Seo iontach: an leoraí trédhearcach
Aireagán den scoth a shábhálfaidh beathaí


Tá ‘Leoraí Sábháilte’ forbartha ag Samsung a ligeann duit breathnú timpeall orthu chun an trácht agus an bóthar amach chun tosaigh a fheiceáil.

Is iomaí drochrogha a rinne tiománaí taobh thiar de leoraí gan a bheith iomlán cinnte ar féidir dul tharais.

Sa bhliain 2009, tháinig an comhlacht dearthóireachta Art Lebedev aníos leis an choinceap ‘Transparentius’, dírithe ar shábháilteacht ar bhóithre.

A bhuíochas anois le hiarrachtaí Samsung, tá fréamhshamhail den trucail cruthaithe acu agus dóchas anois ann gur féidir leis an teicneolaíocht nua seo daoine a shábháil ar an bhás.

Tá ceamara gan sreang suite ag tosach an ‘Leoraí Sábháilte’ agus gach a bhfuil le feiceáil fríd an lionsa á léiriú ar cheithre phainéal ar chúl an leoraí mar a bheadh píosa scannáin nó físmhonatóir ann.

Go bunúsach, tá an ceamara ag feidhmiú mar a bheadh súile an tiománaithe – tá an carr taobh thiar den leoraí ach tá na ‘súile’ chun tosaigh.

Samsung na hAirgintíne a d’fhorbair an teicneolaíocht réabhlóideach seo, tír a bhfuil cuid de na staitisticí báis is measa ar domhan ann de bharr timpistí bóthair.

Le deich mbliana anuas, maraíodh scór duine ar an mheán gach lá ar bhóithre na hAirgintíne agus tharla an chuid is mó de na timpistí sin ar bhóithre dhá lána agus i gcásanna nuair a rinneadh iarracht feithicil a scoitheadh.

Ar cheann de na deacrachtaí is mó atá le sárú ag Samsung má bhíonn éileamh leathan ar na leoraithe sábháilte, tá an costas.

Beidh infheistiú mór ag teastáil le go mbeidh na leoraithe iontacha seo ar bhóithre na cruinne.

Tá Samsung ag obair leis an rialtas Airgintíneach chuige sin faoi láthair agus le grúpaí um shábháilteacht ar bhóithre.