Tógaint chroí atá i Durango-ko Azoka – ‘Oireachtas na Bascaise’

Baile beag suain faoi bhun Shliabh Pagasarri é Durango i dTír na mBascach. Is ann a bhí mo thriall-sa ar thaisteal le déanaí dom go haonach bliantúil Durango-ko Azoka, ceiliúradh liteartha ar an mBascais mar theanga.

Fáilte roimh óg agus aosta ann. Le seastáin leabhar, coirmeacha ceoil, agus cúis na teanga mar chroílár ag an rud ar fad, sórt Oireachtas na Bascaise is ea féile Durango-ko Azoka. Le coim na hoíche agus dronga daoine óga dea-ghléasta leathólta ag teacht ar an bhfód, thaibhseofaí duit Club na Féile.

Difríocht shuntasach idir Durango-ko Azoka agus Oireachtas na Gaeilge áfach ná gur féile neamhspleách í Durango-ko Azoka, nach bhfaigheann tacaíocht airgid dá laghad ó Stát na Spáinne. Is é an pobal féin a mhaoiníonn agus a reáchtálann an fhéile, agus tá na Bascaigh go mór le moladh as a ndúthracht. 

Dea-thuiscint shochtheangeolaíoch atá ar fáil sa mhéid seo dúinn – má shamhlaíonn pobal seilbh a bheith acu ar theanga, is amhlaidh is fearr a mhairfidh sí. B’fhéidir go bhfuil míniú sa mhéid seo ar líon na gcainteoirí Bascaise a bheith ardaithe ó 431,000 sna 80aidí go dtí os cionn milliún sa lá atá inniu ann. Tuigimid féin cén titim a bhain de líon na gcainteoirí Gaeilge sa bhfichiú aois, agus cinniúint na teanga ag brath rómhór ar thionscnaimh an stáit, b’fhéidir.

Chaitheas an chéad chúpla uair a chloig in Durango ag méarnáil liom ar chúlsráideanna cuanna doirneoige. B’álainn mar radharc iad na rinceoirí ildaite agus na caiféanna cluthara ar casadh gach cúinne dom. Chun na hamharclainne ar deireadh as a raibh boladh an phopcorn ag eascairt go tréan – éachtaint ar ghné de stair na mBascach le fáil trí scannán nua-eisithe dar theideal Apaizen Kartzela.

Sna seascaidí nuair a bunaíodh Durango-ko Azoka mar fhéile a thit imeachtaí an scannáin amach. Bhí gnó agam de pé Spáinnis a d’fhan liom ón gcúrsa Duolingo chun na fotheidil a thuiscint ann. 

Dealraíonn sé gur deineadh géarleanúint ar shagairt Chaitliceacha Bhascacha a chuir i gcoinne réimeas Franco sa Spáinn, agus más duairc féin mar ábhar é, bhí léiriú ann ar an bhfeabhas atá tagtha ar shaol na mBascach ó shin. 

Níor chomh duairc céanna iad na scríbhneoirí scripte, an dís deartháireacha Xabier agus Martin Etxeberria, agus avae linn go dtí tigh tábhairne an Kuttun mar ar chuir Xabier síos dom ar an mbliain a chaith sé i gCill Airne, agus cúpla focal Gaeilge ina fhianaise ar an tréimhse aige. É ag taibhreamh ar fhíon na n-airní riamh ó shin. Cóipeanna dá ghreannán nua Buyan le síniú go tiubh te idir an dá linn aige, agus thar n-ais go dtí na seastáin leabhar linn.

Ceann des na leabhair eile ar ar caitheadh solas i rith na féile ná an saothar sochtheangeolaíoch is déanaí ó uachtarán Euskaltzaleen Topagunea (col ceathrar Bascach den Chonradh),  Kike Amonarriz. Euskararen bidegurutzetik (“Ó Ghabhal na Bascaise”) teideal an leabhair. 

Ní fhágtar an Ghaeilge féin slán ó anailís sa leabhar seo inar cúram don údar na slite inar féidir normalú a dhéanamh ar úsáid mhionteangacha. Thug a thaighde ina thaobh seo é chomh fada le úsáideoir YouTube darb ainm Eoin Butler a chraobhscaoil roinnt tuairimí maslacha i dtaobh na Gaeilge i bhfíseán leis sa bhliain 2016. 

As an bhfíseán céanna a tharraing Amonarriz ina leabhar le sampla a thabhairt den sórt miotais a chruthaítear fé mhionteangacha d’fhonn bonn a bhaint díobh, agus sa chomhthéacs céanna, chaith sé solas ar obair Chonradh na Gaeilge ó thaobh miotais mar seo i dtaobh na Gaeilge a bhréagnú.

Ní hé an acadúlacht an chloch is mó ar phaidrín Amonarriz áfach. Aisteoir teilifíse leis is ea é, agus tá a cháil gaibte i bhfad ó thaobh a chuid oibre mar fhuirseoir Bascaise. In agallamh a thug sé go cneasta dom ar láthair na féile, mhínigh sé gurbh é féin a chuir grúpa fuirseoirí Bascaise ar bun den chéad uair i rith na nóchaidí – ceannródaithe ab ea iad, sórt Gaelgáirí na Bascaise! 

Sé ghrúpa déag dá chineál anois atá ag feidhmiú i dTír na mBascach, ach ba é an dúshlán a bhí ann an chéad lá ná “a chur ina luí ar dhaoine gurbh fhéidir a bheith greannmhar in aon chor as Bascais”. 

Cur chuige focleolaíoch ar dtúis a bhí ag Amonarriz — greann á bhaint aige as cosúlachtaí aite idir fuaimniú frásaí áirithe Bascaise agus teangacha inaitheanta go mór mar an tSeapáinis, an Araibis, agus an Ghearmáinis.

Agus tá léiriú sa chuir chuige grinn seo ar oscailteacht na mBascach chun na héagsúlachta teangan. Aoi speisialta agus ionadaí thar ceann na náisiún Ceilteach ag an bhféile ab ea an tAlbanach Rachel Newton. Chuir sí cluain ar lucht féachana Durango lena cláirseoireacht agus lena leagan de ‘Fear an Bhàta’. 

Ráiteas deas ionchuimsitheachta a bhain le hateangaireacht go dtí teanga chomharthaí a chur ar fáil don taispeántas ilchineálach seo ón mball den bhanna cheoil Throwing Voices. Idir cheol, fhilíocht, agus amhránaíocht, thug sí fé i gcomhar leis an bhfile áitiúil Uxue Alberdi. B’álainn an bhailchríoch ar an bhféile dar liomsa é. Ba dheas an dlúthpháirtíocht é mar chuid den ghluaiseacht #ScotlandgoesBasque.

Teanga aonraithe í an Bhascais – is é sin le rá gur teanga í nach féidir gaol cinnte a léiriú idir í agus teangacha eile ar fud an domhain. Murab ionann agus an Bhascais, is féidir le gach teanga eile san Eoraip gaol a mhaíomh lena chéile tríd an dúchas comónta Ind-Eorpach, nó i gcás na Fionlainnise, na hUngáirise, agus na hEastóinise, tríd an dúchas Fionn-Ungrach. 

Teanga aonaránach is ea an Bhascais ar leibhéal eile chomh maith mar sin – is í an t-aon teanga aonraithe atá le fáil san Eoraip. Teanga chasta go leor le foghlaim atá inti. Don té a bhfuil a ghráin aige ar an tuiseal ginideach sa Ghaeilge, cuimhníodh sé gur trí thuiseal déag atá sa Bhascais! 

Ach tá sí beo beathach mar sin féin, idir chainteoirí dúchais agus nuachainteoirí ag cur lena líon i gcónaí. Tógaint chroí atá sa phobal Bascach, agus mholfainn mar shaoire álainn tamall ag Durango-ko Azoka.