Tír Lán Iontas
ó thráthnóna mara go réabh maidine

Tá ticéad ag mo mháthair don Phicnic Leictreach agus níl ceann agamsa. Ní rachaidh mé níos faide sa scéal sin ach mura bhfuil do cheann-sa i do chúlphóca agat tá mo mháthair níos ‘cúláilte’ ná tú agus is beag seans go bhfaighidh tú an ceann is fearr uirthi, mar fógraíodh le déanaí go bhfuil siad ar fad díolta amach.

Tá, dár ndóigh, bealaí neamhghnácha eile le taitneamh a bhaint as Éirinn agus iliomad eispéireas ann nár bhain tú triail astu go fóill, cuid acu nach gcothóidh póit a mhairfeas go ceann seachtaine mar a dhéanann ceann na Picnice.

Dá dtarlódh sé go raibh tú thart ar Bhaile Átha Cliath, b’fhiú go mór freastal ar do chéad ‘réabh luathmhaidine’, Morning Gloryville. Tosaíonn an chraic ar fad ar a 6 a chlog ar maidin, agus bíonn idir cheol réabh beo ó leithéidí Le Galaxie, ióga, shuathaireacht chinn agus choirpe.

Cuirtear na hócáidí ar fad inár láthair gan alcól, faightear breosla don mhaidin ó shúnna glasa agus liathróidí sláintiúla próitéin.

Beidh an chéad réabh eile ar siúl san ionad nua ‘Hanger’ ar Lána Aindriú, Dé Céadaoin, 26 Lúnasa, ag a 6.30rn.

Más beadaí mara thú, ní fhéadfá dul amú le ‘Afternoon Sea’ sa Cliff Townhouse, seanteach a tógadh sa seachtú haois déag, áit ar chaith Samuel Beckett seal ag scríobh ann. Cloíodh leis an stíl Sheoirseach ann, agus tá radharc ón bhialann amach ar Fhaiche Stiabhna atá uasal álainn i gcónaí.

In áit na gcácaí milse, scónaí stalcánta agus na gceapairí traidisiúnta a chuirtear ar fáil go hiondúil mar chuid den tae beag, cuireann an ‘Afternoon Sea’ seo meascán mearaí de bhia mara macasamhail; anglait i bpotáin, gliomach scallta, crúbóg phortáin, oisrí agus créatúir eile nach iad.

Geallaim duit nach n-íosfaidh tú dinnéar ina dhiaidh sin.

Afternoon seaMás ag lorg sosa ó chathracha torannacha, meirbhe na tíre atá tú, tá áiteanna suaimhneacha ann a chinnteoidh go ndéanfar dearmad ar bhóithre lán tráchta, sráideanna lán daoine agus córas iompair poiblí atá lán go doras le comaitéirí atá ag bárcadh allais.

Tabhair aghaidh ar chontae Fhear Manach, agus an t-oileán príobháideach ‘Lustach beag‘ (Inis Badhbha) 75 acra de thír ghlas, aer úr agus tú timpeallaithe ag Loch Éirne.

Ní minic a fhaightear deis fanacht thar oíche i dteach adhmaid, tabhairt faoi spórt uisce nó do scíth a ligean i bhfolcadán feamainne sa spá ann.
Lusty begNí cóir dúinn dearmad a dhéanamh ar an gcontae is lú daoine in Éirinn, contae Liatroma.

Cé nach é an chéad chontae a thiocfadh chuig intinn daoine agus iad ag smaoineamh ar shaoire in Éirinn, tá clú agus cáil idirnáisiúnta bainte amach ag an Ard Nahoo Eco Retreat i nDroim Dhá Thiar toisc gurb é a t-aon áit in Éirinn ar bronnadh lipéad Éiceolaíochta an Aontais Eorpaigh do Lóistín Turasóireachta uirthi.

Agus siúlóidí treoraithe, bia orgánach agus ranganna ióga ar fáil ann, b’fhéidir go bhfuil faillí déanta againn ar an gcontae seo le tamall.

Idir seo, siúd agus eile atá luaite agam, níl leithscéal ar bith ag duine ar bith againn laethanta a chaitheamh sínte sa leaba ag faire ar Netflix . . . go mbeidh mí Dheireadh Fómhair ann pé scéal é . . .