Comhairle san Eilvéis chun glacadh le Bitcoin!

Tá comhairle baile san Eilvéis ar tí glacadh leis an airgeadra digiteach Bitcoin le haghaidh íocaíochtaí áirithe dá seirbhísí poiblí.

Tosóidh an scéim phíolótach sa bhaile Zug ar 1 Iúil agus leanfaidh sé ar aghaidh go deireadh na bliana.

Beidh cónaitheoirí in ann suimeanna suas le 200 Franc Eilvéiseach (€180) a íoc leis an chriptea-airgeadra.

Ní airgead fisiciúil é Bitcoin ach dearbháin dhigiteacha atá á dtrádáil ar líne ó bhí 2009 ann.

Tá go leor comhlachtaí Bitcoin lonnaithe i gceantar Zug agus chuige sin tá cinneadh déanta ag comhairle an bhaile ligean do dhaoine íoc as seirbhísí na comhairle leis an ríomh-airgeadra.

Zug-Switzerland

“Samhlaím go mbeidh tú in ann do bhille cánach a íoc le Bitcoin amach anseo,” arsa Méara Zug, Dolfi Mueller.

Má éiríonn go maith leis an scéim i mbliana tá sé i gceist acu an cur chuige a leathnú amach chuig seirbhísí eile rialtais.

In 2014 seoladh criptea-airgeadra Éireannach darb ainm Gaelcoin ach tuigtear nach bhfuil sé á thrádáil a thuilleadh.