Sín amach sna hAlpa
Lóistín sna cnoic faoi bhrat réaltaí

Bíonn tionscal an fháilteachais de shíor ag athrú agus bealaí nua á lorg le heispéireas iomlán éagsúil a chur ar fáil do thaistealaithe cíocracha an domhain mhóir.

Le roinnt blianta anuas, tá béim á cur ar eispéireas dílis a cheanglaíonn daoine leis an tírdhreach, le muintir na háite, leis an bhia áitiúil agus le cultúir an cheantair.

Más taistealaí trialach thú, ba dheacair gan a bheith meallta ag an óstán nua seo atá suite sna hAlpa agus a thugann deis duit síneadh amach sa leaba agus an chuid is fearr d’áilleacht shléibhte Graubünden na hEilvéise a shú isteach.

hotel eile

Óstán gan díon, gan bhallaí agus gan leithreas is ea é, ach tá fáil ar leithreas poiblí 10 nóiméad de shiúl na gcos uaidh.

Brat réaltaí agus tírdhreach sléibhtiúil iargúlta na seoda is mó atá á bhfhógairt ag lucht an óstáin, mar aon le seirbhís seomra agus bricfeasta breá ar maidin.

Is é an dara óstán é atá bunaithe ag an chomhlacht Null Stern, fiontar ag na deartháireacha ildánacha Patrik agus Frank Riklin i dteannta le Daniel Charbonnier, saineolaí fáilteachais.

Hotel

Bunaíodh an chéad óstán de chuid Null Stern i mbuncar núicléach gan fhuinneoga ná radhairc ar bith eile i mbaile Teufen na hEilvéise thiar in 2009.

Cé go bhfuil siad an-éagsúil óna chéile, dúirt Daniel Charbonnier gurb é an cuairteoir féin an ghné is tábhachtaí sa dá óstán.

“Tá coincheap agus spiorad an dá fhiontar ag teacht le chéile sa tslí gurb iad na cuairteoirí féin atá i lár an aonaigh agus i gcroílár an eispéiris.”

Ar €227.85 don oíche, níl sé saor ach is léir go bhfuil daoine ann atá sásta an méid sin a íoc – tá an t-óstán sna cnoic búcáilte amach suas go tús 2018.