Wifi = ceart daonna
Idirlíon saor in aisce do 35 milliún duine san India

Tá sé fógartha ag an stát Indiach Kerala gur ceart daonna é an t-idirlíon agus gur chóir go mbeadh rochtain ag gach saoránach ar wifi saor in aisce.

Tabharfaidh an rialtas áitiúil anois faoi idirlíon saor in aisce a chur ar fáil ar fud an stáit sa bhliain go leith seo romhainn.

“Beidh an t-idirlíon ina cheart ag daoine feasta agus taobh istigh de 18 mí beidh an t-infreastruchtúr in áit chun é a sholáthar do chách,” arsa an tAire Airgeadais Thomas Isaac, ar ball de Pháirtí Cumannach na hIndia é.

“Cuirfear leathanbhanda ar fáil do gach teach agus beidh moil wifi saor in aisce i láithreacha poiblí ar fud an stáit.”

Tá Kerala cheana féin ar na stáit is fearr san India ó thaobh litearthachta de agus tá súil ag an rialtas go rachaidh an tseirbhís nua chun tairbhe don 35 milliún duine a chónaíonn ann.

K-Fon is ainm don togra ceannródaíoch agus meastar go gcosnóidh sé billiún Rupee, nó €14 milliún.

Tagann an cinneadh gan fasach seo le treoir de chuid na Náisiún Aontaithe a dhearbhaigh i Meitheamh 2016 go gcaithfidh daoine bheith in ann theacht ar an idirlíon chun a saoirse cainte a chinntiú.