Láthair an uafáis
Cuairt choscrach ar Auschwitz-Birkenau

Thug Sharon Ní Chonchúir cuairt ar na sluachampaí géibhinn is míchlúití ar domhan le déanaí. Seo a scéal.


Nuair a bhíos im’ leanbh in iarthar Chiarraí, thagadh leabharlann shoghluaiste go dtí ár mbaile fearainn gach coicís.

Bhínn féin agus m’athair críonna ag fanacht ar thaobh an bhóthair leis: eisean le húrscéalta faoi dhúnmharú agus cogadh faoina ascaill, agus mise ag súil go bhfaighinn leabhar suimiúil nach raibh léite agam cheana.

Bhí dúil dochreidte sa léitheoireacht agam ag an am.

Léinn gach rud agus toisc go léinn go tapaidh, ní i gcónaí go mbíodh a fhios ag mo thuismitheoirí cad a bhíodh á léamh agam.

Ba léir nár chuma le fear na leabharlainne cad a bhí á léamh agam ach oiread mar, cé nach rabhas ach naoi mbliana d’aois ag an am, scaoil sé liom leabhar a thógaint ar iasacht faoin Uileloscadh.

Ní raibh aon rud cloiste agam faoi go dtí sin, nuair a d’oscail mé an leabhar agus nuair a chonaic mé pictiúirí nach ndéanfaidh mé dearmad orthu choíche.

Daoine nach raibh iontu ach cnámha; daoine go bhféadfá réimsí doimhne fulaingthe a fheiscint ina súile; daoine a bhí ar thairseach an bháis.

Scanraigh na pictiúirí seo mé.

Ach leis an fhírinne a rá, níorbh é an scanradh an mothúchán ba láidre a bhraitheas.

B’shin é an dochreidteacht.

Ní rabhas ábalta glacadh leis gur ghearr daoine fulaingt ar an leibhéal san ar dhaoine eile.

Theastaigh a thuilleadh cruthúnais uaim.

Chaitheas míonna ag léamh leabhar i ndiaidh leabhair faoin dtréimhse dorcha seo i stair na hEorpa.

Bhíos chomh sáite iontu gur thosnaigh mé ag taibhreamh faoi istoíche.

Stopas ag léamh na leabhar seo tar éis tamaill ach maireann na mothúcháin chéanna ionam go fóill.

Cuireann an méid a tharla sna sluachampaí géibhinn uafás orm, ach ar leibhéal éigin, in ainneoin an méid atá léite agam, ní féidir le m’aigne glacadh leis gur tharla a leithéid.

Ní féidir liom é a shamhlú.

auschwitz-geata

Leis an gcúlra seo, tuigfidh sibh cén fáth gur bhraitheas trína chéile nuair a thugas turas ar Auschwitz-Birkenau sa Pholainn le déanaí.

Ba é seo ceann dos na sluachampaí géibhinn ba mheasa – maraíodh 1.1 milliún duine ann.

Cheap m’fhear céile go raibh dualgas orainn turas a thabhairt ar an gcampa ach ní rabhas cinnte.

Cheapas go raibh seans ann go gcaithfinn an turas iomlán ag crith le heagla agus le dochreidteacht.

Leis na smaointe seo im’ cheann, thugamar turas ar an áit mhíchlúiteach seo.

Thosnaíomar i mBirkineau – sluachampa a fágadh díreach mar a bhí sé nuair a theith na Naitsithe.

An túr faire cáiliúil, an fál sreinge, an bóthar iarainn ar a dtáinig na milliúin go dtí an áit ainnis seo, ceann dos na carráistí ar a dtáinig siad, na botháin a tugadh dóibh mar lóistín, na buncanna inar chodail suas le deichniúr iontu, na sraitheanna losán neamh-mhaorga a raibh orthu a úsáid agus na seomraí gáis inar maraíodh iad.

(Rinne na Naitsithe iarracht iad seo a scriosadh nuair a tháinig an cogadh chun deiridh ach níor éirigh leo go hiomlán.)

Bhí gach éinne ina dtost agus iad ag siúl timpeall Birkenau an lá úd.

Ritheas mo lámh thar adhmad na mbuncanna, adhmad a bhí garbh uair amháin ach mín anois tar éis dos na mílte príosúnach gabháil isteach agus amach as na leapacha céanna.

Rinne mé iarracht a shamhlú conas a bhraith sé a bheith istigh iontu leis na céadta duine ocrach, uaigneach, briste, brúite timpeall ort ach ní fhéadfadh mo shamhlaíocht amhlaidh a dhéanamh.

B’fhéidir nár theastaigh uaidh.

auschwitz-fal-sreinge

Ciúin agus machnamhach, leanamar ar aghaidh go Auschwitz.

Is iarsmalann ollmhór é an campa seo inniu.

Úsáidtear na foirgnimh dhifriúla chun scéal na n-eachtraí a tharla anseo a insint.

Baintear úsáid as iarsmaí an ama chun beocht a chur leis an ainnise.

Tá na cultacha stríocacha a chaith na príosúnaigh, na céadta canna stáin ina mbíodh an gás Zyklon B a mharaigh iad, na mílte pictiúr dóibh san a maraíodh, tonnaí gruaige a bearradh óna gcinn agus na céadta míle péire bróg, cuid acu chomh beag go mbrisfidís do chroí.

Ba é an rud ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm, a chabhraigh liom an méid ar tharla anseo a thuiscint, ná seomra lán de mhugaí, potaí agus plátaí stáin a thug na hainniseoirí leo go Auschwitz.

Scoilt mo chroí i smidiríní nuair a chonaic mé iad mar léiríodar dom gur chreid na daoine seo go mbeidís á gcothú féin agus a gclann san áit dhuairc dhorcha seo.

Chreideadar gurb í an bheatha a bhí i ndán dóibh, ní an bás.

Tá leacanna cuimhneacháin i mBirkineau in onóir dóibh siúd a maraíodh ann.

Bhí clocha beaga fágtha ar na leacanna seo, rud gur dual do Ghiúdaigh a dhéanamh.

D’fhágas cloch ina measc.

Comhartha ab ea é don tionchar a bhí ag an áit seo orm ón chéad lá a chuala faoi.

N’fheadar an molfainn d’éinne dul ann.

Goilfidh sé orm go deo go bhfuil aon áit ann mar é.