An mbeidh an lá le Nintendo?
Oidhreacht an mhórchomhlachta cluichíochta á cíoradh

Agus an consól úr ‘Switch’ á chur amach ag Nintendo an Aoine bheag seo, 3 Márta, breathnaíonn Seán Ó Treasaigh siar ar éachtaí agus laigí an mhórchomhlachta cluichíochta agus fiosraíonn sé an iarracht is déanaí leo dul i bhfeidhm ar an mhargadh.


Na 90í atá ann.

Muid os comhair teilifís bhídeach chearnógach, rialtán sa láimh againn, ag súgradh leis na sárdheartháireacha Mario agus na sluaite eile de charachtair agus de chluichí a chum mórchomhlacht na cluichíochta, Nintendo.

An cuimhin leat féin?

Ba shin ré órga na bhfíschluichí, ar ndóigh, agus tá an saol athraithe ó shin.

Bhog na boic mhóra isteach, Sony agus Microsoft, lena gcuid crua-earraí cumhachtacha, PlayStation agus Xbox faoi seach.

Sa lá atá inniu ann, iadsan ceannródaithe mhargadh na cluichíochta gan cheist, agus is ar éigean a chuirtear Nintendo san áireamh nuair a bhíonn an chluichíocht á plé.

Cad chuige?


Ar theacht na réabhlóide: Wii


Ní chuirtear Nintendo sa rannóg chéanna níos mó mar gur bheartaigh siad féin gluaiseacht leo i dtreo difriúil thart ar dheich mbliana ó shin.

D’éalaigh siad ó chogadh na ngrafaicí agus ón tsáinn a tháinig chun cinn sa tionscal.

Bhí na consóil eile ag éirí níos cumhachtaí, níos casta agus níos costasaí de réir a chéile.

Chuige sin lainseáil Nintendo a gconsól beag aisteach, Wii, sa bhliain 2006.

B’fhurasta do chách dul i dtaithí ar an Wii mar bhí sé chomh hiomasach sin; ní raibh le déanamh ach an rialtán a luascadh i do láimh lena imirt!

Bhí seantuismitheoirí ag iascaireacht agus ag déanamh aclaíochta leis, bhí teaghlaigh iomlána ag damhsa agus ag imirt leadóige le chéile leis.

Bhí ceann acu le feiceáil i ngach teach sa tír, go díreach cosúil leis na hochtóidí agus na nóchaidí nuair a bhí consól Nintendo ag gach duine.

D’éirigh chomh geal sin leis an Wii gur díoladh níos mó ná 100 milliún acu ar fud an domhain.


Wii U agus tús an anró

Tháinig deireadh leis an rath seo, áfach, nuair a lainseáil Nintendo Wii U – comharba an Wii – sa bhliain 2012.

Mheas Nintendo go raibh siad in ann leanstan den fhormáid chéanna a d’oibrigh go maith don Wii roimhe, ach bhí dul amú orthu.

Bhí daoine réidh le cluichí gimiceacha.

Is beag an fhógraíocht a rinneadh ar an Wii U agus níor thuig an pobal gur córas úr a bhí ann.

Ní raibh sé chomh holc sin mar chonsól, le fírinne, ach níor éirigh leis riamh aird an phobail a tharraingt air féin.


Teacht na ré úire: Nintendo Switch

Taithí a dhéanann máistreacht, agus is léir gur fhoghlaim Nintendo ó na deacrachtaí a bhí acu leis an Wii U.

Tá siad ag ullmhú faoi láthair lena gcóras is déanaí a sheoladh ar fud na cruinne ar an 3 Márta, is é sin Nintendo Switch.

Go bunúsach is táibléad é, ach tá coincheap suimiúil taobh thiar de; is consól baile agus consól láimhe é san am céanna.

Is é sin le rá go dtig leat a úsáid le do theilifís sa bhaile mar chonsól traidisiúnta, nó a thabhairt leat i do lámha más mian leat.

Tá dhá rialtán inscaoilte ann agus is féidir iad sin a úsáid mar ghnáthrialtán, nó iad a cheangal leis an táibléad féin (mar a fheictear thíos).

“Am ar bith, áit ar bith, le duine ar bith” an mana oifigiúil don Switch.

Cad é faoi na cluichí féin?

Tiocfaidh an chéad teideal eile ‘Breath Of The Wild’ sa tsraith The Legend of Zelda amach Dé hAoine fosta.

Cluiche ollmhór fánaíochta atá ann agus tá cuma ghalánta air – níl mórán idir é agus scannán de chuid Stiúideo Ghibli (féach thíos).

Cosúil le gach aon chluiche sa tsraith Zelda, tá daoine ar bís faoin iontráil seo.

Beidh teidil eile mar ‘I Am Setsuna’ agus ‘Skylanders: Imaginators’ ar fáil ar lá na lainseála chomh maith, agus tiocfaidh ‘Mario Kart 8 Deluxe’, ‘The Elder Scrolls V: Skyrim, Arms’, ‘Splatoon 2’, ‘Ultra Street Fighter II’ chugainn i mbliana, agus neart eile nach iad.

Pillfidh an pluiméir Iodálach féin chomh maith faoi Nollaig 2017 in ‘Super Mario Odyssey’.

Bunchuspóir Nintendo i dtólamh ná cluichí cruthaitheacha dodhearmadta a dhéanamh, é léirithe go maith acu san iliomad cluichí dá gcuid atá molta go hard ag na léirmheastóirí.

Caith súil ar chlár na bhfíschluichí ab fhearr riamh agus bíonn teidil Nintendo le feiceáil ag barr an liosta i gcónaí.

Fiú más cuma leat an cur chuige neamhghnách a bhíonn ag Nintendo, caithfear a admháil go mbíonn siad i mbun nuálaíochta i gcónaí.

Tá fógraíocht iomaíoch á déanamh ar an Switch agus tá caint dhearfach sna meáin shóisialta agus i mbéal an phobail air.

Beidh Nintendo ag súil le samhlaíocht an phobail a spreagadh arís leis an Switch, ach beidh le feiceáil an éireoidh leo.

Imrímis!

An bhfuil suim agat féin sa Switch nó i gcluichí Nintendo?

Abair amach do bharúil thíos faoi!

  • Shane Forde-Toshwidger

    Táim ar bís faoin Switch.

    Ná déan dearmad ar Xenoblade 2. Thaithin an céad iontráil ar an Wii go mór liom.

  • cluasraon

    Roinnt fadhbanna ag an Switch, easpa cluichí don seoladh ag barr an líosa. Beidh le feicáil an mbeidh siad in ann daoine a mhealladh an córas a cheannach nuair atá siad ag dul in iomaíocht le Xbox agus an PS4 ar chostas.

    • Seán Ó Treasaigh

      Seans go bhfuil an ceart agat. Deir Nintendo go bhfuil sé i gceist acu sruth maith cluichí a chur amach i gcaitheamh na bliana seachas láinseáil ollmhór a dhéanamh. Beidh an Nollaig seo suimiúil óna thaobh sin!

      • cluasraon

        Tá fhios agam, rinneas roinnt taighde faoin switch mar táim chun físeán a chur amach mar gheall ar. Sé an rud ná, is féidir leis an Xbox nó an PS4 roinnt mhaith cluichí a chur amach don seoladh agus cluichí a chur amach i rith na bliana chomh maith.