Na 5 logainm is faide in Éirinn
Is i gConnachta atá a bhformhór!

Is cosúil gur bhain sibh sult as an fhear aimsire ó Channel 4 Shasana Liam Dutton an tseachtain seo agus é ag rá Llanfairpwllgwyngyllgogerychwyrndrobwlll­lantysiliogogogoch, ceann de na logainmneacha is faide ar domhan.

Tá an baile beag sin suite in iar-thuaisceart na Breataine Bige, ach a luaithe agus a pléadh an scéal sin, tháinig ceist eile chun cinn in oifigí NÓS – cad iad na logainmneacha is faide atá againn féin?

Rith ‘Muiceannach idir Dhá Sháile’ linn láithreach ach níl sé ar an liosta… seo iad:


5. Carraigín na gCailleach Dubh (25 litir)

carraigin

Timpeall leathuaire sa ghluaisteán ó Chaisleán an Bharraigh i gcontae Mhaigh Eo, tá Carraigín na gCailleach Dubh ina áit bhreá don éanbhreathnú, agus chun teacht ar chailleacha dubha.


4. Mainistir na gCailleach Dubh (25 litir)

mainistir

Fothrach clochair i gceantar na Seanghualann, Contae Luimnigh, a bunaíodh sa bhliain 1298. Meas sibh gurbh iad na cailleacha céanna a bhí anseo agus a bhí ag an Charraigín thuas?


3. Carraig Éamainn Mhic Dhonncha (26 litir)

carraig-emacd

Go simplí, is carraig mhór ar í seo atá suite ar Oileán Dá Bhranóg, Inis Mór. Agus ba le hÉamann é, is cosúil!


2. Teampall an Cheathrair Álainn (26 litir)

teampall

Seaneaglais ar Inis Mór, Árainn, atá san áit seo a ainmníodh i ndiaidh cheathrar naomh na n-oileán – Fursa, Breandán Bhiorra, Conall agus Bearchán. Tógadh é sa 15ú aois, agus deirtear go bhfuil an ceathrar acu curtha in aice leis an eaglais.


1. Sruthán Uachtar Log an tSamhraidh (29 litir)

sruthan

Tar éis píosa taighde a dhéanamh, is cosúil gurb é seo an logainm is faide in Éirinn! Sruthán beag i gcontae na Gaillimhe atá ann, i nGleann Chóchan gar go leor don Chlochán. Is rabhlóg (tongue-twister) cheart é tar éis cúpla pionta!


Ar fhág muid aon cheann amach? Bígí i dteagmháil linn má tá sibh ar an eolas.

Agus má thaitin sé seo libh, ná caill na 10 logainm is craiceáilte sa tír!