Spéaclaí Snapaireachta
radharc ciorclach den domhan!

Bhí spéaclaí snapaireachta ‘Spectacles’ i measc na teicneolaíochta nua a tharraing aird ag MOJOcon, mórchomhdháil faoin iriseoireacht mhóibíleach, a reáchtáil RTÉ i nGaillimh thar an deireadh seachtaine.

Labhair NÓS le Sumaiya Omar a bhí i measc shaineolaithe Snapchat na féile lena thuilleadh a fháil amach faoin ghléas gloiní seo.


Ceamara inchaite atá sna spéaclaí snapaireachta seo ar a dtugtaí ‘Spectacles’.

Mar a thaispeánann Yusuf Omar (thíos ar dheis), fear céile Sumayia, a bhí ag caitheamh na spéaclaí le linn na comhdhála, tá cuma ghnáthphéire spéaclaí orthu.

I gcomparáid le Google Glass, ceamara inchaite a tháinig chun cinn roinnt blianta ó shin, creideann spéirbhean Snapchat Sumayia Omar (thíos) go bhfuil bua ar leith ag ‘Spectacles’ nach bhfuil ag a réamhtheachtaí.

“An rud is fearr ar fad faoi na spéaclaí seo ná gur féidir leat seatanna ciorclacha leathanuilleacha a thógáil,” ar sí le NÓS.

“Ciallaíonn sé sin nach bhfuil cinneadh ar bith le déanamh ag an té atá ag taifeadadh faoin seat a ba mhaith leo.”

“Is féidir leat cibé formáid a ghearradh ó fhíseán ciorclach, bíodh sé ceartingearach, tírdhreach nó cearnógach, agus sin an rud is nuálaí ar fad faoi,” ar sí.

A fhad is atá daoine i mbun díospóireachta faoi cé acu formáid is fearr a oibríonn ar Instagram, Facebook agus YouTube, is cosúil go bhfuil réiteach ag Snapchat ar an scéal.

Buntáiste eile a dhéanann níos tarraingtí ná Google Glass iad, dar le Sumaiya, ná go bhfuil siad an-simplí le láimhseáil ag an úsáideoir.

“Ceamara atá ann go bunúsach, a dhéanann taifeadadh ar ábhar agus a sheolann ar ais go dtí an aip é.”

Bhí ceist ann faoi dhearadh Google Glass agus é aitheanta mar chúis nár éirigh chomh maith sin leo.

Má tá bua ag Snapchat is é go dtuigeann siad an margadh óg agus tá spéaclaí cruthaithe acu a meallfaidh an tsúil óg, dar le Sumaiya.

Cé gur minic a spreagfar comhrá faoi eitic na Spéaclaí Snap – mar go bhfuil níos mó féidearthachtaí ann taifeadadh faoi rún i ngan fios do dhaoine eile – dúirt Sumaiya gur gá na rialacha céanna a leanúint.

“Má tá duine faoi agallamh agam, agus mé ag iarraidh é nó í a bheith páirteach i scéal Snap, caithfidh mé a rá leo go bhfuil mé ag taifeadadh, cuma má tá spéaclaí ar m’aghaidh nó glicghutháin i mo lámh.”


Is bunaitheoir na comhlachta meán cumarsáide HashtagOurStories í Sumayia Omar. Saineolaí í ar Snapchat agus bhí sí ag caint ar úsáid, ar fheidhmiúlacht agus ar sholúbthacht an ardáin ag #mojocon i mbliana.