Emoji rua ar an tslí!
Aitheantas faighte ag muintir na ruachta

A chairde rua, tá bhur lá ar tí teacht faoi dheireadh… tá emoji rua ar an bhealach!

Tá sé tugtha le fios ag Unicode – an dream a riarann na carachtair a úsáidtear ar líne – go bhfuil íocóin rua i measc na 67 emoji úrnua atá le heisiúint acu i Meitheamh 2018.

Bhí díomá ar dhaoine rua cúpla bliain ó shin nuair a seoladh siombailí nua emoji a léirigh dathanna éagsúla craicinn agus gruaige ach nár chuir gruaig rua san áireamh.

Eagraíodh achainí ar líne ag impí ar Unicode emoji rua a cheadú sa chéad eisiúint eile agus anois tarlóidh sé sin ar an bhliain seo chugainn.

Mar sin má tá gruaig rua agat nó má tá cara ruafholtach agat beidh tú in ann an pictiúr beag cuí a úsáid go luath.

Ní daoine rua amháin a bheas sásta ach an oiread mar go gcuirfear emoji maol, emoji le gruaig chatach agus emoji le gruaig bhán ar fáil chomh maith.

Is féidir iomlán na siombailí nua a fheiceáil anseo.

DÚSHLÁN: An féidir leat na leabhair Ghaeilge seo a aithint ‘as Emojis’?

  • PólÓ

    Tá áthas orm go bhfuil rud éigin le ceiliúradh ag ár gcairde dearga.