10 mbuaicphointe Oíche Chultúir

siamsa-rnag


Beidh béim nach beag ar an gcultúr sa tír seo anocht le himeachtaí beartaithe timpeall na tíre ar fad – thuaidh, theas, thiar agus thoir – chun Oíche Chultúir a cheiliúradh.

Fanfaidh ionaid ealaíon ar oscailt níos sia ná mar is iondúil chun deis a thabhairt do dhaoine freastal ar na hócáidí saor in aisce seo, le meascán de chainteanna, ceolchoirmeacha, taispeántais agus drámaí pleanáilte.

Rachaimid ar camchuairt timpeall na tíre san alt seo, féachaint cad iad na himeachtaí is mó a tharraing mo shúil!

San ardchathair a thosóimid…


Baile Átha Cliath

IMLE

An banna IMLÉ a bheidh ag soláthair an cheoil i gceannáras Fhoras na Gaeilge d’oíche shiamsaíochta, nuair a osclófar doirse an ionaid don phobal.

Ó 8in a bheidh siad i láthair agus tabharfaidh an file, agus eagraí REIC, Ciara Ní Éanacháin, blaiseadh dúinn dá saothar chomh maith.


Beidh deis arís ann anocht an dráma Smidiríní de chuid an chomhlachta M’Umbro Top a fheiscint, ní díreach babhta amháin, ach faoi dhó!

Is ag a 7in agus 8in a léireofar é i gClub Chonradh na Gaeilge.

Deirtear linn go mbeidh meascán de ghrá, scannal, greann, eagla agus dúnmharú fite fuaite tríd an seó seo!


Béal Feirste

sunflower

Beidh Raidió Fáilte ag craoladh ón Sunflower Bar inniu idir 4in agus 6in le neart ceoil, cainte agus craice ar an gclár acu.

Is í bean Chonamara agus an laoch nuachta Eoghan Ó Néíll a bheas ag láithriú… buailigí isteach má tá cois cuain.


Ar Shráid Talbóid, taobh amuigh d’ionad na n-ailtirí WhiteInk Architects, beidh brat de bhuidéil daite le feiscint.

Beidh deis ann dóibh siúd a théann thar bráid a gcuid smaointe i dtaca leis an gcathair a chur isteach sna buidéil!

Bíodh gur aislingí don gcathair atá iontu, nó conas feabhas a chur ar an áit, dar leat – do rogha féin!

Ar siúl go dtí 10in anocht.


Gaillimh

mairead-ni-mhaonaigh

Is í Mairéad Ní Mhaonaigh a bheidh mar bhean an tí do cheolchoirm mhór a reáchtálfar in Indreabhán, atá faoi stiúir Ealaíon na Gaeltachta.

‘Cliabhán an Chultúir’ atá lucht a eagraithe ag tabhairt air agus cloisfear ceol ó leithéidí Johnny Óg Connolly, Caoimhín Ó Fearghail agus Ciarán Ó Maonaigh, i measc scata eile.

Tabharfaidh Seosamh Ó Neachtain and Róisín Ní Mhainín taispeántas rince ar an sean-nós dóibh siúd a bheidh i láthair i Seanscoil Sailearna.

Beidh an t-aicsean ar fad le clos beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 8:30in.


Tá dlúthdhiosca nua-eisithe ag na deartháireacha Uí Iarnáin – Conal agus Oisín. Across the Sound atá air, agus seolfar go hoifigiúil é anocht i gCathair na Gaillimhe.

Is faoi Máirtín O’Connor a bheidh an cúram sin i dtigh tábhairne Fox’s, ar Shráid Forster.

Tá fáilte roimh chách ó 8.30in.


Ciarraí

placard-follamh

Is dírithe ar an ealaín a bheidh muintir an Daingin, le taispeántas ealaíne comhaimseartha in ionad An Lab:

Go tráthúil, le comóradh 1916 ag teannadh linn, is dírithe ar nádúr na hagóide agus an fhrithbhirt atá saothar nua an ealaíontóra Andrew Duggan, sa seó Placard Folamh.


Cymylau Tystion/Scamaill Fianaise an teideal atá ar shaothar Chiara Ní Fhloinn na tíre seo, agus Naomi Heath na Breataine Bige.

Tá an togra tras-chultúrtha fís-ealaíne seo bunaithe ar an taithí atá ag an mbeirt ealaíontóir seo ar mhiontheangacha.

Tosaíonn na himeachtaí ag 7in.


Dún na nGall

austens-women

Beidh deis an dráma Austen’s Women le Rebecca Vaughan a fheiscint sa Ghrianán anocht.

Déanann Vaughan cur síos ar na mná atá i leabhair Jane Austen sa léiriú seo, a taispeánadh cheana ag an bhFéile Fringe i nDún Éideann.

Saorchead isteach, agus beidh ceol agus siamsaíocht i mbeár an ionaid, tar éis an léirithe, a thosaíonn ag 8in.


Tír Eoghain

Maire-Ni-Choilm

Tá an grúpa Gaeilge Cairde Uí Néill in Oileán an Ghuail ar na chéad dreamanna i gContae na Láimhe Deirge chun ócáid a reáchtáil mar chuid den oíche mhór náisiúnta.

Anocht ag 9in i gClub Sóisialta Dhoire Treasc sa cheantar beidh an t-amhránaí aitheanta as Gaoth Dobhair, Máire Ní Choilm, ar ardán mar aon leis na ceoltóirí áitiúla Cathal Ó Néill agus Niall Hanna.

Beidh bia ar fáil agus an-craic geallta!


Tá na mílte imeacht eile ar siúl fud fad na hÉireann.

Tabhair cuairt ar culturenight.ieculturenightbelfast.com le haghaidh tuilleadh eolais.

SCÉALTA EILE