Là Twitter na #Gàidhlig 2017
Amárach an lá mór ar líne

Don 4ú bliain as a chéile beidh cainteoirí Ghaeilge na hAlban ag teacht le chéile, go fíorúil, chun an teanga a chur chun cinn ar an ardán sóisialta Twitter.

Is é amárach, Déardaoin 20 Aibreán, atá dáta atá roghnaithe le haghaidh Là Twitter na #Gàidhlig 2017.

Thosaigh Là Twitter na #Gàidhlig in 2014 nuair a chuir fear Ghlaschú Seumaidh Wallace tús leis an togra, é spreagtha ag iarrachtaí ar an taobh seo de Shruth na Maoile.

Seoladh 3,690 tweet sa chéad bhliain sin, agus 4,390 anuraidh, mar sin táthar ag súil go leanfaidh an fás seo ar aghaidh do 2017.

“Bha #Gàidhlig a’ treandadh ann an Inbhir Nis is Dùn Èideann ro 11m an-uiridh agus an uair sin air feadh na Rìoghachd Aonaichte dà uair an-dèidh,” arsa Seumaidh.

“Threandadh an taga-hais #Gàidhlig ann an Glaschu agus Baltimore sna Stàitean corr math is 24 uair!”

Chabhraigh cuntais mhóra Twitter, ar nós Chumann Sacair na hAlban @ScottishFA, leis an scéal a scaipeadh anuraidh agus bhí go leor scoileanna páirteach le linn an lae chomh maith.

Is é an sprioc atá ag Seumaidh agus a chairde go nglacfaidh 1,300 duine páirt sa togra amárach mar sin tabhair lámh, nó ordóg, chuidithe dóibh agus déan do ghiota ar son ár gcomhtheanga!


Seo cúpla frása le húsáid amárach:

Madainn mhath! Là Twitter na #Gàidhlig air feadh an t-saoghail an-diugh.
Maidin mhaith! Lá Twitter na #Gàidhlig ar fud an domhain inniu.

Taic bho Èirinn air Là Twitter na #Gàidhlig!
Tacaíocht ó Éirinn ar Là Twitter na #Gàidhlig!

An dòchas gu bheil Là Twitter na #Gàidhlig a’ còrdadh riubh uile!
I ndóchas go bhfuil Lá Twitter na #Gàidhlig ag taitneamh libh uilig!

Là Twitter na #Gàidhlig shona dhuibh!


Tá breis eolais faoi lá anseo.