Fuil ar mo Flip-Flops
Aistear bia i Vítneam

Agus mé thar lear, téim sa tóir ar na radhairc mhóra cháiliúla, agus ar na hiontais bheaga cúlsráide chomh maith.

Bíonn fonn orm nósanna mhuintir na háite a leanúint, agus ceann de na nósanna is corraithí a bhíonn le leanúint, dar liom, ná an bia a itheann daoine.

Murab ionann agus bia na Síne, nó bia na hIndia, níl bialann mhearbhia Vítneamach i ngach sráidbhaile in Éirinn.

Tá tuiscint éigin ag roinnt daoine ar bhia na Téalainne, áfach, agus is cinnte go bhfuil an bia i Vítneam cosúil go leor leis sin.

Cad a bhíonn acu?

Rís agus núdail, glasraí de gach sórt, iasc agus feoil.

An príomhrud a sheas amach dom faoin mbia i Vítneam ná a úire is a bhíonn sé.

Ar mo chéad lá, d’fhéadfá a rá go raibh baisteadh tine agam.

Dhúisigh mé go luath agus tar éis dom an misneach a ardú ionam féin (b’é an chéad uair san Áise dom é agus bhí mé liom féin), chuaigh mé amach ar na sráideanna gleomhara, áit a raibh meascán de dhaoine ar rothair agus ar scútair ag gluaiseacht thart ar a chéile faoi luas mar a bheadh damhsóirí iontu.

B’ábhar iontais dom é gur éirigh leo gan bualadh in aghaidh a chéile.

Léim mé isteach san fhothram.

Shiúil mé ar feadh tamaill i dtreo amháin, ach fós níor thuigeas conas an bóthar a thrasnú.

Mar sin, nuair a chonaic mé margadh bia díreach os mo chomhair amach ag deireadh na sráide, is ansin a chuaigh mé.

Tháinig an boladh ar dtús.

Láidir. Ní deas, ní olc. Aisteach.

Bhí díon plaisteach thar an stalla ar fad le teas na gréine a choinneáil amach, rud a d’fhág go raibh mé dallta ag an dorchadas ar feadh soicinde ar dhul isteach dom.

Nuair a chuir mé mo shúile ag obair i gceart arís, thuig mé céard a bhí sa bholadh láidir – meascán de gach rud a bhí á ullmhú acu siúd ag na seastáin.

Ag na margaí ar a raibh mé cheana, ní raibh ar bun ach díolachán, ach ag an gceann seo i Vítneam bhí fuadar oibre faoi gach duine romham.

Bhí mná go háirithe ag obair go dian i mbealaí éagsúla: ag gearradh éisc, ag feannadh feolta, agus ag doirteadh uisce ar an talamh ó bhuicéad le fuíollach a gcuid oibre a shruthlú amach.

vietnam

Seachas i siopa an bhúistéara, ní raibh an oiread sin feola feicthe agam in aon áit amháin.

Agus anseo ní raibh aon phána gloine idir mé féin agus an fheoil chéanna, ná idir na cuileoga agus an fheoil ach oiread!

Rinne na hoibrithe gach rud go tapa, nádúrtha.

Lámha orthu a thuig a raibh ar bun acu, iad ag obair le scil agus le cleachtadh.

Anatamaíocht na n-ainmhithe á stróiceadh as a chéile ar bhealach a chuir alltacht orm, ach níos mó ná sin, chuir sé éad agus náire orm.

Smaoinigh mé ar m’aiste bia féin.

An bhféadfainn insint do dhuine conas Chicken Kiev a chruthú?

An bhféadfainn ispín a dhéanamh as muc (agus cibé rud eile atá iontu)? Ní fhéadfainn, go cinnte.

Mar a dúirt mé, tá an bia in Vítneam úr, agus cé gurbh aisteach an t-eispéireas an margadh sin domsa, thuig mé rud éigin uaidh, agus ón taithí eile a bhí agam le bia agus mé in Vítneam.

Bhí mé tar éis dearmad a dhéanamh ar fhoinse mo chuid bia.

In Éirinn, cé go gceannaímid sicín, is ar éigean a chuimhnímid gur sicín atá ann.

Ceannaítear feoil réamhghearrtha i bpaicéad bán plaisteach, agus déantar dearmad gur feoil atá ann in aon chor – ainmhí a bhíodh beo, a ritheadh timpeall, a mbíodh cleití nó fionnadh air.

I Vítneam, ní dhéantar na foinsí bia a chur i bhfolach.

vietnam

Feictear ainmhithe beo an t-am ar fad, ainmhí a bheidh le hithe go gairid.

Más cearc atá á hithe agat don dinnéar, gach seans gurb í an chearc chéanna í a chonaic tú ag giobadh ar an tsráid an tseachtain roimhe.

Feictear ainmhithe ar na scútair chomh maith agus iad á n-iompar ó áit go háit.

Is cuimhin liom go maith nuair a chonaic mé scata froganna beo ceangailte le chéile ag an margadh ionas nach n-éalódh siad.

Bhí an-trua agam dóibh.

Ach shlog mé siar an déistin a mhothaigh mé agus dúirt mé liom féin gur as ainmhí éigin a tháinig gach píosa feola, agus go bhfuair an t-ainmhí sin bás, agus cé nach bhfaca mé bás na gcearc go léir atá ite agam go dtí seo nach gciallaíonn sé sin nach beo a bhíodar tráth.

Cúpla seachtain i ndiaidh mo chéad lá sin sa mhargadh, bhí mé i mbun comhrá le grúpa daoine óga ó Vítneam.

Mhínigh mé dóibh go gceannaímid bia go rialta in Éirinn atá réamhullmhaithe, nach eol dúinn cén áit nó cén tír as a dtagann sé fiú.

Bhí alltacht orthu leis an gcoincheap sin.

Nílim chun a rá gur feoilséantóir nó veigeán mé anois – ní sa treo sin atá mé ag dul leis an alt seo.

Ach is cinnte go bhfuil mo smaointe ar chúrsaí bia na tíre seo athraithe ó bhí mé sa mhargadh brocach sin, uisce a bhí dearg le fuil na n-ainmhithe marbha ag sreabhadh ar mo flip-flops.