Cuairt ar Okunoshima
Oileán diamhair na gcoiníní

Tá na céadta coinín fiáin ina gcónaí ar oileán Okunoshima, inis bheag i gcuid iargúlta de Hiroshima na Seapáine.

Ach ní haon ghnáthchoiníní atá anseo ná ní haon ghnáthscéal staire é seo ach an oiread.

An t-aon rud a thugann tú fé ndeara nuair a shroicheann tú Okonoshima ar bhád farantóireachta agus do chos leagtha ar an dtalamh ná an scata coiníní a thagann féd dhéin.

Murab ionann agus coiníní fiáine eile ar fud na cruinne, tá na bocanna seo ildaite agus difriúil óna chéile ar nós na gcoiníní a bhíonn mar pheataí.

Ní hamháin sin, ach is aite fós go mbíd sa tóir ort seachas a bheith ag iarraidh éalú uait.

Tá dhá chúis leis seo.

An chúis is léire, is dócha, ná ná fuil oiread is creachadóir amháin beo ar an oileán.

Chomh maith leis sin, is féidir le coinín baineann ál a bhreith gach mí.

Ní haon ionadh é, mar sin, go bhfuil líon na gcoiníní ag dul i méid agus fásra teoranta an oileáin ag dul i laghad.

Tá clú agus cáil ar an oileán anois agus bíonn slám turasóirí ag dul i gcónaí le greim bídh a thabhairt dos na créatúirí.

Is fiú dos na coiníní dul sa seans agus déileáil le daoine mar is dócha go mbeidh meacan dearg mar churadhmhír acu!

Ní staid nádúrtha í seo; níltear cinnte cad ina thaobh go díreach gur ráinig go bhfuil na coiníní ar Okunoshima ar an gcéad dul síos.

Ach tá cúpla míniú ann agus baineann ceann acu le stair dhorcha ghruama na hinse.

Dá ndéanfaí iarracht teacht ar an oileán thart ar cheithre scór bliain ó shin, níorbh bheag an dúshlán a bheadh ann.

Óir ní raibh an talamh cúlánta seo ar léarscáil ar bith de chuid na Seapánach le linn an Darna Cogadh Domhanda.

Bhí an t-oileán fé cheilt agus arm ceimiceach ar nós gás nimhiúil á fhorbairt ann go rúnda.

Deirtear gur úsáideadh an gás seo i gcoinne na Síneach mar chuid den ionsaí ar an tír.

Bhaintí triail as an arm ar choiníní i monarcha cheimiceán ar an oileán.

Measann go leor gur saoradh iad ag deireadh an chogaidh agus gurbh iadsan sinsir an phobail reatha.

Ach tá tuairim ann leis gur maraíodh na coiníní sin go léir nuair a cuireadh deireadh le húsáid na monarchan féin.

Tá scéal eile ann fós go ndeachaigh páistí scoile ar an oileán sa bhliain 1971 agus gur scaoileadar saor ocht gcoinín.

Leis sin, chuaigh líon na gcoiníní i méid go tapaidh cheal bagairtí dóibh ar an oileán.

Tá tuairimí ann, fiú, gur chuir na húdaráis coiníní ar Okunoshima d’aon ghnó chun áit turasóireachta a dhéanamh de!

Ní fios cad atá fíor nó cad atá bréagach sa scéal staire seo.

Ach d’fhéadfaí bheith cuibheasach cinnte gurb é Okunoshima an t-aon oileán ar domhan inar féidir leat súgradh le coiníní leathfhia, scíth a ligint i bhfoinse uisce the, píosa beag gailf a imirt agus iarsmaí de mhonarcha cheimiceán agus buncair a thaiscéaladh in aon lá amháin.


Conas dul ann…

Ó chathair Hiroshima, téir ar an Shinkansen (traein philéir) go Mihara, ansin traein áitiúil (ná téann ró-mhinic Dé Domhnaigh fé mar a fuaireamair-ne amach!) go Tadanoumi, agus bád farantóireachta chun an oileáin tar éis siúlóid ghearr ón stáisiún.

Turas dhá uair an chloig ón gcathaoir é ar iompar poiblí agus oiriúnach mar thuras lae dá bharr.