Fanaimis inár dtost!
Níl teagmháil uainn, a deir Hawking... & Dunbar

An bhfuil aon duine eile amuigh ansin?

Is í sin an cheist.

Ceist nach gcuireann muid orainn féin sa ghnáthshaol – go háirithe agus duine gafa i dtranglam tráchta agus tú ag iarraidh éalú abhaile ón obair – ach mar sin féin, ní féidir linn cúrsaí Gaeilge agus polaitíochta a phlé gan staonadh.

Tá an cheist seo á plé ag eolaithe, fealsúna, scríbhneoirí ficsin agus diagaithe le fada áfach, agus seans maith gur smaoinigh daoine air sula raibh na lipéid údaí sin againn ar chor ar bith.

An bhfuil eachtardhomhandaigh amuigh ansin san uilebhith, in áiteanna eile nach an domhan seo iad?

An mbeidís cosúil linn ar dhóigh ar bith?

An bhfuil beatha ar bith eile amuigh ansin?

Dá gcruthófaí go bhfuil a leithéid ann an mbeadh tionchar mór aige sin ar an saol anseo?

Nó, an bhfuil muid “linn féin” ar an phláinéad seo againn – an t-aon bheatha san uilebhith ar fad?

Nó, leoga, ar cruthaíodh an t-uilebhith ar fad díreach dúinne ar an domhan seo?

Níl deireadh leis na ceisteanna… agus caithfidh mé a bheith lom díreach leat – níl barúil agam féin.

Ach sílim gur féidir liom a mhaíomh go gcreideann bunús na n-eolaithe a bhfuil spéis acu san ábhar go gcaithfidh sé go bhfuil beatha de chineál éigin amuigh ansin, nó tá súil acu go bhfuil cibé ar bith.

Mar sin féin, cosúil le Dia nó Déithe – níl pioc fianaise ann.

seti

Is eol don chuid is mó againn is dóigh liom go bhfuil an cine daonna “ag éisteacht” le comharthaí ón chianspás, ag iarraidh fianaise a bhaint astu gur chruthaigh cineál beatha cliste iad.

Ar na tograí is mó acu seo ná an Institiúid SETI (Search for Extraterrestrial Intelligence) i gCalifornia.

Ach le blianta beaga anuas, tá eolaithe i SAM ag éirí bréan den éisteacht.

Tá machnamh á dhéanamh faoi láthair maidir lenar chóir nó ar cheart comharthaí a chraoladh chuig na pláinéid is cóngaraí dúinn.

Ba chóir a lua go ndearnadh é cheana ar bhonn teoranta agus go n-éalaíonn comharthaí teilifíse, raidió srl. amach sa spás ar scor ar bith.

Tá sé ráite ag príomhfheidhmeannach SETI, David Black, go “dtiocfadh dó go bhfuil go leor sibhialtachtaí amuigh ansin, ach má tá siad ar fad ag éisteacht agus mura bhfuil aon duine ag craoladh, ní tharlóidh dada.”

Mar sin de bunaíodh an Institiúid METI (Messaging to Extra-Terrestrial Intelligence) anuraidh chun taighde a dhéanamh i dtaca le teachtaireachtaí a chur amach chuig intleachtaí eachtardhomhanda.

Ach an smaoineamh maith é sin?

Dar le Douglas Vakoch, an fear a bhunaigh METI: “Is é an réaltacht ná, má tá sibhialtacht thar a bheith sarfhorbartha ann is féidir go bhfuil sé ar a cumas taisteal chuig an Domhan. Ach más amhlaidh an cás beidh sé ar a cumas chomh maith ár gcuid sceitheadh radaíochta tionóisceach (accidental leakage radiation) agus tarchuir raidió a bhrath.

“Má tá siad in ann taisteal ó phláinéad go pláinéad, tá a fhios acu cheana féin go bhfuil muid anseo.

“Mar sin,” a deir sé, “níl aon bhaol sa bhreis ann go léireoidh muid sinn féin do shibhialtacht a bhfuil sé ar a cumas dochar a dhéanamh dúinn.”

Ach d’éisigh baicle eolaithe a bhfuil spéis san ábhar acu ráiteas i mí Feabhra an bhliain seo a chuaigh thart, tráth sular bunaíodh METI agus ina raibh an díospóireacht faoi lán seoil.

Dúirt siad ann go mbeadh gá le díospóireacht eolaíoch, pholaitiúil agus dhaonnúlach a bheith ann sula gcuirfí aon teachtaireacht amach.

Mhaígh siad gurb cúis imní ábhar na dteachtaireachta agus na hiarmhairtí a bheadh air do gach duine ar domhan.

Deir go leor daoine a bhfuil suim acu san ábhar seo liom go gcreideann siad, dá mbeadh sé ar chumas do chineálacha beatha ó phláinéid eile teacht anseo nach mbeadh baol ann dúinn.

Mar go mbeadh sé riachtanach go mbeadh sé ‘éabhlóidithe’ go mór agus go mbeadh a dteicneolaíocht mar thoradh ar fhorásachas cultúir agus sóisialta.

realtra

Measaim féin go bhfuil sé sin saonta – agus iontach sotalach.

Ar chóir glacadh leis, má tá an cumas teicneolaíochta ag cineál, go leanann sé uaidh sin go mbeidh siad liobrálach forásach ina gcuid polaitíochta?

Measaim go léiríonn polaitíocht an lae inniu agus stair an chéid seo a chuaigh thart nach gá gur fíor é sin.

An aithneoidís gur neacha mothaitheacha sinne fiú?

Seans, ach gach seans nach n-aithneoidís.

Níor aithin na Naitsithe gurbh amhlaidh an cás le Giúdaigh, Giofógaí agus Slavaigh, díreach 70 bliain ó shin.

Nó Eorpaigh le beagnach gach dream eile ar an domhan seo sa tréimhse roimhe sin.

Agus níor aithin rialtas na hAstráile bundúchasaigh na críche sin mar neacha daonna go dtí mall sna 1960í.

Deir cuid daoine nach mbeadh creideamh ag na heachtráin seo, ach tá creideamh beo beathaíoch i gcuid mhór sochaithe a bhfuil ard-teicneolaíocht acu ar an domhan seo inniu.

Cá bhfios nach gcreidfidh eachtráin éigin gur bhronn dia s’acu ár bpláinéad orthu – nó gur leo na fíor-déithe agus go bhfuil sé de dhualgas orthu iallach a chur orainn géilleadh dóibh?

Nó cur i gcás, agus is dóiche é seo, go mbeidís beagáinín níos cliste ná muidne agus go n-amharcfaidís orainn mar a amharcann muid ar ainmhithe nach bhfuil díreach chomh meabhrach linn féin, goraillí mar shampla – nó níos measa arís – muca.

Caithfidh mé a rá go n-aontaím leis an Ollamh Steven Hawking ar an ábhar seo.

“Dá dtiocfadh eachtráin ar cuairt againn, bheadh an toradh cosúil leis an toradh a bhí ar theacht Columbus i dtír i Meiriceá, nach raibh deireadh maith ar an scéal aige do bhundúchasaigh Mheiriceá.”

Fanaimis inár dtost, a deirim.

Mar gach seans go bhfuil eachtráin chomh holc céanna is atá muid féin.


Craoladh leagan den alt seo mar cholún raidió ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Céadaoin 29 Meitheamh 2016.

  • Steve Ryan

    Cén fáth go mbeadh duine glacadh leis go bhfuil liobrálacha forásach chun cinn? Tá Hitler, Lenin, Stailín, Mao, Pol Pot agus fíú amhain an Chóiré Thuaidh mar samplaí de liobrálach, forásach polaitíocht.

  • Steve Ryan

    A chara, ní fuair mé “tograí” i mo foclóir…conas a d’aistreoinn é?

  • PólÓ

    Tóg go bog é a chairde. Ní bheidh nEachtrannach ag teacht chugainn anois. Go háirithe tar éis Breatimeact agus Trump sa bhliain chéanna.