Liospóin #1: Léargas
Cuairt chultúrtha ar chathair aoibhinn

Bhí Séamas Ó Murchú i bpríomhchathair na Portaingéile le déanaí, agus molann sé go mór í. Anseo thíos tá a léargas ar bhuaicphointí na cathrach. Is féidir cuid a dó, le leideanna breise faoin bhia, ceol, córas iompair agus neart eile, a léamh anseo.


Tá áiteanna ann a bhfuil draíocht ag baint leo, agus tá Liospóin ina measc.

Agus tá an draíocht sin ag mealladh tuilleadh cuairteoirí chuig an chathair i rith an ama le blianta beaga anuas.

Tá sráideanna lár na cathrach plódaithe leo, ach tá cúis mhaith ann go bhfuil oiread acu ag tabhairt cuairte ar phríomhchathair na Portaingéile – tá an chathair pléisiúrtha, in ann freastal ar riachtanais na dturasóirí agus í breac le foirgnimh, léargais agus ceantair spéisiúla.

Tosaímis le ceann de na ceantair is mó a mbíonn triall ag turasóirí air, is é sin an Alfama.

Tá an Alfama suite idir caisleán na cathrach, Castelo de São Jorge (Caisleán Naomh Seoirse), agus an abhainn, an Tejo.

Is í an Tejo an abhainn is faide ar Leithinis na hIbéire, dála an scéil, agus í chomh leathan sin in aice le Liospóin gur geall le farraige í.

Cathair ghríobháin atá san Alfama, má imíonn tú ó phríomhshráideanna an cheantair ní fada go mbeidh tú caillte ach sin cuid de tharraingt na háite seo.

Anseo atá ardeaglais na cathrach le fáil, a dtugtar an ‘Sé’ uirthi; is eaglais í nach bhfuil chomh mórthaibhseach sin i gcomparáid le hardeaglaisí eile ar mhór-roinn na hEorpa ach is fiú cuairt a thabhairt uirthi mar sin féin.

Díreach trasna ón ardeaglais tá foirgneamh ar fiú go mór cuairt a thabhairt air más spéis leat ar chor ar bith stair na tíre seo, Museu do Aljube.

Príosún ársa a bhí san Aljube; ba anseo a choinníodh an PIDE a gcuid príosúnach polaitiúil ar feadh cuid mhór den 20ú haois.

Ba é an PIDE an eagraíocht phóilíneachta slándála a bhí ag deachtóireacht António de Oliveira Salazar – réimeas ar tugadh an Estado Novo, nó Stát Nua, air agus a mhair ó 1926 go 1974 nuair a cuireadh deireadh leis ag réabhlóid ar 25 Aibreán na bliana sin.

Oifigigh arm na tíre a thionscain an t-éirí amach, iad bréan de bheith ag fáil bháis i gcogaí coilíneacha san Afraic.

Insítear scéal na bpríosúnach san iarsmalann shlachtmhar seo agus faightear léargas maith ar an drochíde a fuair daoine nár réitigh leis an réimeas; céasadh na mílte acu, agus maraíodh go leor.

Tá léargas le fáil ar thréimhse i bhfad níos seanda i stair na cathrach díreach 10 mbomaite ar shiúl ó Mhuseu an Aljube, sa Museu do Teatro Romano.

Faoi mar a bheifeá ag súil leis, díríonn an iarsmalann seo ar ghné Rómhánach de stair na cathrach ársa seo, ach tá radharc breá le fáil amach ar an Tejo faoi bhun an Alfama chomh maith.

Seo an ceantar fosta is mó atá nasctha le ceol is suaithinsí na Portaingéile, an ‘fado’.

Seans go bhfuil an ceol seo cloiste agat ar shaoire éigin san Algarve, ach dáiríre is le Liospóin (agus go tánaisteach le Coimbra) is mó a cheanglaítear an ceol seo.

Tá iarsmalann eile le fáil i gcuid íochtarach an Alfama ar a dtugtar Museu do Fado, agus is ansin a insítear scéal an fado; is féidir éisteacht fosta le samplaí de chuid de na ceoltóirí is clúití.

Má tá fonn ort éisteacht leis an chineál seo ceoil agus é á chanadh go beo, tá rogha bhreá beár agus bialann san Alfama ina gcuirtear fado ar fáil.

Cuimhnigh go mbítear ag súil leis i go leor acu go n-íosfá béile iomlán ar phraghas réasúnta ard agus tú ag éisteacht leis na fadistas, ach ní mar sin a bhíonn i gcónaí.

Mholfainn féin cúpla áit ar an tsráid darb ainm Rua dos Remédios, nach bhfuil ach cúpla slat ar shiúl ón Museu do Fado, beáir bheaga darb ainm Tasca do Chico agus Tasca Bela.

Tá atmaisféar deas cluthar le sonrú iontu, go háirithe sa dara ceann acu seo, murar miste leat go gceadaítear caitheamh tobac ann.

Os cionn cheantar an Alfama atá ceann eile de mhórspriocanna na dturasóirí, an ‘Castelo’.

Tá an caisleán tógtha ar an gcnoc is airde de na seacht gcnoc atá le fáil i Liospóin, ach fothrach a bhí ann, a bheag nó a mhór, faoi thús an 20ú céad.

Is sna 1940í, faoi stiúradh réimeas an deachtóra Salazar, a atógadh an caisleán.

Inniu is féidir cuairt a thabhairt air ach €8.50 a íoc, agus beidh radharc breá agat amach ar an chathair ó na ballaí atógtha.

Ach fiú gan íoc isteach chuig an chaisleán, is féidir siúlóid shultmhar a dhéanamh thart ar na sráideanna cúnga gleoite atá suite laistigh de bhalla seachtrach an chaisleáin.

Ag siúl i dtreo thaobh eile chnoc an Chaisleáin tiocfaidh tú ar cheantar an Mouraria, ainmnithe as na hArabaigh nó ‘Mouros’ a bhí i gceannas ar Liospóin – agus ar mhórchuid limistéar na Portaingéile – ar feadh na gcéadta bliain (go 1147 i gcás na príomhchathrach).

Anois is ceantar idirnáisiúnta é seo, lán le hinimircigh ón India, ón mBanglaidéis, ón tSín srl.

Ní bhíonn oiread tóir ag na turasóirí ar an gceantar seo is a bhíonn ar an Alfama, ach sílim gur fiú cuairt a thabhairt air chomh maith; tá neart seansráideanna le feiceáil ann, cúpla miradouro (láithreacha amhairc) breá suite ann agus tá fado le fáil in áiteanna áirithe anseo freisin.

An Baixa a thugtar ar lár na cathrach.

Seo an áit is mó a scriosadh le linn crith talún uafásach 1755 – a leag an chathair agus a mharaigh na mílte – agus atógadh an ceantar le sráideanna móra díreacha agus cearnóga galánta, faoi stiúir an duine uasail, an Marquês de Pombal.

Thíos ag bun an Baixa, díreach cois Tejo, atá an chearnóg ollmhór agus ghalánta suite ar a dtugtar Praça do Comércio (tugtar Terreiro do Paço uirthi freisin).

Bhíodh pálás an Rí suite anseo lá den tsaol (poblacht atá sa tír anois) agus oifigí rialtais atá le fáil i go leor de na foirgnimh bhreátha faoi láthair.

Má tá fonn siúil ort is féidir siúl ón gcearnóg seo an bealach ar fad go Belém, gan dul rófhada ó bhruach an Tejo.

Turas 6 nó 7 gciliméadar atá i gceist, agus mura bhfuil fonn ort siúl chomh fada ansin is féidir tram a thabhairt díreach ó Praça do Comércio.

Cén fáth a rachfá go Belém?

Mar is ansin atá cuid de sheoda turasóireachta mhórcheantar Liospóin, go háirithe an mhainistir ar a dtugtar Mosteiro dos Jerónimos, a tógadh ag tús an 16ú déag agus ina bhfuil tuama le cuid de scríbhneoirí is mó le rá ón nPortaingéil le fáil, chomh maith le tuama an taiscéalaí Vasco da Gama.

Thart ar chiliméadar ar shiúl ón mhainistir atá Túr Belém le fáil freisin, daingean beag gleoite ar bhruach an Tejo, agus áit a gceanglaítear a híomhá oiread céanna le Liospóin is a cheanglaítear íomhá Thúr Eiffel le Páras.

Ach má tá tú ag iarraidh athrú a fháil ó fhoirgnimh ársa agus spéis agat i rudaí milse, mholfainn go láidir cuairt a thabhairt ar Pastéis de Belém, cúpla bomaite siúil ón mhainistir i dtreo lár na cathrach.

Is é atá ann ná caifé ollmhór atá clúiteach ar fud na Portaingéile as caighdeán a chuid ‘pastéis de nata’ – tá siad á ndéanamh agus á ndíol acu ó bhí 1837 ann – nó toirtíní custaird a bhfuil dúil mhór ag na Portaingéalaigh iontu.

Téigh ann, iarr ‘pastel de nata’, cuir roinnt cainéil air, bíodh cupán láidir caife agat in éineacht leis agus beidh tú sna Flaithis.

Bhuel, bhí mise, ar scor ar bith.

Áit bhreá atá ann le do scíth a ligean i ndiaidh duit sráideanna – agus cnoic – Liospóin a shiúl.

Liospóin #2: Leideanna

  • Seanán Ó Coistín

    Is tír an-dheas í an Phortaingéil. Ná dearmad gur scríobh mise alt faoi Phorto, an dara cathair sa Phortaingéil. Níl sé ar fáil ar an suíomh gréasáin seo ach tá sé ar fáil ar https://issuu.com/nosmag/docs/eagran1