Scanóir méarloirg anois ar chártaí creidmheasa


An gcuireann teicneolaíocht gan tadhall eagla ort?

Gur féidir le duine éigin do chárta a sciobadh agus é a úsáid gan d’uimhir bheith ar eolas acu?

Bhuel tá Mastercard anois ag iarraidh cuid den imní sin a mhaolú.

Mar chuid de thriail san Afraic Theas, tá cárta creidmheasa seolta acu ar a bhfuil braiteoir, nó scanóir, méarloirg sa choirnéal.

Ag úsáid na teicneolaíochta céanna is atá ar ghléasanna Apple agus Android, beidh an ‘cárta bithmhéadrach’ seo in ann do mhéarlorg a léamh agus, má tá sé mar an gcéanna leis an lorg atá cláraithe agat leis an bhanc, ceadófar an t-idirbheart.

Muna bhfuil an cárta in ann do mhéarlorg a léamh – abair, cuir i gcás, go raibh tú ag ithe taoschnónna siúcra roimh ré – beidh tú fós in ann d’uimhir PIN a úsáid chomh maith.

Dar le Mastercard go bhfuil an cárta ag obair “mar a samhlaíodh” agus go n-eiseofar é ar fud na hAfraice Theas níos moille sa bhliain.

Tá sé beartaithe go ndéanfar trialacha san Eoraip agus san Áise i dtreo dheireadh na bliana chomh maith.

Is forbairt shuntasach í seo i slándáil na baincéireachta pearsanta, cé nach bhfuil an teicneolaíocht bhithmhéadrach iomlán gan locht.

Léiríodh anuraidh mar shampla nach raibh de dhíth ort ach píosa Play-Doh leis an dallamullóg a chur ar bhraiteoir méarloirg ar ghlic-ghuthán!