Scaitheamh i bParóiste Múrach – treoir don turasóir

In airde a láin, ‘s ‘na cailín córach, do ghluais sí chugainn go Baile an Mhúraigh. 

Sin líne as dán aoibhinn a scrígh Caoimhín Ó Cinnéide, beannacht Dé leis, ó Bhaile an Mhúraigh. Cá’il Baile an Mhúraigh? I bParóiste Múrach! Agus is fiú cuairt a thabhairt ar Pharóiste Múrach mar tá rud éigin le déanamh ann don uile dhuine. 

Tosnóimid an chéad lá, mar a chuirfear fáilte romhat chun oíche nó dhó a chaitheamh i dteach lóistín leaba agus bricfeasta An Riasc atá ar Shlí Siúlóide Chorca Dhuibhne.Bhronn EU Business News an gradam don lóistín feirme is fearr i gCiarraí ar An Riasc le cúpla seachtain anuas. Fé stiúir Mhuintir Bheaglaoich atá an lóistín seo, a bhfuil a cháil amuigh as an mbia a chuirtear ar fáil ann do chuairteoirí. Sa bhaile a dhéantar an bia ar fad, agus béim ar leith ar tháirgí ó Chorca Dhuibhne ar a mbiachlár acu. Gaolainn, bús Gaolainne, agus fáilte anseo! 

An Riasc – teach lóistín i bParóiste Múrach

An tráthnóna sin, d’fhéadfá turas ar mhuin capaill a chur in áirithint duit féin leis an gcomhlacht Sea View Equestrian i mBaile an Lochaigh, timpeall trí mhíle soir an bóthar. Treoróidh Seán Ó Muircheartaigh (arís, Gaolainn agus fáilte) isteach i gCom an Lochaigh an bhuíon capall, thar Abhainn na Feothanaí. Stopfaidh capall nó dhó chun braon uisce a dh’ól – ná tit! 

Tá fealsúnacht ag Seán faoi Chom an Lochaigh agus na daoine a mhair ann fadó, conas a mhaireadar agus cad a d’itheadar. Tá sé sceirdiúil, aoibhinn, mar áit agus is fiú é a dhéanamh. Glactar le daoine a bhfuil ana-chumas ar chapall acu, nó gan aon taithí faoin spéir, idir leanaí agus daoine fásta. 

Sea View Equestrian

Ar do shlí isteach go dtí an Com, raghaidh tú thar Fheirm Peataí Mhuintir Scannláin. €7 do dhuine fásta agus €4 do leabh. Tá ualach Éireann ainmhithe le feiscint sna goirt i mBaile an Lochaigh ag na Scannlánaigh. Rudaí nach do bhunaibh Chorca Dhuibhne iad, leithéidí bhó na nGarbhchríoch, (sin iad na rudaí a bhfuil an gclúmh fada rua agus na hadharca móra fada orthu), alpacaí, (chuala go raibh ana-Ghaolainn ag ceann acu), agus fianna. 

Tá sicíní, cearca, géanna, colúir, scata saghasanna caorach, muca, asail, capaillíní agus a thuilleadh nach iad breactha timpeall na feirme agus ionaidín spraoi lasmuigh do leanaí leis. (Níl aon chlúdach gutháin sa Chom, mar sin, beidh suaimhneas ceart i measc an nádúir agat!).

Ba na nGarbhchríoch

An lá arna mháireach, tar éis béile blasta na maidine sa Riasc, d’fhéadfá turas a thabhairt go Túr Bhaile Dháith. Is féidir gabháil thar na hEitirí chun dul go barra, sin le hais na faille, suas ó thráigh na Feothanaí. 

Beidh An Triúr Deirféar trasna na farraige siar uait, agus beirse níos faide amach sa bhfarraige ná iad, ach a sroichfidh tú barra. Radharc neamhghnách orthu. Ní thógann sé ach timpeall ar 45 nóimeant é a bhaint amach. Tá falla cúil an túir faire (ón 19ú hAois) ar barra fós ina sheasamh agus ina sheasamh go maith, pé cúis é, mar bíonn gála gaoithe ar barra. Chuala gur féidir Contae an Chláir a fheiscint, ar lá breá ciúin ó Thúr Bhaile Dháith.

Tráthnóna, féadfaidh tú béile a ithe, agus cluiche púil a imirt i dtábhairne an Bhóthair. Má bhíonn sé fuar, cuirfidh Muiris an tine síos duit. Ní hamháin go bhfuil an bia blasta, ach bíonn Gaolainn bhlasta, mhilis mhuintir Pharóiste Múrach le clos cois cúntúrach anseo tráthnóintí agus amhrán leis, b’fhéidir. Beidh biachlár nua acu don samhradh agus iasc agus feoil áitiúil le fáil. Faoi láthair, tá bia le breith leat ar fáil, ar chostas ana-ana -éasúnta ar fad. Tá lóistín ar fáil sa Bhóthar chomh maith. Dúirt Muiris rann beag liom cheana, nár chuala riamh:

Téigh do thóin le moin an Gharráin

Ní théis riamh le móin ab fhearr.

An Triúr Déirféar

Níl anseo ach blaiseadh ana-bheag de Pharóiste Múrach. Níl Ionad Yoga Réiltín luaite agam in aon chor, a chuireann deireadh seachtainí suaimhneacha yoga nidraagus yoga ashtanga ar fáil go minic i rith na bliana. Is í Derbhla Hutchinson bean an tí agus is ionad nua glan é seo atá tógtha aici i gcúl a gairdín. Cuireann sí lóistín ar fáil agus pacáistí deireadh seachtainí le bia san áireamh. Bia d’fheoilséantóirí atá i gceist don gcuid is mó, déanta aici féin sa tig, tig atá ciúin socair fáilteach gealgháireach le bheith ann.

Níor thagraíos ach chomh beag do Ché an Chuasa, mar a bhfág Tim Severin ar a aistear chun na Stát Aontaithe agus a bhfuil cuntas air sa leabhar The Brendan Voyage. Ná níor tharraingíos anuas Cathair na bhFionnúrach, láthair stairiúil fé chúram Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá scata rudaí le déanamh i bParóiste Múrach. An gá Cnoc Bréanainn a lua? Tá a cháil san amuigh cheana féin.

(PS: Má chíonn tú Seán Jim Pheig Ó Muircheartaigh, ó Bhaile na bhFionnúrach, ceannaigh ticéad  do Chrannchur Chumann Lúthchleas Gael na Gaeltachta uaidh, mar buann gach éinne a cheannaíonn ticéad uaidh, an crannchur 50/50!)