Ardú 28% ar ghiolcacha Gaeilge le linn na dianghlasála in Éirinn

Tá ardú 28% tagtha ar líon na ngiolcacha a sheoltar i nGaeilge ó d’fhógair an rialtas na srianta le dul i ngleic le scaipeadh an víris chorónaigh an mhí seo caite. Dúnadh na hinstitiúidí oideachais ó dheas ar an 12 Márta 2020 agus ó shin i leith tá ardú mór tagtha ar líon na dteachtaireachtaí Gaeilge a scríobhtar ar Twitter.

De réir anailíse a rinne an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil St Louis in Missouri, seoladh 1,396 giolc i nGaeilge in aghaidh an lae ar an meán le linn mhí Eanáir. Ó fógraíodh an dianghlasáil i lár na míosa seo caite, seoladh 1,792 giolc i nGaeilge in aghaidh an lae ar an meán. Is ionann sin agus ardú 28% ar an ngníomhaíocht Ghaeilge le linn na dianghlasála. 

Ba ar Lá Fhéile Pádraig, an 17 Márta, a seoladh an líon is mó giolcacha as Gaeilge ó fógraíodh na srianta diana, lá a seoladh 2,884 giolc i nGaeilge. Ba é Dé Domhnaigh, an 5 Aibreán, an lá a seoladh an líon is lú giolcacha i nGaeilge, lá nár seoladh ach 1,076 teachtaireacht i nGaeilge ar Twitter.

Bhí an feachtas #TrasnanadTonnta ar siúl le linn na dianghlasála, feachtas ina n-iarrtar ar chainteoirí Gaeilge ar fud an domhain a bheith ag giolcaireacht i nGaeilge. Níor éirigh chomh maith céanna le feachtas na bliana seo agus a d’éirigh le feachtas na bliana anuraidh, ach mar sin féin chuir an feachtas le líon na ngiolcacha a seoladh. Seoladh beagnach 1,900 giolc ar an gcéad lá den fheachtas agus seoladh os cionn 2,000 giolc i nGaeilge gach lá eile an tseachtain sin.

Chomh maith leis sin, bhí Seachtain na Gaeilge ar siúl nuair a fógraíodh na srianta ar dtús, tráth a mbíonn borradh faoin ngiolcaireacht Ghaeilge chuile bhliain agus an pobal níos airdeallaí ar an teanga ná mar a bhíonn de ghnáth, agus iarracht bhreise á déanamh ag giolcairí an Ghaeilge a úsáid ar líne. 

Baineann na staitisticí a luaitear san alt seo leis an tréimhse 1-31 Eanáir 2020 agus 12 Márta-24 Aibreán 2020.