Bíonn go leor imeachtaí iontacha ar bun mar chuid den fhéasta litríochta IMRAM gach aon bhliain agus tá ard-réimse i ndán do na Gaeil san ardchathair arís i mbliana.
Caitheann Eoin P. Ó Murchú súil ar an bhféile éachtach seo agus ar na himeachtaí is mó a bhfuil sé ag súil leo!
1) Cluiche na Corónach / Amharclann Smock Alley, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, Barra an Teampaill, BÁC, Déardaoin 13 Deireadh Fómhair @8in
Bhí cad é bús faoin tsraith is déanaí de Game of Thrones.
Is féidir a bheith cinnte de go mbeidh an-spéis go deo sa chéad aistriúchán Gaeilge den leabhar atá ar na bacáin le tamall.
Tá imeacht an-spéisiúil beartaithe ina mbeidh aisteoirí ag léamh ón aistriúchán nua Gaeilge agus in mbeidh ceol agus íomhánna Meánaoiseacha ag dul leis an léiriú chomh maith.
Tá mo thicéad ceannaithe agam cheana agus cóip den leabhar réamh-ordaithe!
2) Réaltneach / Amharclann an Pavilion, Bóthar na Mara, Dún Laoghaire, Dé Aoine 21 Deireadh Fómhair @8in
Nuair a cailleadh David Bowie bhí méala mór ar go leor agus luadh an tsamhlaíocht as an ngnách a bhí ann.
Tabharfar sin ar fad isteach sa Ghaeilge sa seó ilmheáin seo a leanann an nós atá ag IMRAM Gaelú a dhéanamh ar shaothar na mórcheoltóirí.
Gabriel Rosenstock a Ghaelaigh.
3) Víreas is ea teanga / Áras Scríbhneoirí na hÉireann, Cearnóg Pharnell, Dé Céadaoin 12 Deireadh Fómhair @6in
Tá cuma iontach ar an imeacht seo ina mbeidh Ciara Ní É ó REIC, Alan Titley agus scríbhneoirí eile ag gearradh píosaí litríochta is á gcur in ord nua le teacht ar scéal nó ar dhán úr!
Fáilte roimh dhaoine a gcuid píosaí féin a thabhairt leo is spraoi thart leo.
Scaiptear an víreas!
4) Léacht Uí Chadhain le Joe Steve Ó Neachtain / Coláiste na hOllscoile, BÁC, Léachtlann R, Déardaoin 6 Deireadh Fómhair @7in
Tá Léacht Uí Chadhain á tabhairt ag Joe Steve Ó Neachtain i mbliana.
Braithfimid uainn é ar Ros na Rún ach seo deis dúinn an fear ildánach seo a chlos ag cur de ar obair an Chadhnaigh agus eile.
Gearrscéalaí, scríbhneoir agus smaointeoir mór na Gaeilge paiteanta amach is amach, gan ach cur síos a dhéanamh ar Joe Steve.
B’fhiú seasamh sa sneachta ag éisteacht leis!
5) Taispeántas Clóghrafaíochta / Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Gráinseach Ghormáin, BÁC, Dé Luain 10 Deireadh Fómhair @6in
Beidh taispeántas clóghrafaíochta ann arís i mbliana.
Is dócha gur cuimhin le go leor daoine na píosaí áille ealaíne a bhí le feiceáil timpeall na cathrach agus an fhéile ar siúl blianta eile.
Tugann siad seo diminsin eile ar fad don fhocal scríofa.
6) Aifreann na Marbh / Amharclann Smock Alley, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, Barra an Teampaill, BÁC, DéAoine 7 Deireadh Fómhair @8in
Tá mórán cloiste agam faoi Aifreann na Marbh le hEoghan O Tuairisc.
Dán fada i bhfoirm aifreann éagnairce atá ann a dhéanann comóradh orthu siúd a d’fhulaing faoi bhuama adamhach na Meiriceánach i Hiroshima.
Ní raibh deis agam dul i ngleic leis i gceart fós áfach.
Beidh léamh, ceol agus taifead i gceist leis an seó seo, a bhfuil cuma na maitheasa air gan amhras.
7) Léamh agus agallamh poiblí le Alex Hijmans / Ionad an Phiarsaigh, Sráid an Phiarsaigh, Déardaoin 13 Deireadh Fómhair @6in
Tá leabhar nua scríofa ag fear ilteangach na hÍsiltíre dar teideal An Tearmann.
An babhta seo díríonn sé ar Éireannach atá ag cur faoi sa Bhrasaíl a tharraingítear isteach i scéal agus saol de chineál eile ar fad nuair a théann sé chun cónaithe le treibh bhundúchasach.
Glór muiníneach idirnáisiúnta a shíneann scóip litríocht na Gaeilge.
8) Mór-oíche cheoil is filíochta / Cúlstáitse Tivoli, 38 Sráid San Proinnsias, BÁC, Dé Sathairn 8 Deireadh Fómhair @8.30in
Beidh mór-oíche cheoil is filíochta ann chomh maith i mbliana agus táim ag súil go mór le halbam nua IMLÉ a chlos beo.
Ócáid an-tábhachtach ar fad – beidh Séamas Barra Ó Súilleabháin i láthair agus tá súil agam go bhfaighfear spléachadh ar an gcéad chnuasach uaidh, Beatha Dhónaill Dhuibh.
Más mall is mithid.
Is fiú éisteacht le Fé Gheasa, le Dairena Ní Chinnéide chomh maith.
9) Cuaifeach Mo Londubh Buí / Amharclann an Smock Alley, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, Barra an Teampaill, BÁC, Dé Máirt 11 Deireadh Fómhair @8in
Foilsíodh úrscéal seo Shéamais Mhic Annaidh sa bhliain 1983 agus táthar á mholadh ó shin.
Deis í seo dul i ngleic le húrscéal fíor-dhúshlánach.
Beidh fear an ghiotáir Steve Cooney á thionlacan agus is cinnte go bhfaighfear léargas as an nua ar an úrscéal buile craiceáilte mire seo.
10) Tionscadal Chaitlín Maude / Amharclann Smock Alley, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, Barra an Teampaill, BÁC, Dé Sathairn 15 Deireadh Fómhair @8in
Ba dhuine d’fhilí móra na 20ú haoise í Caitlín Maude.
B’amhránaí, drámadóir, aisteoir, oideachasóir agus gníomhaí polaitiúil í chomh maith.
Bhí sí bainteach le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, an feachtas in aghaidh an Chómhargaidh agus bhí bá aici le cimí na Ceise Fada.
Ceiliúraimis í!
Isteach linn sa bhád is bímis ag iomramh go hIMRAM!