Tomás ar a rothar arís!
Turas 25,000km beartaithe ag Rothaí an Bhuailtín

Tá sé tosnaithe arís, ar aistear mór fada rothaíochta ar fuaid na hAstráile, na hEorpa, na hÁise agus ar dtús, na Nua-Shéalainne. Is é sin, rothaí an Bhuailtín, mar atá baiste air, Tomás Mac an tSaoir. 25,000 ciliméadar de bhóithre, gan éinne ina theannta ach a rothar! Dhá bhliain atá tugtha aige dó féin chun an turas seo, a thosnaigh sé ar an 23 Eanáir, a chur i gcrích. 

Bóthar Fada Abhaile atá Tomás ag tabhairt ar an aistear.

Dhein Tomás aistear 12,000 ciliméadar anuraidh ó híochtar go huachtar na hAfraice, agus é ina chaonaí aonair, aistear a thóg seacht mí. Dóbair gur rug leon air lá amháin agus é ag tógaint sosa chun a lón a ithe fé scáth na gcrann. An chéad rud eile, chuala sé an t-osna agus an gheonaíl. Ní foláir nó go mboladháil an leon pé rud a bhí sa cheapaire ag Tomás. Má tá, theith Tomás leis ar cosa in airde!  

Bhailigh sé os cionn €20,000 don gcarthanas LIVE LIFE, a bhunaigh muintir an ógánaigh Dónal Walsh ó Thrá Lí, nuair a cailleadh le hailse é in 2013. 

Is féidir aistear Thomáis, atá 25 bliain d’aois, a leanúint anso.