Cluasáin Chliste
A chabhraíonn leat d’aird a dhíriú!

Is iomaí intinn ar a dtagann cathú nuair atá staidéar nó obair le déanamh.

Beidh a fhios ag mic léinn agus daltaí ar fud na tíre go maith é, iad ag streachailt leo faoi láthair i mbun ullmhúcháin do thréimhse na scrúduithe.

Beidh sibh sásta a chluinstin mar sin go bhfuil grúpa dearthóirí i mbun cluasáin chliste a fhorbairt a dhíríonn an intinn ar an obair.

Deirtear go bhfuil na cluasáin speisialta seo á gcruthú chun cuidiú le daoine a bheith níos bisiúla ar an obair nó ar scoil.

Iarracht de chuid an chomhlachta fuaime Onkyo atá ann agus d’éirigh lena bhfeachtas Kickstarter níos mó ná $1 milliún a mhealladh, cé nach raibh ach sprioc de $100,000 acu ag an tús.

Anuas ar fhuaim a chealú, maítear go mbeidh na cluasáin, ar a thugtar ‘Mindset’, in ann feidhmiú na hintinne a rianú.

Nuair a théann tú ar seachrán cuirfear teachtaireacht chugat a dhíreoidh d’fhócas in athuair.

Tá braiteoirí leictreinceifealagrafaíochta, nó ‘EEG’, sna cluasáin a chiallaíonn gur féidir measúnú a dhéanamh ar d’intinn i bhfíor-am.

Cheana féin, tá an teicneolaíocht nua seo á húsáid ag lúthchleasaithe, spásairí agus daoine eile nach iad agus tá súil go mbeidh na cluasáin chliste á bhforbairt agus ar fáil ar an mhargadh mór faoi dheireadh na bliana.

Go dtí sin, bain triail as Pomodoro, a chairde!