Fios ag d’fhón cliste nuair atá tú ólta

Is féidir le gnáthghutháin chliste a bhrath nuair atá an iomarca ólta agat, trí anailís a dhéanamh ar an dóigh a siúlann tú.

Sa staidéar nua a foilsíodh sa Journal of Studies on Alcohol and Drugs i SAM, d’úsáid taighdeoirí gnáthfhón cliste lena fháil amach an raibh duine thar an teorainn óil tiomána.

Agus bhí na fóin in ann sin a dhéanamh go cruinn 90% den am gan ach monatóireacht a dhéanamh ar 10 gcoiscéim.

Chuir na taighdeoirí guthán cliste ar dhroim na rannpháirtithe sa staidéar, thug deochanna alcólacha dóibh agus, nuair a bhí siad thar an teorainn, d’iarr siad orthu 10 gcoiscéim a shiúl agus ar ais.

Mar gheall ar an teicneolaíocht bhraite sna fóin, bhí siad in ann a rá cé acu an raibh duine ólta nó nach raibh, bunaithe ar na hathruithe a tháinig ar a leagan siúil.

“Iompraímid braiteoirí cumhachtacha thart linn gach áit a dtéimid anois,” arsa Brian Suffoletto, an príomhthaighdeoir.

“Caithfimid teacht ar bhealaí chun iad a úsáid ar mhaithe le sláinte an phobail.”

Táthar ag meas anois go mbeifear in ann aip a dhearadh a déarfadh leis an úsáideoir cé acu an bhfuil nó nach bhfuil barraíocht alcóil ólta aige, agus a thabharfadh le fios dó an bhfuil cead aige tiomáint dá réir.