An Seinnteoir Raidió Gaelach
An t-aon aip raidió a theastaíonn uait!

Den chéad uair riamh, tá aip ar fáil a tharraingíonn na seirbhísí raidió, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió Fáilte, Raidió na Life agus Raidió Rí Rá, le chéile ar aon ardán amháin.

Aip shlachtmhar ardchaighdeáin is ea í ar a bhfuil an comhéadan agus an idirghníomhaíocht ar fad i nGaeilge.

Ar oscailt na haipe, tá ceithre stáisiún Gaeilge mar rogha ag an úsáideoir, mar aon leis na stáisiúin mhóra eile sa tír.

Lar

D’eascair An Seinnteoir Raidió as Plean Gaeilge RTÉ, faoi stiúir Rónáin Mhic Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, agus is i gcomhpháirt leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an IBI a cruthaíodh é.

Ag labhairt le NÓS dó, dúirt Rónán gur beartaíodh na seirbhísí raidió Gaeilge a thabhairt le chéile ar aon ardán amháin le go mbeadh an tairbhe agus an úsáid is mó á bhaint as.

“Is mó ábhar atá ann, is mó stáisiún atá ag plé leis, a láidre atá sé,” ar sé.

Mar a bheadh baile ann a mheallann turasóirí sna sluaite ó tharla slám óstán a bheith tógtha ann, táthar ag súil go meallfaidh na seirbhísí raidió éagsúla, atá ar fáil ar an aon ardán amháin, tuilleadh éisteoirí.

“In ionad a bheith ag tógáil ón lucht éisteachta, má tá na seirbhísí ar fad tarraingthe le chéile, cuirfidh an éagsúlacht leis an bpobal éisteachta,” ar sé.

“Feictear dom go mbeadh daoine a éisteann le Raidió Fáilte ag cur spéise sna cláir a chraoltar ar Raidió RíRá, agus an rud céanna – go mbeadh éisteoirí Raidió na Gaeltachta ag iarraidh cluas a thabhairt le Raidió na Life.”

Agus an chéad chéim bainte amach ag An Seinnteoir, tá pleananna uaillmhianacha eile beartaithe don aip a thabharfaidh deis do stáisiúin raidió Ghaeilge a gcuid féin a dhéanamh di agus a chuirfidh ardán eile ar fáil do chláir aonair Ghaeilge atá á gcraoladh ar stáisiúin Bhéarla.

“Ó tharla go bhfuil an spás seo cruthaithe ar líne, beidh na stáisiúin in ann leas a bhaint as an seinnteoir le hábhar eile – liosta rianta nó míreanna nuachta nó cibé rud – a chur in airde, mar a bheadh aip taobh istigh d’aip acu féin.”

Tá sé beartaithe go mbeidh fáil roimh i bhfad tríd an aip seo ar aon chlár Gaeilge a chraoltar ar stáisiúin tráchtála agus ar stáisiúin áitiúla, mar shampla ‘Splanc’ ar Newstalk nó cláir le Raidió na dTreabh atá a chraoladh ar Flirt FM faoi láthair.

Is é Unique Interative, an comhlacht céanna a chruthaigh an Irish Radio Player App, agus atá taobh thiar aipeanna dá macasamhail sa Bhreatain, sa Ghearmáin agus sa Danmhairg, a d’fhorbair An Seinnteoir.

Feidhmíonn An Seinnteoir ar ghléasanna Apple agus Android araon agus tá sí ar fáil ar iTunes agus Google Play.

Is binn iad na haerthonnta Gaelacha, a Nosadóirí!