Comórtas do thráchtairí óga spóirt ar RnaG

Tá daltaí scoile a bhfuil spéis acu i gcúrsaí sacair á lorg ag RTÉ Raidió na Gaeltachta do chomórtas atá á reáchtáil ag an stáisiún i gcomhar le Gaillimh Aontaithe, príomhchumann sacair na Gaillimhe. 

Beidh deis ag daltaí dara leibhéal i nGaillimh, i Maigh Eo agus i Ros Comáin cur isteach ar an gcomórtas. Bronnfar ar bhuaiteoir an chomórtais dhá thicéad don chluiche cáilithe do Chraobhchomórtas Sacair na hEorpa a bheidh ar siúl idir foireann na hÉireann agus foireann na hEilvéise i mBaile Átha Cliath ar an 5 Meán Fómhair, ticéad séasúir do chluichí Ghaillimh Aontaithe, €100 agus geansaí cochaill RnaG. 

Tá ticéad séasúir do chluichí Ghaillimhe Aontaithe chomh maith le geansaí sacair na foirne sin agus geansai cochaill RnaG le buachan ag an duine a thiocfaidh sa dara háit, agus ticead séasúir agus geansaí cochaill RnaG le buachan ag an duine a thiocfaidh sa tríú háit. 

Níl le déanamh ag daltaí dare leibhéal sna contaetha thuasluaite ach tuairisc a thaifeadadh ar an gcluiche idir Gaillimh Aontaithe agus Loch Garman a bheidh á imirt ar an 3 Bealtaine agus é a sheoladh chuig RnaG-GaillimhAontaithe@rte.ie. 

Tá painéal iriseoirí, tráchtairí agus saineolaithe sacair ceaptha ag RnaG leis na hiarrthóirí is fearr a roghnú as na hiarratais sin agus fógrófar an gearrliosta ar an gclár Spórt an tSathairn níos deireanaí i mí na Bealtaine. 

Beidh ar na hiarrthóirí ar éirigh leo sa gcéad bhabhta sin tuairisc eile a thaifeadadh ar an gcluiche idir Gaillimh Aontaithe agus Cábán tSíle ag deireadh mhí na Bealtaine agus a chur faoi bhráid na moltóirí arís. Roghnófar an buaiteoir as na hiarrthóirí sin i mí an Mheithimh.