Cathláthair chaithréimeach
Léirmheas ar Battlefield 1

Déarfainn go bhfuil mé sa mhionlach fhad is a bhaineann sé le cluichí sa seánra céanna le Battlefield 1.

An chéad rud a dhéanann formhór na n-imreoirí ná an cluiche a lódáil agus léimint caol díreach isteach san imirt ar líne.

Ní mórán a thógann an t-am chun an feachtas aonarach a imirt níos mó mar le blianta beaga anuas níor chuir déantóirí an oiread iarrachta isteach iontu.

I measc an phríomhábhair dhíomá, bhí scéalaíocht leath-scoilte, carachtair laga agus fad na misean, i mo bharúil féin.

Admhaím go bhfuil an feachtas i Battlefield fós ró-ghar ach… tá sé ar-fheabhas!

Tá na déantóirí EA agus Dice théis dul siar go dtí an Chéad Chogadh Domhanda leis an iarracht seo agus in áit ceacht staire a thabhairt don imreoir, díríonn na misin ar scéalta daonna.

battlefield1_1

Tá na fínéid seo ag iarraidh scéalta na ndaoine ón am a insint agus éiríonn leo ar bhealach cumhachtach.

Tá cúig scéal ar fad le himirt ón Iodáil go dtí an Afraic agus an rud is mó a thaitin liom faoin stíl seo ná nach raibh mé srianta go háit amháin ná carachtair amháin.

Le gach misean tháinig scéalaíocht, armlóin agus eolas nua, agus tharraing sé sin isteach mé.

Bhí mé i mo shaighdiúir leis na Harlem Hellfighters, ghlac mé ról Daniel Edwards atá mar chuid den aonad tanc British Mark V agus bhí mé mar phíolóta ag eitilt an aerárthaigh throdaíochta, an Bristol F2A.

Mar a luaigh mé, an t-aon rud diúltach atá le rá agam faoin chuid seo ná go raibh na misin sách gearr ach thug sé na scileanna dom le tabhairt faoin imirt ar líne.

Agus caithfidh mé a admháil gur bhain mé an-sult as an chúpla uair an chloig a chaith mé ar líne.

battlefield1_2

Thóg sé píosa orm dul i dtaithí ar roinnt de na modhanna imeartha, agus le luas an chluiche chomh maith, ach sin easpa taithí thar aon rud eile.

Tá na modhanna claisiceacha ar fad ar ais ar nós ‘Domination’ agus ‘Conquest’ agus an phríomhaidhm atá iontu seo ná áit ar leith ar an mapa a ionsaí agus ansin an pointe sin a chosaint.

Ar ndóigh tá ‘Team Deathmatch’ ar ais freisin ach an ceann is suimiúla ná ‘Operations’.

Sa mhodh seo tá eilimintí de na cinn thuas luaite fite fuaite ann agus is mór an spórt é.

Tá rogha agat cosaint nó ionsaí, ansin tá cuspóirí éagsúla le tabhairt faoi a athraíonn de réir mar atá an chogaíocht ag dul ar aghaidh!

Thóg sé uair an chloig orm teacht slán as iarracht amháin!

Ar an iomlán bhain mé an-sult as Battlefield One a bhuíochas sin leis an scéalaíocht, an dearradh agus, faoi dheireadh, feachtas aonarach gur fiú a imirt.

Ach an rud is suntasaí ná go bhfuil EA agus DICE théis pearsantacht a thabhairt don chluiche, rud nach bhfuil feicthe againn sa seánra na gcluichí lámhaigh (shooter) le tamall fada.

Mholfainn é cinnte mar sin agus tá Battlefield One ar fáil anois don PlayStation 4, Xbox One agus Microsoft Windows.


Is féidir Colmán a leanúint ar Twitter ag @colmanacus