Súil ag Éireannach fir an tAtlantach a thrasnú i mbád iomartha

Tá súil ag Éireannach fir as Port Láirge bád a iomramh ó New York sna Stáit Aontaithe go Dún Garbhán ina chontae dúchais an samhradh seo ag teacht. Tá Réamonn Ó Briain as Coill Mhic Thomáisín – ar bhunaigh a mháthair Máire Uí Bhriain an naíonra lánGhaeilge ar an mbaile beag – á ullmhú féin don turas mór mara faoi láthair agus súil aige tús a chur lena aistear i mí na Bealtaine.

Tá an turas á phleanáil ag Réamonn le cúig bliana anuas agus bhí sé réitithe lena aghaidh an samhradh seo caite nuair a tháinig an chéad ráig den víreas corónach go Meiriceá ag deireadh an earraigh. Bhí New York, mar a bhfuil sé ina chónaí le scór blianta, ar cheann de na háiteacha ba mheasa as i mí na Bealtaine 2020 nuair a bhí súil ag Réamonn aghaidh a thabhairt ar an bhfarraige mhór. 

Beidh beirt Mheiriceánach, Ryan agus Chris – nár casadh air san fhíorshaol go fóill – in éineacht le Réamonn agus beidh an triúr ag iomramh gan stad ó thús deireadh an aistir. Casadh an triúr roinnt mhaith uaireanta ar fhísghlaonna leis an turas a phleanáil agus an traenáil a phlé, ach tá na fir eile lonnaithe in áiteacha éagsúla sna Stáit Aontaithe agus níl sé éasca teacht le chéile do bhabhtaí traenála le chéile. 

 Tá an bád ceannaithe cheana féin aige, bád a chaith seal i dtuaisceart Ceanada ar thóir Bhealach an Iar-Thuaiscirt cúpla bliain ó shin, agus í curtha in oiriúint don turas nua mara seo. Barney a bhaist Réamonn ar an mbád, in ómós a athar a fuair bás anuraidh. Thug Éireannaigh eile an bád cuid mhaith den turas trí Bhealach an Iar-Thuaiscirt ach theip ar a n-iarracht sa deireadh. 

An ‘Barney’

“Tá cuma spásárthaigh ar an mbád, ar bhealach. Tá sí fiche troigh ar fad agus tá dhá shuí iomartha inti. Bád adhmaid agus snáithínghloine atá inti, tógadh í le dul ó thuaidh trí Cheanada agus tá sí téagartha, mar sin. Is tanc í dáiríre, mar tógadh í le dul i ngleic leis an oighear agus an fuacht thíos ansin. Tá sí nach mór doscriosta i gcomhthéacs an turais s’againne. Snámhann sí go hálainn ar an uisce. 

“Tá sí feistithe go maith agus go nua-aimseartha anois. Rinneadh turas den chineál seo den chéad uair in 1896, agus gan ag an mbeirt Ioruach a thug faoi ach báidín beag adhmaid agus seantrealamh loingseoireachta. Sa lá atá inniu ann tá sé an-deacair dul amú – b’fhéidir go bhfaighfeá bás go han-éasca ach beidh a fhios agat cén áit go díreach ar bhásaigh tú. Beidh SatNav, fón, ríomhphost againne – tá an córas cumarsáide dochreidte. Fiú tamall de bhlianta ó shin bhí costas mór ag baint le glao satailíte, ach is féidir Garmin InReach a úsáid anois agus téacsanna a sheoladh ó áit ar bith ar domhan anois – is féidir dul ar Instagram freisin,” a dúirt Réamonn. 

Dúirt sé gurb é an maoiniú an chloch is mó ar a bpaidrín maidir leis an teicneolaíocht seo uilig, áfach, agus nach mbeidh cuid den trealamh ach mura mbíonn urraithe sásta an t-airgead a thabhairt. 

“Tá costas mór ag baint leis an turas fiú sula dtosóimid ag caint ar an teicneolaíocht – caithfidh muid an bád a choinneáil, ciondálacha a fháil, an trealamh aimsire a fheistiú, agus go leor eile. Fágadh na huirlisí agus trealamh eile amuigh rófhada agus caithfear gach rud a bhaint den bhád agus a athfheistiú.

Tá iarmhairnéalach de chuid Chabhlach na Breataine ag cabhrú le Réamonn an turas a phleanáil agus beidh sé ag coinneáil súil ar an mbád agus ar an aimsir tríd an gcóras satailíte i gcaitheamh an turais. 

“Tá Peter, nó ‘Stokey’ mar a thugtar air, tar éis an tAltantach a thrasnú tríoch uair, agus tá na céadta mílte muirmhílte déanta aige i gcaitheamh a shaoil. Beidh sé ag breathnú ar an aimsir agus ag rá linn cén chaoi arbh fhearr dul le stoirmeacha, tonnta agus longa móra amuigh ar an bhfarraige mhór a sheachaint,” a dúirt Réamonn. 

Tá súil ag na fir dul ó Mheiriceá go hÉirinn tríd an Atlantach Thuaidh, farraige atá i bhfad níos contúirtí ná an tAtlantach Láir, a mhaíonn Réamonn. Dúirt sé go dtéann formhór na mbád seoil agus iomartha soir ó Mheiriceá Theas go deisceart na hEorpa i bhfad níos faide ó dheas agus gur sábháilte i bhfad an bealach sin. 

“Tá an tAtlantach Thuaidh i bhfad níos deacra le trasnú ná an tAtlantach Láir. Bíonn sé fuar, bíonn stoirmeacha móra ann, ní féidir an aimsir a thuar, agus is bealach mór trádála é freisin – beidh tancaeir ola ollmhóra ann agus báid eile trádála. Ní bhíonn san Atlantach Láir den chuid is mó ach báid phléisiúir. An dúshlán is mó a bheidh romhainn ná gan dul sa mbealach ar cheann de na longa móra sin – dhéanfadh siad dhá leath den bhád agus ní fheicfidís muid fiú,” a dúirt sé. 

“Turas siombalach” a bheidh sa turas seo abhaile, turas a dtugann Réamonn ‘The Hard Way Home’ air, a dúirt sé. 

“Is ‘turas’ a bheidh ann ar go leor bealadh dom féin. Tá go leor rudaí déanta agam, ach níl rud ar bith cosúil leis seo déanta agam. Tá cúpla comórtas fulangachta déanta agam, agus rinne mé an Marathon des Sables cúpla bliain ó shin. Bhínn ag cóisireacht go minic in New York, ach b’éigean dom é sin a chaitheamh in aer. Thosaigh mé ag rith, d’fhoghlaim mé an snámh agus rinne mé trí-atlan agus rinne mé Iron Man freisin. D’éirigh go han-mhaith liom agus na rudaí a fuair daoine eile thar a bheith deacair, ní raibh siad millteanach deacair ormsa. 

“B’in cúig bliana ó shin agus ansin thosaigh mé an smaoineamh ar an gcéad togra eile. Thosaigh mé ag rith rásaí céad míle, d’oscail mé mo ghnólacht féin in New York, ach theastaigh uaim rud mór mar seo a dhéanamh,” a mhínigh sé. 

Réamonn Ó Briain as Coill Mhic Thomáisín

Tá súil ag Réamonn tús a chur leis an turas i mí na Bealtaine agus an samhradh ar fad a chaitheamh ar an bhfarraige mhór. An sprioc atá aige ná teacht i dtír i nDún Garbhán, ina chontae dúchais, an chéad seachtain de mhí Lúnasa, ach dúirt sé go bhféadfadh an aimsir agus an fharraige féin tionchar mór a imirt ar an bplean sin agus go dtiocfadh sé i dtír sa bhFrainc nó in Albain.

Dúirt sé go bhfuil sé sásta leis an ullmhúchán atá déanta aige go dtí seo. Cé nach raibh taithí dá laghad aige ar chúrsaí mara sular thug sé faoin togra, tá sé i mbun cúrsaí seoltóireachta agus loingseoireachta le míonna anuas agus tá muinín aige as a chumas é féin a láimhseáil ar an bhfarraige.

Fad a bheidh sé ag iomramh trasna na farraige móire, beidh Réamonn ag bailiú airgid do charthanas Kevin Bell, carthanas a ainmníodh as Éireannach óg a maraíodh agus é ag siúl trasna an bhóthair in The Bronx ocht mbliana ó shin. 

“Níl duine ar bith in Éirinn nach bhfuil gaol aige le duine a bhásaigh thar lear nó aithne aige ar dhuine a d’imigh ar an mbád bán agus nár tháinig abhaile riamh. Bíonn sé uafásach nuair a tharlaíonn a leithéid, agus scaití bíonn sé thar a bheith deacair a corp a thabhairt abhaile. Thosaigh lucht Kevin Bell ag cabhrú le daoine ar fud an domhain na mairbh a thabhairt abhaile go hÉirinn agus tá na céadta teaghlach tar éis úsáid a bhaint as na seirbhísí sin i gcaitheamh na mblianta. 

“Nuair a chuala mé faoi obair an charthanais bhí a fhios agam láithreach gur theastaigh uaim iad a cheangal leis an togra seo – the Hard Way Home. D’fhéadfainn féin a bheith san áit a bhfuil Kevin Bell, bhí sé thart ar an aois chéanna liom féin, sa chathair chéanna liom féin, agus ag obair san earnáil chéanna liom féin nuair a maraíodh é,” a dúirt Réamonn. 

View this post on Instagram

A post shared by THE HARD WAY HOME (@thehardwayhome)

Is féidir turas Réamainn a leanacht ar Instagram anseo agus tuilleadh eolais a fháil faoi ar shuíomh oifigiúil an turais anseo