Léargas iontach ar Paris faoi smacht na Naitsithe i leabhar nua

Cothrom an lae seo 77 mbliana ó shin, shaor na Comhghuaillithe Paris ó smacht na Naitsithe – bhí an chathair faoi smacht na Naitsithe ó 1940 go 1944. Tugtar cuntas ar an tréimhse forghabhála sin i leabhar Fraincise a foilsíodh le déanaí dar teideal Paris Allemand – Entre refus et soumission (‘Paris faoi smacht na nGearmánach – Idir Diúltú agus Géilleadh’) leis an staraí Dominique Veillon.

Seachas díriú ar chúrsaí polaitíochta agus míleata i bPáras na linne – rud atá déanta ag staraithe eile – bheartaigh údar an leabhair cur síos ar shaol an ghnáthdhuine agus an ghnáthshaighdiúra le linn na forghabhála agus ar an gcaidreamh eatarthu. Cén cineál meoin a bhí acu ar a chéile agus conas a réitigh siad le chéile? Trí mheán na litreacha, na ndialann agus na dtuairiscí ó phóilíní, is iontach an léargas a thugann Veillon ar na ceisteanna sin agus ar shaol na cathrach ag an am.

Bhí go leor airgid ag na saighdiúirí Gearmánacha le caitheamh sna bialanna, caiféanna, clubanna oíche, agus tithe striapachais (ar coinníodh súil ghéar orthu lena chinntiú nach raibh galair ná spiairí ag dul thart). Thapaigh siad an deis chun bia, éadaí agus earraí eile a chur ar ais chuig a muintir sa Ghearmáin, áit nach raibh na táirgí céanna ar fáil chomh flúirseach sin. 

Sna laethanta tosaigh, dá bhrí sin, shíl na saighdiúirí Gearmánacha go raibh an t-ádh orthu a bheith lonnaithe in Paris agus bhí ionadh ar mhuintir na cathrach ar a dhea-bhéasaí agus a chúirtéisí a bhí na saighdiúirí ina leith. Agus cé nár thaitin an fhorghabháil le pobal na cathrach, ba mhór a bhfaoiseamh nach raibh scrios agus creachadh gan srian i ndán dóibh – rud a bheadh i gceist mura raibh géillte ag arm na Fraince.

Ach de réir a chéile, tháinig deireadh leis an dea-thoil idir na Naitsithe agus an pobal. Diaidh ar ndiaidh, thuig na Naitsithe nach raibh fáilte rompu sa chathair agus gurbh fhánach dóibh féachaint le dul i gcion ar an bpobal. In amanna níor freastalaíodh orthu sna siopaí, sna bialanna, sa métro nó ar an tsráid. Tar éis tamaill, ní dhearna muintir na cathrach aon iarracht a ndrochmheas orthu a cheilt agus thosaigh siad ag spochadh as na saighdiúirí go hoscailte. Agus dá réir sin, tháinig sotal agus brúidiúlacht chun tosaigh i measc na nGearmánach. 

Laistigh de bhliain, chuaigh grúpaí frithbheartaíochta i muinín an fhoréigin chun cur i gcoinne smacht na nGearmánach. Chuir na Naitsithe na grúpaí sin faoi chois leis an lámh láidir: dá marófaí Naitsí amháin i ngníomh frithbheartaíochta, chuirfí thart ar 50 príosúnach cogaidh Francach chun báis mar dhíoltas.

Ach ní raibh sé d’fhuinneamh ná d’acmhainn ag formhór an ghnáthphobail éirí amach a fhad agus a bhí siad ar an ngannchuid de bharr na ciondála. Bhí orthu cúig nó sé huair a chloig a chaitheamh i scuainí gach lá chun an cineál bia is bunúsaí a fháil. Tháinig slí bheatha nua chun cinn dá dheasca: queuetière (‘scuanaire’), duine (bacach go minic) a ghearr táille as fanacht i scuaine thar ceann duine eile. De ghnáth ní bhíodh sé d’acmhainn ach ag daoine saibhre íoc as seirbhísí an scuanaire. 

D’éirigh le daoine saibhre teacht timpeall ar an anás ar bhealaí eile freisin. Bhí tóir acu ar shearbhóntaí arbh fheirmeoirí a muintir, cuir i gcás, toisc go mbíodh teacht ag na searbhóntaí sin ar bheartáin bhia ón mbaile: ‘Carb as do do mhuintir?’ an chéad cheist a chuirfí ar shearbhóntaí a bhí ag lorg poist le linn na forghabhála.

Tugadh rialacha suaracha isteach chun muintir Paris a choinneáil faoi leatrom ina gcathair féin. Dá dtiocfadh saighdiúir Gearmánach ina dtreo ar an gcosán, bhí orthu an tslí a ghéilleadh dó. Bhí cosc ar léirsithe poiblí agus ar aon ‘droch-chaint’ a dhéanamh i gcoinne na Naitsithe nó na forghabhála. I laethanta tosaigh na forghabhála bhíodh ráflaí agus eolas á scaipeadh sna scuainí os comhair na siopaí, ach nuair a chrom na Naitsithe ar dhaoine a ghabháil agus a chúisiú as an ‘droch-chaint’ ina gcoinne, tháinig deireadh leis sin. Is minic a d’fhan daoine ina dtost dá bharr, ar eagla go mbeadh spiaire ina measc a sceithfeadh orthu. 

Is go fonnmhar a chomhoibrigh mionlach Párasach leis na Naitsithe: den chuid is mó, is bithiúnaigh agus coirpigh a bhí i gceist, daoine a bheadh sásta obair ar bith a dhéanamh, dá shuaraí é, ar mhaithe le hairgead éasca. Ach bhí Párasaigh mheasúla áirithe (iriseoirí, fir eaglasta agus polaiteoirí ina measc) a thacaigh leis na Naitsithe, ar chúiseanna idé-eolaíocha uaireanta – toisc iad a bheith frith-Sheimíteach nó frithchumannach, mar shampla – nó díreach toisc gur shíl siad go mbeadh an bua ag na Gearmánaigh sa chogadh agus gur cheart glacadh leis luath seachas mall.

Ach níor chaill formhór na bPárasach a misneach riamh. D’éistidís go rúnda le Charles de Gaulle ar an raidió, an t-iarghinearál airm a dhiúltaigh géilleadh do na Naitsithe agus a bhunaigh rialtas ar deoraíocht sa Bhreatain. Thugadh sé teachtaireacht laethúil uaidh ar an BBC a bhí dírithe ar phobal na Fraince, é ag iarraidh a meanma a ardú agus a chur in iúl dóibh go raibh la France libre ann go fóill agus go dtiocfadh sí slán. Rud a bhí fíor, agus d’fhillfeadh de Gaulle ar an tír ina dhiaidh sin chun an Fhrainc shaor sin a stiúradh.