11 fhíric faoin Phiarsach

Bhí tionchar mór millteach ag Pádraig Mac Piarais ar chinniúint na tíre agus ba fhear é a raibh lámh aige sna healaíona, san oideachas, san fhealsúnacht agus sa dlí.

Sa leabhar nua ‘An Piarsach agus 1916: Briathar, Beart agus Oidhreacht’, arna chur in eagar ag Gearóid Ó Tuathaigh, déantar plé ar na gnéithe seo ar fad.

Tá go leor rudaí ann a chuirfeadh iontas ar dhuine, mar a fuair Eoin P. Ó Murchú amach.


1) Fear mór tae bhí sa Phiarsach

tea

“Níor theasc ar bith ar an bPiarsach sé chupán tae a ól as cosa i dtaca,” dar le Colm Ó Máille.


2) An Ghaeilge ar stampaí

Stampai

Dúirt an Piarsach go mb’fhéidir go bhfeicfeadh muid an lá fós a mbeadh Gaeilge ar stampaí.

Nach spéisiúil go raibh an ceart aige.


3) Bhí a thuar i dtaobh na bliana 2006 measartha cruinn

nostradamus

Scríobh an Piarsach scéal darb ainm In My Garden in 1906, scéal faoi dhuine atá an-chosúil leis féin a dhúisíonn sa bhliain 2006 agus a fhaigheann amach gur baineadh saoirse amach tar éis 1911.

Sa tír nua seo, tá stádas ard ag an gcultúr agus ag an nGaeilge agus faightear amach go bhfuil an tSeapáinis i réim go hidirnáisiúnta.

Faigheann sé amach go bhfuil an India agus an Afraic Theas saor chomh maith.

Nostradamus na nGael!


4) Sasanach a bhí ina athair

stone

Bhí cúlra an-mheasctha go deo ag an bPiarsach. Paddy nó Pat a thugadh a mhuintir air.

Saor cloiche a bhí ina athair agus bhain a shin-seanathair – taobh na máthar – le Contae na Mí, áit a raibh ciorcal scoláirí agus cainteoirí Gaeilge sna 1820í.

Deirfiúr a sheanathar, Aint Margaret, an duine is mó a raibh tionchar aici ar an bPiarsach óg ó thaobh tuiscint a thabhairt dó ar an gcultúr Gaelach.

Thug sí mórán amhrán agus scéalta seanchais dó.


5) Múineadh Gaeilge ar scoil dó, rud neamhchoitianta

Christ

Ba cheann de chortha iontacha an tsaoil é gur fhreastail an Piarsach ar scoil a raibh an Ghaeilge á múineadh inti.

D’fhreastail sé ar mheánscoil na mBráithre Críostaí i Rae an Iarthair.

Bhí scoileanna na mBráithre ar an mbeagán scoileanna ina múineadh an Ghaeilge an tráth sin.


6) An tOideachas Dátheangach

Bel

Chaith an Piarsach tréimhse sa Bheilg in 1905 le hanailís a dhéanamh ar an gcóras scolaíochta dátheangach ann.

Spéisiúil go leor, níor chreid sé sa Ghaeloideachas mar a thuigfí sa lá atá inniu ann é ach san oideachas dátheangach.

Chreid sé gur chóir go mbeadh cead ag scoileanna in áiteanna áirithe sa Ghaeltacht an Fhraincis a roghnú mar an dara teanga agus gan bacadh leis an mBéarla in aon chor, dá mba mhian leo.


7) Na Gaeil agus an troid

Fight

Maidir le feachtas na hollscoile Gaelaí, bhí ráiteas aige atá spéisiúil dúinne sa lá atá inniu ann:

“Bhí dúil ag Gaedhealaibh sa troid riamh. Is fearrde iad é.”


8) Cultas an Laochais?

Scoil eanna

Tugtar le fios go raibh an Piarsach dúghafa le laochas fireann agus go ndearna sé é a bhrú ar dhaltaí Scoil Éanna.

Déantar dearmad go raibh Robert Baden-Powell, a bhunaigh na Gasóga, ag scríobh ar chultúr na seanridirí a athbheochan i measc na mbuachaillí agus gur chreid sé go láidir gur buille é seo ar son na moráltachta.

Cuireann an méid sin scríbhinní an Phiarsaigh agus a chuid tuairimí faoi Chú Chulainn agus mar sin de i gcomhthéacs ceart.


9) Gach seans go ndéantar mí-léamh ar an dán cáiliúil ‘Fornocht do chonac thú’.

Pic

Do thugas mo ghnúis
Ar an ród seo romham,
Ar an ngníomh do chím
‘S ar an mbás do gheobhad.

Foilsíodh é den chéaduair i 1912 agus seans gurbh fhearr é a léamh de réir dhearcadh an Rómánsachais nach féidir an bás a sheachaint seachas mar fhógra beag do chách go raibh sé ag súil le bás a fháil san Éirí Amach.


10) Níor thaitin an Béarlachas leis

adding

Chreid sé nár cheart téarmaí ar nós ‘subtrachtáil’ agus ‘divideáil’ a úsáid i múineadh na matamaitice, ós rud é go raibh téarmaí cearta Gaeilge ag múinteoirí.


11) Duine millteanach bisiúil a bhí ann

Hand writing using quill pen

Ón uair a ceapadh é mar eagarthóir ar ‘An Claidheamh Soluis’ i 1903 go ceann 6 bliana ina dhiaidh sin scríobh sé 250,000 focal faoin oideachas, díreach sna heagarfhocail amháin!

Anuas air sin, rinne sé staidéar ar nuatheangacha agus ar an dlí ag an am céanna!


Tá an t-eolas thuas agus i bhfad Éireann níos mó ar fáil sa leabhar ‘An Piarsach agus 1916: Briathar, Beart agus Oidhreacht. Clúdach bog, €15, Cló Iar-Chonnacht.

* Beidh neart cur agus cúiteamh faoi Phádraig Mac Piarais ag Scoil Samhraidh an Phiarsaigh i Ros Muc, Conamara, an deireadh seachtaine seo agus tá fáilte roimh chách a bheith i láthair. Tuilleadh eolais anseo.

SCÉALTA EILE