Bolgán Solais draíochta
Ar foluain san aer

Mar a bheadh cleas draíochta ann, tá bolgán cruthaithe ag an dearthóir Simon Morris a ritheann ar chumhacht a thagann ón aer.

Is ea, an t-aer!

Slán le sreangacha leictreachais agus slán le ceallraí! Déantar an bolgán nuálach seo, Flyte, a chumhachtú trí ionduchtú maighnéadach ón aer.

Agus é lasta, tá an chuma ar Flyte go bhfuil sé ar foluain san aer.

Bíonn sé suite os cionn píosa adhmaid cearnógach a shuíonn ar an talamh nó ar bhord.

Floating

Deirtear nach mbrisfidh an bolgán má thiteann sé ón aer agus go bhfuil LED ann a ritheann ar fhuinneamh íseal le go mairfidh sé tamall fada.

Maítear ar shuíomh gréasáin Flyte go mairfidh an solas níos mó ná 50,000 uair an chloig – sin breis agus 11 bhliain agus an solas ar siúl ar feadh 12 uair an chloig sa lá!

Ar $349 an ceann, seans gur margadh maith é.

Anuas ar an solas féin, tagann cumhacht ón bhun adhmaid a mbíonn an bolgán ar foluain os a chionn.

Feidhmíonn an bun adhmaid, mar sin, mar stáisiún luchtaithe do do ghuthán agus do ghléasanna eile fosta.

Tá cúlra eolaíochta agus ealaíne ag Simon Morris, atá ag cur faoi i Nua-Eabhrac.

Agus an sciorrárthach (hovercraft) mar inspioráid dó, tháinig Flyte ar an saol tar éis feachtas rathúil Kickstarter a tharraing breis agus $600,000.

D’eascair an togra ón spéis atá ag Simon i gcúrsaí fuinnimh agus damhna. Bíonn sé fiosrach faoin tionchar a imríonn domhantarraingt (gravity) agus dímheáchan (weightlessness) orthu.

“Ceann de na brionglóidí is coitianta a bhíonn ag daoine ná a bheith ag eitilt. Sílim go bhfuil muid gafa leis an choincheap a bheith saor ó shrianta na domhantarraingthe,” ar sé.