil nach gcuireann buairt an tsaoil isteach ar fhonn spraoi na gCúbach. Táim théis cos a leagan i mbeagnach dhá scór tír agus ní heol dom cine atá leath chomh sona sásta is atá na Cúbaigh.

Is mór an feall é nach féidir le Meiriceánaigh – nó los norteamericanos mar a ghlaoitear orthu i gCúba – cuairt a thabhairt ar an oileán chun fáil amach nach bhfuil bunús ar bith leis an dóigh a léirítear Cúba sna meáin Mheiriceánacha.

Ba mhór an tsuáilce a bhí ann coicís a chaitheamh i measc na gCúbach. Deirtear go bhfuil a seal tugtha ag na deartháireacha Castro agus go dtiocfaidh athruithe móra ar an tír go luath. Ach tá súil agam nach n-athrófar an dearcadh dearfach gealgháireach atá ag muintir an oileáin.

D’áitigh an t-aiscéalaí iomráiteach Criostóir Colambas gurb é Cúba “an tír is áille dár leagadh súile an duine uirthi riamh”.

Is fíor sin, dar liom.
 Tugaigí aghaidh ar Chúba, agus dá luaithe is ea is fearr é, mar is gairid go mbeidh an t-oileán curtha glan ó aithne.

Cúba agus Éire
 i lár chathair Habana tá sráid darb ainm Calle O’Reilly. Ainmníodh in ómós don saighdiúir Éireannach Alejandro O’Reilly í, fear a ndearnadh captaen de in arm na Spáinne.

Tá an Ghaeilge le feiceáil sa tír chomh maith mar scríofa ar chomhartha sráide tá: “Muintir dhá oileán san fharraige coimhlinte agus dóchais céanna,
 Cúba agus Éire.”