Comhairle Chríonna
Conas cumhacht do euro féin a mhéadú

Tá mí Eanáir ag teacht chugainn, an t-am sin den bhliain nach mbíonn pingin rua fágtha i do phócaí.

An bhfuil cleasanna cliste ag éinne chun cumhacht chaithimh do euro nó do phuint a mhéadú?

Chuir Alex Hijmans ceist ar dhream a bhfuil cleachtadh maith acu ar an gceist: muintir Tancredo Neves, bruachbhaile bocht, nó favela, sa Bhrasaíl.

Comhairle ó dhaoine nach raibh thuas seal riamh dóibh siúd atá thíos seal an mhí (nó an bhliain) seo.

1. Breathnaigh thart! Nuair a théann Naná (51) ag siopadóireacht, déanann sí turas taighde timpeall ar shiopaí an cheantair ar fad, féachaint cá háit a bhfuil na margaí is fearr.

Lean a sampla agus déan camchuairt na n-ollmhargaí!

2. Ar an ábhar sin, déanann Naná an chuid is mó dá cuid siopadóireachta ag tús na míosa: ceannaíonn sí earraí nach dtéann ó mhaith (rís, caife, gallúnach, srl.) in aon bhabhta amháin, don mhí ar fad.

Ciallaíonn sé sin nach bhfuil an chontúirt ann go gcaithfidh sí airgead an bhia ar rudaí eile.

3. Breathnaíonn Naná ar bhillí mar chineál smorgasbord. Íocann sí bille an fóin mí amháin, bille an leictreachais mí eile, bille an uisce an mhí ina dhiaidh sin, agus mar sin de.

Is féidir leat féin seo a dhéanamh freisin: go hiondúil téann cúpla mí thart sula ngearrtar an líne!

4. Tá comhairle iontach ag Léo (24) dóibh siúd a cheapann go bhfuil a mbille idirlín ró-ard.

Ligeann Léo a cheangal leathanbhanda gan sreang ar cíos do sheisear eile ar an tsráid, rud a fhágann an t-idirlíon saor in aisce dó féin agus i bhfad níos saoire don seisear eile!

Is féidir leat féin seo a dhéanamh freisin má tá cónaí ort in áit le daonra dlúth.

5. Tá bealach ag aos óg an favela chun a mbillí fóin a choinneáil íseal: cuireann siad scairt ar dhuine agus crochann siad suas sula bhfreagraítear an fón.

Feicfidh an duine sin ‘glao caillte’. Le cúnamh Dé, cuirfidh sé glao ar ais!

Bealach níos saoire fós ná úsáid a bhaint as seirbhís cosúil le Facebook chun teachtaireachtaí a chur agus coinní a dhéanamh.

6. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine: ní bhíonn drogall ar bith ar mhuintir Tancredo Neves iasachtaí a iarraidh – agus a thabhairt! – dá chéile.

Ná bíodh ortsa ach an oiread.

7. Moladh de chineál iomlán difriúil ag Léia (22), máthair shingil.

Ná caill do chuid féinmhuiníne toisc go bhfuil tú bocht! Caith na héadaí is fearr atá agat, bí cinnte go bhfuil siad glan agus iarnáilte agus go bhfuil snas ar do bhróga.

8. Comhairle dheireanach ó Naná: ná caill an misneach, nó má bhíonn sé agat, do chreideamh.

Tá daoine ann i gcónaí a bhfuil an saol níos deacra acu ná mar atá agat féin.


Tá cónaí ar Alex Hijmans in Salvador, sa Bhrasaíl. Tháinig a leabhar Favela, cuntas ar an tréimhse a chaith sé ina chónaí sa sluma Tancredo Neves, amach anuraidh.

Tá fáil ar an leabhar ó coislife.ie, litriocht.com agus amazon.com agus i siopaí leabhar a bhfuil rannóg leabhar Gaeilge acu.

Tá blag Alex ag www.alexhijmans.com