10 scannán ar Netflix a chuirfidh síneadh leis an Nollaig

Hóhóhó! Tá Lá Nollag féin imithe tharainn ach tá áthas in san aer go fóill agus is é an t-am seo bliana an t-am is fearr le suí os comhair na teilifíse, do bholg ata, Bailey’s agus milseáin ar an mbord agus gan fios agat cén lá den tseachtain é féin.

Go deimhin d’fhéadfá rá go bhfuil an iomarca rogha scannáin ar fáil, ach scríobh mé an liosta seo de na scannáin Nollaig is fearr agus na scannáin a chuirfidh síneadh leis an Nollaig ar Netflix. 

Mar sin, suígí síos ar an tolg, cuirigí síos an tine, osclaígí an bosca Quality Street, ansin dún an bosca Quality Street agus caith an bosca Quality Street isteach sa tine mar níl aon mhilseáin deas i mbosca Quality Street, ansin oscail bosca Roses ina áit agus féachaigí ar cheann acu seo…


19) JUMANJI

Tá fios agam. An chéad scannán ar an liosta, agus níl baint ar bith aige leis an Nollaig i ndáiríre. Ach chonaic mé an scannán seo nuair a bhí mé i mo ghasúr óg ar aimsir na Nollaig agus bhíodh sé le feiceáil ar RTÉ 2 chuile bhliain ar feadh cúpla bliain ina dhiaidh sin. Robin Williams i mbarr a réime? Ní féidir é a shárú.

Netflix na Nollag? 1/10

Scannán maith? 7/10

9) ANNIE

Ceart go leor, ní scannán Nollag amach agus amach é seo ach an oiread, ach mura bhfeiceann tú ar a laghad ceoldráma amháin thar thréimhse na Nollaig, céard atá ar siúl agat? Agus a leithéid de cheoldráma. Is é ceann de na ceoldrámaí is deise a déanadh riamh é, agus fiú an ceann is déanaí a tháinig amach i 2014 le Jamie Foxx i ról Daddy Warbucks, ní féidir leis an ceol a mhilleadh, cé go ndéanann sé a dhícheall. 

Netflix Na Nollag? 5/10 

Scannán maith? 7/10

8) MATILDA

Seo é an ceann deiridh nach scannán Nollag é, geallaim daoibh. Céard is féidir a rá faoi Matilda? Cuirfidh sé gliondar ar do chroí. Tá an oiread radhairc eisceachtúla sa scannán seo. Bruce Bogtrotter agus an cáca, The Trunchbull ag caitheamh cailín óg ar nós go bhfuil sí ag caitheamh meáchain agus aon radharc a bhfuil Danny DeVito ann. Scannán iontach.

Netflix na Nollag? 3/10

Scannán maith? 9/10

7) THE CHRISTMAS CHRONICLES 

Seo scannán a tháinig amach ar Netflix an mhí seo faoi Dhaidí na Nollag agus é mar chara ag beirt ghasúr óg. Meascán idir Elf agus The Santa Clause, ach gan an croí céanna ann agus atá i gceachtar acu siúd. Is dóigh go gcuirfidh sé fonn na Nollag ort a fhad is atá tú ag breathnú air, ach nuair a bheidh sé thart déanfaidh tú dearmad go bhfaca tú ar chor ar bith é.

Netflix na Nollag? 9/10

Scannán maith? 2/10 

6) JACK FROST

Scannán faoi athair a iompaíonn isteach ina fhear sneachta. Caithfidh mé rá, is scannán fíor aisteach é seo agus ag breathnú siar ar mar dhuine fásta, níor thuig mé cé chomh brónach is a bhí sé. Ach le Michael Keaton sa príomhpháirt agus le cúpla jóc maith, déanann sé cúis mar scannán maith. 

Netflix na Nollaig? 6/10

Scannán maith? 5/10

5) NATIVITY

Scannán deas é seo faoi mhúinteoir atá ag iarradh dráma na Nollag a chur ar stáitse le gasúir nach bhfuil tuairim acu céard atá siad a dhéanamh. Tá an scéal sách simplí, ach tá na páistí gleoite, agus is féidir breathnú ar Martin Freeman i rud ar bith mar is aisteoir den scoth é.

Netflix na Nollag? 7/10

Scannán maith? 6/10

4) THE MAN WHO INVENTED CHRISTMAS

Scannán deas faoi Charles Dickens agus é ag déanamh iarracht A Christmas Carol a scríobh agus inspioráid á lorg aige. Nílim cinnte cé chomh cruinn is atá an scéal, ach tá sé barrúil agus spraíúil, agus má thaitin A Christmas Carol leat, nó Dickens go ginearálta, b’fhiú súil a chaitheamh air.

Netflix na Nollag? 7/10

Scannán maith? 7/10 

3) BOJACK HORSEMAN CHRISTMAS SPECIAL

Ceart go leor, is sraith teilifíse é Bojack Horseman, ach dhá bhliain ó shin rinneadh clár speisialta don Nollaig, agus b’fhiú súil a chaitheamh air. Más duine de lucht leanúna na sraithe thú, tá gach rud ann atá uait ó Bojack. An ghruamacht, an greann agus an t-alcól, ach tá teachtaireacht dheas aige ag an deireadh freisin agus dóibh siúd nach leanann an tsraith, is bealach maith é chun tosú leis an tsraith iontach seo.

Netflix na Nollag? 6/10

Scannán maith? 8/10

2) LOVE ACTUALLY

Ó chonaic mise an scannán seo ar dtús, ní féidir liom Nollaig a scaoileadh tharam gan féachaint air. Briseann mo chroí i gcónaí nuair a fhaigheann Emma Thompson an dlúthdhiosca Joni Mitchell mar bhronntanas, agus bím sna tríthe ag gáire faoi Rowan Atkinson ina sheodóir. Ní oibríonn chuile scéal dar ndóigh, agus is léir aois an scannáin ó am go chéile, ach is aoibhinn liom é mar scannán. 

Netflix na Nollaig? 10/10

Scannán maith? 8/10

1) SHARKNADO

B’fhéidir nach mise an duine is fearr le liosta mar seo a scríobh…Nollaig Shona!

Scannán maith 11/10

SCÉALTA EILE