Am Gaelach — ‘uaireadóir Gaeilge’ ó 1984 aimsithe ag cartlannaí Chonradh na Gaeilge

Tá uaireadóir Gaeilge ó 1984 aimsithe ag cartlannaí Chonradh na Gaeilge, Niamh Ní Charra, i gcartlann an Chonartha in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá Niamh ag obair ón mbaile le linn phaindéim Covid-19 i láthair na huaire, ach d’éirigh léi roinnt grianghraif de cháipéisí agus míreanna eile ón gcartlann a thógáil sular dúnadh an ollscoil. 

I measc na míreanna sin bhí an t-uaireadóir grianchloiche Gaeilge ‘Am Gaelach’ a d’fhorbair baill Chraobh Mhaighneann de Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath sa mbliain 1984. Tháinig Niamh ar an uaireadóir i mbosca a d’fhág Craobh Mhaighneann i seilbh Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair fadó, agus deir sí nach bhfuil ach an t-aon cheann amháin faighte aici go dtí seo. 

Dheimhnigh duine de na daoine a bhí taobh thiar de na huaireadóirí, Íte Ní Chionnaith, áfach, go ndearnadh agus gur díoladh “na mílte” uaireadóirí ‘Am Gaelach’ sna 1980idí. 

“Bhí éileamh an-mhór ar na huaireadóirí ‘Am Gaelach’ nuair a rinneadh iad. Bhí an cineál sin uaireadóra, na huaireadóirí digiteacha, díreach tagtha amach ag an am, agus bhí an t-eolas ar fad scríofa i nGaeilge orthu. Bhí baint ag Craobh Mhaighneann le Gaelscoil Inse Chór agus chuaigh an chuid is mó den bhrabús ó na huaireadóirí chuig an scoil, agus tugadh roinnt airgid don Ard-Oifig le printéir nua a cheannach, rud a bhí neamhchoitianta ag an am. 

“Tháinig an bun-uaireadóir ón mBreatain Bheag, bhí an uaireadóirí acu a raibh an scríbhneoireacht i mBreatnais orthu agus fuaireamar an smaoineamh uathu sin. Díoladh na mílte acu. Comhlacht darbh ainm Siop Y Pentan i Caerfyrddin na Breataine Bige a dhear iad, agus rinneadh sa tSeapáin agus in Hong Cong iad. Chuaigh mé féin chuig an mBreatain Bheag cúpla uair le tuilleadh uaireadóirí a bhailiú, bhí an t-éileamh chomh mór sin orthu nárbh fhéidir le muintir na Breataine Bige coinneáil suas leis na horduithe,” a dúirt Íte le NÓS. 

Bhí £4.50 (€12.75 in airgead an lae inniu) ar na huaireadóirí agus costas £0.50 (€1.40) ar an bpostas. 

“Bhíodar an-saor, ní raibh uaireadóirí digiteacha ach i dtús a ré an uair sin, agus bhí muid ag iarraidh rudaí nua a dhéanamh, earra nua-aimseartha Gaeilge a chur ar fáil, ag am a bhí na huaireadóirí sin ag éirí coitianta. Thug daoine suntas do cé chomh saor is a bhí siad agus bhí éileamh an-mhór orthu dá bharr.

Uaireadóir grianchloiche a bhí in ‘Am Gaelach’, ar a raibh na focail ‘An Ghaeilge’ chomh maith le ‘am’, ‘dáta’, ‘lá’, ‘mí’, ‘uair’, agus ‘nóiméad’ scríofa. Bhí na treoracha agus an ‘ráthaíocht’ a chuaigh leis na huaireadóirí uilig i nGaeilge chomh maith. 

“Chuir mé féin Gaeilge ar na treoracha agus ar an mbarántas a chuaigh leo. Seans nach raibh an Ghaeilge chomh glan sin ach ní raibh aistriúchán déanta ar a leithéid d’earra teicneolaíochta roimhe sin, bhí sé go hiomlán nua agus thug daoine suntas dó.

“Tugadh clúdach maith dó ar na meáin náisiúnta, agus bhí scéal faoi ar an gcéad leathanach den Evening Herald. Bhí dhá alt ar The Irish Times, ceann i nGaeilge agus ceann i mBéarla agus bhí ailt ar The Irish Independent faoi chomh maith,” a dúirt Íte. 

Luaigh sí go raibh deacracht teicniúil acu leis na cadhnraí a bhí sna huaireadóirí agus go mb’éigean do Chraobh Mhaighneann roinnt mhaith cadhnraí nua a ordú agus nárbh fhéidir a bheith ag braith ar na cadhnraí i ndiaidh bliana, ach ina ainneoin sin go raibh an-tóir ar na huaireadóirí. 

“Díoladh an chuid ba mhó acu tríd an bpost, ach bhí siad ar díol tríd an Siopa Leabhar agus i mBéal Feirste, agus dhíol Peadar Mac Fhlannchadha i nGaillimh go leor acu freisin. Bhí leagan d’fhir agus leagan do mhná ann — an difríocht a bhí eatarthu ná an méid — agus bhí dearadh tarraingteach nua-aoiseach orthu,” a dúirt sí.

Ar ndóigh, tá na chéad ghlúin eile d’uaireadóirí ‘digiteacha’ ar fáil as Gaeilge anois — sin é an Galaxy Watch ó Samsung, uaireadóir cliste atá ar fáil go hiomlán as Gaeilge.