Gach bolcán, crith talún ó 1960
Beochan nua aga-dheighilte ar líne

Fonn ort gach bolcán agus crith talún a tharla ar domhan idir 1960 agus 2016 a fheiceáil ar bheochan aga-dheighilte (time-lapse) amháin?

Bhuel anois is féidir!

A bhuí le tionscnamh nua de chuid Institiúid Smithsonian sna Stáit Aontaithe, tá léarscáil den chruinne forbartha acu a léiríonn gach mór-imeacht nádúrtha a thit amach le 56 bliain anuas.

Mar a bheifeá ag súil, tarlaíonn tromlach na mbolcán agus na gcreathanna (iad siúd níos cumhachtaí ná 5 ar scála Richter) timpeall Imeall an Aigéin Chiúin ach lastar go leor codanna eile den mhapa chomh maith, an Eoraip san áireamh.

Sa bhliain 1978 thosaigh satailítí ag déanamh monatóireachta ar an dé-ocsaíd sulfair (SO2) a chuireann bolcáin amach san atmaisféar agus tá eolas ar astúcháin an ghais ar fáil ón uair sin ar aghaidh chomh maith.

Is iontach a gníomhaí is atá an pláinéad faoinár gcosa.

Cliceáil anseo chun an léarscáil a fheiceáil i mbun oibre!

  • PólÓ

    Féiceann Seapáin agus Meiriceá Laidineach a lán gníomhaíochta.