10 n-imeacht Ghaelacha!


IMRAM: Tionscadal an tSneachta, Éigse Éireann (Poetry Ireland), Cearnóg Parnell Thoir, BÁC, Déardaoin 30 Samhain @ 19:00 // Leabharlann na bhFuaimeanna Caillte, Amharclann Chúirt an Phaoraigh, BÁC, Dé Sathairn 2 Nollaig @ 15:00 // Club IMRAM na Nollag, Club an Chonartha, Sr. Fhearchair, Dé Sathairn 2 Nollaig @ 20:30

Tá cúpla ócáid beartaithe ag foireann na Féile Litríochta IMRAM an tseachtain seo i mBaile Átha Cliath.

Tá ábhar faoi leith roghnaithe mar théama acu don gcéad oíche, a bheidh ar siúl in Éigse Éireann sa chathair.

Tabharfaidh triúr filí cuntais ar dhánta agus haiku a bhaineann le téama an tsneachta, is iad sin Mícheál Ó hAodha, Gabriel Rosenstock agus Helen Ivory.

Beidh tionlacan acu triúr agus iad i mbun na filíochta, ón gceoltóir cumasach Enda Reilly.

Beidh íomhánna oiriúnacha curtha le chéile ag Margaret Lonergan a bheidh ar taispeáint ar chúl na n-aíonna le linn na hócáide.

Tá an leagan amach céanna ar ócáid an tSathairn, dar teideal Leabharlann na bhFuaimeanna Caillte.

Ceathrar filí a bheidh i mbun aithrise ar dhánta, le tionlacan an uair seo ón dealbhóir fuaime Fergus Kelly.

Bainfidh na dánta ar fad le fuaimeanna nach gcloistear a thuilleadh, agus is iad Marcus Mac Conghail, Doireann Ní Ghríofa, Proinsias Mac a’Bhaird agus Máire Dinny Wren a bheidh ag léamh a gcuid saothar.

Tráthnóna Shathairn beidh teacht le chéile atá á eagrú chomh maith ag lucht IMRAM ar siul i gClub Chonradh na Gaeilge, áit a mbeidh Seosamh Ó Murchú, Mícheál Ó hUanacháin, Caitríona Ní Chléircín agus Enda Reilly ar an láthair, ag léamh a gcuid filíochta agus i mbun an cheoil.

Club IMRAM na Nollag, Cuid a hAon atá siad ag tabhairt ar an ócáid, agus an dara hócáid sa tsraith beartaithe don 16ú Nollaig.

Tuilleadh sna seachtainí romhainn faoin imeacht sin.


Seoladh Amhrán na Bliana Ghradaim NÓS 2018 + Pop Up Gaeltacht na Samhna / Ruin Bar, Sr. na Teamhrach, Baile Átha Cliath, Déardaoin 30 Samhain @ 19:00

Is i dtigh tábhairne Ruin san ardchathair a bheidh an gabhar á rósta tráthnóna cinnte.

Beidh Bláthnaid Ní Chofaigh ar an láthair le fógra speisialta a dhéanamh faoi urraíocht do ‘Amhrán na Bliana’ ag Gradaim NÓS 2018 – tá an clár Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus RTÉ 2FM ag teacht le chéile le NÓS chun deis a thabhairt do bhuaiteoir na rannóige sin a gcuid ceoil a chur os comhar na tíre ar an bpríomhstáisiún náisiúnta ceoil.

Deis eisceachtúil aon uaire a bheidh anseo do cheoltóir óg éigin, agus fógróidh Bláthnaid agus Eoghan McDermott ó RTÉ 2FM an t-eolas uilig faoin duais anocht – fáilte mhór roimh chách, agus beidh sólaistí is blaisíní bia ar fáil.

Ina dhiaidh sin, beidh teacht le chéile míosúil na nGael i mBaile Átha Cliath ar siúl do Phreab-Ghaeltacht na Samhna san ionad céanna.

Seo go deimhin mí speisialta agus lucht an nóis seo ag ceiliúradh bliain ar an bhfód, comhghairdeas ó chroí leo!


Fleadh Feirste 2017 / Béal Feirste, 30 Samhain – 02 Nollaig

Tá meascán ana-bhreá d’imeachtaí beartaithe do Fhleadh Feirste na bliana seo, agus formhór acu sin ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Seolfar leabhar le Breandán Mac Suibhne, The End of Outrage, agus leabhar buacach Dhiarmuid Johnson, Conaire Mór, ar bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar an saothar le déanaí ag an Oireachtas.

Léireofar dráma bunaithe ar an tsraith teilifíse Fr. Ted le hAisteoirí na hÓmaí agus ceolfaidh an banna Ériú i nDánlann Dillon an ionaid.

Ní hiad an t-aon bhanna a bheidh ar an láthair, mar go mbeidh an chlann cheolmhar Na Mooneys ag seinnt le linn Fhéile seo na Ceathrú Gaeltachta chomh maith!

Anuas air sin tá siúlóid sléibhe faoi stiúr Chormaic Uí Adhmaill eagraithe don Domhnach go dtiocfaidh daoine chucu féin le blúire aclaíochta tar éis imeachtaí na féile.

Tá scata eile ar chlár na n-imeachtaí, sa bhreis ar an méid atá thuasluaite.

Is fiú súil a chaitheamh ar shuíomh na Cultúrlainne le blaiseadh níos cuimsithí a fháil ar an bhféile ina iomláine.

*Agus ag caint ar an gCultúrlann, ná déanaigí dearmad go mbeidh Liúnatics ann oíche Shathairn chomh maith!


DJ Will Softly / Club Áras na nGael, Gaillimh, Dé hAoine 1 Nollaig @ 21:00

Is é an dioscmharcach cónaitheach in Áras na nGael, DJ Will Softly, a bheidh ag roghnú an cheoil ann istoíche amárach óna 9in.

Scoth an cheoil dhomhanda atá geallta, agus comhluadar maith, mar a bhíonn i gcónaí san ionad seo!

Tá imeachtaí eile spéisiúla socraithe acu do na seachtainí romhainn, coimeád súil ar an leathanach seo, do na sonraí ar fad.


Seoladh ‘Nollaig Ó Gadhra: Cuimhní Cairde’ / An Siopa Leabhar, 6 Sr. Fhearchair, BÁC, Dé Sathairn 2 Nollaig @ 15:30

Is é Julian de Spáinn, Ard-Runaí Chonradh na Gaeilge, a sheolfaidh an leabhar dar teideal Nollaig Ó Gadhra: Cuimhní Cairde an deireadh seachtaine seo.

Roinneann siad siúd a raibh aithne acu ar Nollaig, ina measc a chairde agus a ghaolta, a gcuid cuimhní air sa saothar seo, atá curtha in eagar ag a iníon, an t-iriseoir Máirín Ní Ghadhra.

Is iad Cló Iar Chonnacht na foilsitheoirí. €12 ata air, agus cóipeanna ar díol Dé Sathairn sa Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair, ionad an tseolta.

Tá roinnt seoltaí eile beartaithe don ionad céanna go luath, coinnigh súil ar a leathanach Facebook le haghaidh tuilleadh eolais.


Aonach na Nollag / Coláiste Feirste, Béal Feirste, Dé Sathairn 2 Nollaig @ 11:00 + Aonach an Phátrúin / Halla Pobail na Rinne, Dé Domhnaigh 3 Nollaig @ 13:00

Tá an Nollaig ag teannadh linn agus is timpeall an ama seo bliana a bhíonn aontaí ar siúl i scoileanna na tíre le pobail éagsúla; cuirim i gcás daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí ag díol agus ag ceannach ar mhaithe leis na scoileanna.

Beidh aonach den tsórt sin ar siúl i gColáiste Feirste Dé Sathairn seo chugainn, le breis agus 20 seastán le bheith ann!

Díolfar bia agus deoch, beidh péinteáil aghaidhe ar bun, cloisfear ceol beo le linn an lae, agus neostar dom chomh maith go mbeidh an fear é féin, San Nioclás, ar an láthair agus go mbeidh deis ann grianghraf a fháil duit féin ina chomhluadar… cuimhnigh air!

Beidh San Nioclás gnóthach go maith an deireadh seachtaine seo mar go mbeidh sé i láthair chomh maith ag macasamhail d’ócáid a bheidh ar siúl sa Rinn.

Beidh Aonach an Phátrúin, nó margadh Nollag na nDéise, ar siúl i Halla an Phobail ar an Domhnach, áit a mbeidh deis agaibh roinnt de shiopadóireacht na Nollag a chur díobh, mar go mbeidh seastáin ann ag díol earraí a bheidh oiriúnach mar bhronntanais!

SCÉALTA EILE