Tá an Super Nintendo ar ais!
Le mionleagan clasaiceach

25 bliain ó bhuail an Super Nintendo Entertainment System cósta na hÉireann den chéad uair, tá an consól clúiteach cluichí ag filleadh le mionleagan clasaiceach.

Beidh an Super NES Classic Edition ar fáil ó Mheán Fómhair agus Nintendo ag súil go dtiocfaidh taom cumha orthu siúd a shuigh os comhair an chonsóil agus iad óg agus go spreagfaidh na seanchuimhní iad chun dul amach agus a lámha a fháil ar an mhionleagan úr.

Tá 21 cluiche san áireamh sa phacáiste, ó Super Mario World, Super Mario Kart agus Yoshi’s Island go The Legend of Zelda, Final Fantasy III, Street Fighter II agus Castlevania IV.

Sea, na seanchlasaicí uilig!

Cosnóidh an Classic Edition seo thart ar €70 ort agus dá mba mhian leat ceann a aimsiú moltar duit iarracht a dhéanamh a luaithe is a thagann sé ar an mhargadh mar go meastar éileamh mór bheith air.

Ansin thig leat an rialtán a chur i do lámha, Mario a stiúradh ar an scáileán agus dearmad a dhéanamh go bhfuil breis agus 20 bliain imithe i do shaol!