‘Comhartha láidir’ ag teacht ó HD 164595
Tá an réalta ar nós ár nGréine

Tá réalteolaithe atá i mbun cuardaigh ar intleacht eachtardhomhanda anois ag díriú ar réalta atá 94 solasbhliain uainn tar éis gur aimsíodh comhartha láidir ag teacht uaidh.

Tháinig saineolaithe Rúiseacha ar an chomhartha ó HD 164595 anuraidh ach ar chúis éigin níor scaoileadh an fhionnachtain go poiblí go dtí an tseachtain seo.

Is eol dúinn go bhfuil ar a laghad pláinéad amháin ar fithis timpeall na réalta, agus ar an ábhar go bhfuil an comhartha atá á aimsiú chomh tréan sin is féidir go bhfuil sé ag teacht ó fhoinse intleacht eachtardhomhanda seachas ó fhoinse nádúrtha.

“Is díol spéise é an comhartha seo ó HD 164595 mar is réalta í atá ar nós na Gréine againn féin, agus más comhartha saorga é is léir go bhfuil an tsibhialtacht a chruthaigh é i bhfad níos cumasaí ná an cine daonna,” arsa Douglas Vakoch ón Institiúid METI (Messaging Extra-Terrestrial Intelligence) le CNN.

Tá tuilleadh fianaise ag teastáil ar ndóigh sula mbeifear in ann a rá gur comhartha saorga é, agus roinnt easaontais i measc réalteolaithe faoi cé chomh leithleach is atá sé, ach tá an oiread airde tarraingthe ag HD 164595 go bhfuil foirne as gach cearn den domhan anois ag díriú a dteileascóp ar an réalta, SETI ina measc.

Ar ndóigh, más ó shibhialtacht eachtardhomhanda atá an comhartha ag teacht, is scéal cinnte é go bhfuil siad i bhfad chun tosaigh orainne ó thaobh na teicneolaíochta de, ar a laghad.

Leanann an cuardach…

Fanaimis inár dtost!