Is lá ciallmhar é An Satharn le haistriú go teach eile… shílfeá!
Ach tá a fhios ag na Gaeil go háirithe nach mar a shíltear a bhítear i gcónaí, go háirithe i gcás na bpiseog.
Agus na bocsaí deireanacha á gcur sa charr againn an Satharn úd, bhí muid lán dóchais ag amharc chun tosaigh ar ár saol nua faoin tuath.
Sin, sular thug tuismitheoirí ar an dá thaobh rabhadh ródaigh dúinn go mbeadh an mí-ádh gar inár ndiaidh.
Ní chuirfinn síos orm féin mar bhean phiseogach ach chroithfinn lámh le snag breac atá ina aonar, ní shiúlfainn riamh faoi dhréimire ina sheasamh agus seachnóinn cat dubh ar mo bhealach!
Seo 10 bpiseog ar fiú bheith ar an eolas fúthu ionas nach dtiocfaidh an mí-ádh anuas ort!
1) Ag aistriú tí? Ná bog isteach i dteach nua ar an Satharn nó deirtear nach mbeidh tú i bhfad sa teach!
2) Ná cur péire bróg nua ar an tábla! Má chuireann, beidh mí-ádh ort go deo!!
3) Más iascaire tú, seachain na mná rua!! Ná bí ag dúil le hiasc ar bith a mharú má fheiceann tú bean rua ar do bhealach amach ag iascaireacht!
4) Má fheiceann tú snag breac leis féin agus tú amuigh, bí cinnte agus beannaigh dó! Déan é nó beidh daor ort!
5) Buachaillí óga– má bhíonn sibh ag iarraidh sé troithe in airde a bhaint amach, ná seas faoi scáth fearthainne agus tú sa teach nó ní fhásfaidh tú oiread is orlach eile!
6) Tochas i do shrón? Bí cúramach nó ciallaíonn sin go mbeidh troid agat le duine éigin in aicearracht!
7) Ach, tochas i do bhos? Tá airgead ag teacht chugat in aicearracht!
8) Cluas te agat? Tá daoine ag caint fút! Drochrudaí nó dearudaí ní bheith a fhios agat ach bí cinnte go bhfuil siad ag caint fút.
9) Pota deas tae réidh agat? Ná measc le spúnóg é, má mheascann, beidh tú ag meascadh agus ag cruthú trioblóide duit féin!
10) Oíche chinn bliana agus tú amuigh ag baint sult as an chraic, nuair a bhuaileann clog an mheáin oíche, bí cúramach!
Ná póg, nó ná caith súil fiú, ar dhuine rua! Má dhéanann tú sin, beidh mí-ádh ort don bhliain ar fad amach romhat!