Colmán Vs. Battleborn
Cluiche mín, snasta le Gearbox!

Cé nach raibh sé ag súil leis, tá ar léirmheastóir ríomhchluichíochta Colmán Mac Séalaigh an-tógtha leis an gcluiche nua Battleborn a eisíodh le déanaí! Míníonn sé cén fáth! 


Táim ar ais! Bhraith mé uaim sibh!

An tseachtain seo caite, eisíodh an cluiche Battleborn don Playstation 4, Xbox One agus PC – agus tá mo mhéara tinn tuirseach!

Cluiche lámhaigh céad phearsan é seo: is é sin go bhfeiceann tusa, an t-imreoir, gach rud trí shúile an charachtair.

Tá na déantóirí théis an imirt a mheascadh suas rúinne beag leis an eisiúint seo.

Tá scéal aonarach agus eilimintí MOBA (Multiplayer Online Battle Arena) ann sa dóigh gur féidir leat imirt in aghaidh imreoirí eile ar líne.

An scéal ar dtús, mar sin.

Tá sé bunaithe ar ghrúpa carachtar atá ag troid i gcoinne Varelsi, a scrios pláinéid na gcarachtar seo.

Battle

Tá 25 carachtar ar fad ann agus tá cumhachtaí, seifteanna agus ionsaithe éagsúla ar fáil do gach duine acu.

Bhain mé an-sult as gach aon charachtar acu a thriall agus caithfear a rá go bhfuaireas tarraingteach iad ar fad, ina mbealach féin.

Sin ceann de na rudaí is fearr faoin eisiúint seo: tá pearsantacht, cuspóir agus ról ag gach duine acu.

Níl aon cheann acu lag ná díomhaoin.

Tá ocht misean (fhada) ar fáil anseo, agus cé go bhfuil siad sásúil mar mhisin, tá an spraoi is mó le fáil san imirt ar líne.

Is dócha gurb é seo an chuid nach raibh mé ag súil leis mar táim uafásach ag imirt in aghaidh daoine eile!

Battleborn lar

Tá cúpla modh imeartha le fáil anseo ar nós Gabháil, Ionradh agus Ollchliseadh (Capture, Incursion agus Meltdown).

Caithfidh mé a admháil gur thóg sé tamall orm dul i gcleachtadh orthu de dheasca easpa taithí, ach théis uair nó dhó bhí mé sáite ann.

Bhí sé suimiúil na teaicticí agus stíleanna imeartha éagsúla – agus an tionchar a bhí acu ar na babhtaí éagsúla – a fheiceáil.

Anuas air sin, tháinig cumhachtaí na gcarachtar éagsúla chun cinn anseo.

Bhí sé go hiontach a bheith in ann mo stíl imeartha a athrú ag brath ar cé acu a raibh mé ag iarraidh smacht a fháil orthu.

Ó thaobh dearaidh de, tá sé go hálainn.

Is iad Gearbox a d’fhorbair an cluiche agus chomh luath agus a thosaíonn sé, tá lorg an chomhlachta seo le feiceáil.

Tá an ealaín, an fhuaim agus an script ar fad ar ardchaighdeán, agus leis an Unreal Engine
3 in úsáid, tá an imirt mín agus snasta.

Cé nach raibh an cúpla eisiúint is déanaí leo (Duke Nukem Forever agus Aliens: Colonial Marines) rómhaith sna réimsí seo, is léir go bhfuil cúrsaí curtha ina gceart acu.

Mar fhocal scoir, gheall déantóirí an chluiche seo go raibh cluiche úr, mín, tarraingteach ar an mbealach agus caithfidh mé a rá gur chomhlíon siad na geallúintí sin.

Baineadh siar díom nuair a chonaic mé cé chomh maith agus atá sé, agus seans gurb amhlaidh a bheas i do chás féin.

Tá Battleborn ar fáil anois don Playstation 4, Xbox One agus PC. Leanaigí Colmán @colmanacus